Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Mar 1977

Vol. 298 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Nuachtán “Amárach”.

4. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar a chumas fós aon ráiteas nua a thabhairt faoi chúrsaí Amárach agus faoi chomh luath is a bheidh sé in ann a fhógairt go seasfaidh sé leis an bpáipéar tábhachtach sin trí bhreis airgid a chur ar fáil don lucht stiúrtha.

Tar éis dom cúrsaí Amárach a phlé le lucht an nuachtáin an mhí seo caite d'iarr mé ar Bhord na Gaeilge scrúdú a chur á dhéanamh ar na cúrsaí sin. A luaithe a bheidh an toradh ar fáil breithneoidh mé an scéal tuilleadh.

Cén fáth gur cheap an tAire go mba ghá iarraidh ar Bhord na Gaeilge scrúdú a dhéanamh ar an gceist seo?

Bhí cruinniú agamsa le bord stiúrtha an nuachtáin Amárach mí ó shin. Bhíomar ag plé cuid mhaith fadhbanna atá acu agus conas ab fhéidir iad a réiteach. Dob í tuairim mo Roinnse agus tuairim lucht stiúrtha an nuachtáin go mba chóir dúinn independent assessment a fháil ar an nuachtán, agus d'aontaigh gach éinne gurab é Bord na Gaeilge an t-eagras ab oiriúnaí chun an obair sin a dhéanamh.

Nach nglacfadh an tAire nach bhfuil rud ar bith níos tábhachtaí chomh fada agus a bhaineann le meáin cumarsáide ná go mbeadh páipéar seachtainiúil sa Ghaeltacht agus go mba cheart dúinn a bheith fial le h-airgead? Is trioblóidí airgid atá i gceist anseo agus ní gá do Bhord na Gaeilge ná éinne eile é sin a chur in iúl dúinn. Cúnamh airgid atá ag teastáil agus ní ceart dúinn a bheith sprionlaithe leis na daoine seo agus an dea-obair atá á déanamh acu. Má táimid chun an Ghaeltacht a shábháil glacfaidh an tAire go gcaithfear páipéar seachtainiúil i nGaeilge a bheith ann, agus níos déanaí, páipéar laethiúil.

Sin é díreach an aidhm a bhí agamsa, agus ó thaobh na nuachtán Gaeilge de chabhraigh mé go fial leis na nuachtáin go léir ó ceapadh mar Aire mé. I gcás an nuachtán Amárach, i 1972 dob é an deontas a fuair Amárach ná £100, agus i 1976 tá sé dúbailte agus tá méadú tugtha do gach nuachtán Gaeilge eile. Mar adúirt mé, tá fadhbanna ag Amárach, agus i Mí Bealtaine seo caite dúirt mé le lucht stiúrtha Amárach dá ndéanfadh siad iarracht an díolachán a mhéadú agus tacaíocht a fháil ó mhuintir na Gaeltachta don pháipéar sin go mbéinn sásta púnt don phúnt a thabhairt nó rud éigin mar sin. Nuair a tháinig lucht stiúrtha Amárach chun cainte liom mí ó shin cuireadh in iúl dom, cé go ndearna siad teagmháil le thar 70 eagrais ar fud na Gaeltachta, nach bhfuair siad freagra ach ó thrí cinn. Bhí sé soiléir ansin nach raibh tacaíocht mhuintir na Gaeltachta á tabhairt don nuachtán seo. B'fhéidir go raibh fadhbanna eagarthóireachta ann nó fadhbanna díolacháin, ach ag deireadh an chruinnithe sin d'aontaíomar go mba chóir dúinn féachaint isteach ceart nó suirbhéireacht a dhéanamh, agus tá iarrtha ar Bhord na Gaeilge é sin a dhéanamh.

An bhfuil sé fíor gur dhúirt an tAire ag an gcruinniú sin le teachtaí a tháinig ón gcomharchumann i gConamara nach raibh sé féin sásta le polasaí eagarthóireachta an nuachtáin seo agus gur luaigh sé alt a bhí ann faoi chonspóid a bhí taobh istigh de Pháirti Fhine Gael i gConamara agus go ndúirt sé leo nach raibh sé sásta go mbeadh siad ag scríobh faoi rudaí mar sin? Chomh maith leis sin, an ndúirt sé leis na teachtaí nach raibh sé sásta deontais bhreise a thabhairt dóibh os rud é go raibh fear ag obair don pháipéar a rinne cur isteach air féin ag Ard-Fheis Fhine Gael i mBóthar na Trá? An bhfuil na rudaí sin fíor?

Ráiméis atá á rá ag an Teachta anois—ráiméis.

Agus ní chabhróidh an ráiméis sin ar chor ar bith——

(Cur isteach.)

Tá deacrachtaí anmhór ar fad ag Amárach——

(Cur isteach.)

Tá lucht stiúrtha Amárach an-bhuíoch díomsa agus tá siad an-shásta leis an suirbhéireacht atá ar siúl faoi láthair.

Ar aghaidh linn anois.

An bhfuil sé fíor?

Dúras cúpla nóiméad ó shin gur phléamar an cheist agus níl an Teachta ag cabhrú ar chor ar bith le Amárach. Sé adúras ná gur phléamar an cheist go hiomlán le lucht stiúrtha Amárach, ceisteanna eagarthóireachta, díolacháin, distribution system, costaisí clódóireachta agus gach rud mar sin agus go háirithe dúras leo nuair a bheadh sé soiléir domsa go bhfuil muintir na Gaeltachta sásta an nuachtán seo a cheannach agus tacaíocht a thabhairt dó, ansin beidh mise sásta cabhrú go fial chun an nuachtán sin a chur ar bun.

(Cur isteach.)

Ba mhaith liom an cheist seo a phlé ar an Athló.

Tabharfar freagra don Teachta ar ball.

Top
Share