Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 31 Mar 1977

Vol. 298 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhlachtaí Gaeltachta.

18. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é luach an scairchaipitil a thóg Gaeltarra Éireann sna comhlachtaí go léir a bunaíodh ó 1970 anuas; ague cad é iomlán na ndeontas a íocadh leo.

19. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad de na comhlachtaí a bunaíodh ó 1970 ar theip orthu; agus cé mhéad cás acu sin a ndearnadh aisíoc le Gaeltarra Éireann ina leith.

20. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad comhlacht gnó a bunaíodh sa Ghaeltacht ó 1970 anuas; agus cad é iomlán na ndeontas fostaithe dá bharr sin.

Le cead an Cheann

Comhairle tógfaidh mé Ceisteanna 18, 19 agus a 20, le chéile.

Tá eolas den saghas atá á lorg, anuas go dtí deireadh na bliana 975, ar fáil i gcuntais agus i dtuarascálacha Ghaeltarra Éireann a leagadh faoi bhráid na Dála. Mar chabhair don Teachta, áfach, tá eolas bailithe i bhfoirm tábla agus cuirfear timpeall é sa Tuairisc Oifigiúil.

Déanfar gach dícheall chun cuntais agus tuarascáil 1976 a leagadh faoi bhráid na Dála a luaithe is féidir ach, idir dhá linn, ní ceart a iarraidh ar Ghaeltarra am a chaitheamh ar fhigiú cruinne caitheachais et cetera a chur ar fáil.

Chomh maith leis sin ní léir cén bhrí atá ag 1970 sna ceisteanna.

Seo a leanas an tábla:

Go dtí deireadh na bliana

1970

1975

An méadú don tréimhse 5 bliana 1/1/71 go 31/12/75

£

£

£

Comhthionscail 7 fothionscail:

Scairchaipiteal ag Gaeltarra

305,900

4,454,944

4,149,044

Deontais íoctha ag Gaeltarra

712,098

5,484,627

4,772,529

Líon

Líon

Líon

Líon na gcomhlachtaí nach raibh ann i 1970 ach a raibh teipthe orthu 31/12/75

4

4

An líon díobh sin inar aisiocadh deontais le Gaeltarra

Líon na gcomhlachtaí (ar a n-áirítear rannóga trádála Ghaeltarra i 1970)

13

59

46

Líon na bhfostaithe lánaimsire iontu

1,017

1,723

706

Miontionscadail:

An líon ar cabhraíodh leo

74

178

104

Líon na bhfostaithe lánaimsire iontu

456

1,197

741

Thug an tAire eolas dom nach raibh mé á iarraidh. Bhí mé ag iarraidh briseadh síos a fháil i dtaobh na gcomhlachtaí gur theip orthu agus cén aisíoch a rinneadar le Gaeltarra Éireann?

Tá eolas anseo agam i dtaobh líon na gcomhlachtaí nach raibh ann roimh 1970 agus ar theip orthu roimh 1975—ceithre cinn.

Céard faoi 1976?

Mar adúras, níl sonraí ann toisc nach bhfuil tuarascáil ann i dtaobh 1976.

An bhfuil an tAire ag rá nach féidir le Gaeltarra Éireann a rá leis cad a tharla ó thús 1976?

Tá a fhios ag an Teachta go dtógann sé tamall maith na sonraí go léir atá ag teastáil uaidh a fháil. Tá an chuid is mó den eolas atá ag teastáil ón Teachta le fáil i dtuarascálacha Ghaeltarra Éireann.

Tá cead agus ceart agam ceisteanna a chur ar an Aire chun an t-eolas seo a fháil. Tá mé ag rá leis an Aire nár thug sé aon eolas dúinn faoi imeachtaí Ghaeltarra i 1976 suas go dtí Eanáir, 1977.

Is féidir sonraí mar sin a fháil ach caithfidh an Teachta a bheith réasúnta. Cuirtear tuarascálacha Ghaeltarra faoi bhráid na Dála gach bliain ach tá siad go fóill ag obair ar thoradh 1976 agus ritheann an bhliain ó Eanáir go Nollaig. Má iarrtar orthu figiúirí i dtaobh na bliana tógfaidh sé am maith chun é sin a dhéanamh. Má theastaíonn ón Teachta daoine a chur ag obair mar sin, déanfaidh mé é dó.

Níl mé mí-réasúnta ach tá sé riachtanach go dtuigfeadh an tAire go bhfuil Dáil Éireann i gceist maidir le caiteachas, go mórmhór caiteachas atá sách mór agus ba chóir go mbeadh an t-eolas le fáil anseo. Sin é an saghas job atá á dhéanamh agam anseo. Muna nglacann an tAire leis sin ní mórán eile is feidir liom a dhéanamh.

Níl aon fhonn ormsa bheith mí-réasúnta. Thug mo Roinnse an t-eolas a bhí acu dom. Má cheapann an Teachta gur chóir dom sonraí a fháil go dtí an lá seo, iarrfhaidh mé ar mó Roinn an féidir iad a fháil agus cuirfidh mé iad chuig an Teachta chomh luath agus is féidir.

21. D'fiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid ar fad a tháinig ar ais chuig Gaeltarra Éireann mar bhrabach nó aisíoc ó na comhlachtaí go léir a bunaíodh ó 1970 anuas.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann nach bhfuair siad aon díbhinní go fóill ó na comhlachtaí ina bhfuil scaireanna acu.

Tá an tAire ag rá liom nár tháinig aon aisíoc nó dividend ar bith do Ghaeltarra Éireann ó chomlacht ar bith ó 1970.

Tá sé sin fíor ach amháin ón rannog cniotála. Bhí brabach acu—£30,000 i 1975 agus £120,000 anuraidh.

Taobh amuigh den airgead sin, cad mar gheall ar an aisíoc ó na deontais ar fad maidir le Gaeltarra Éireann?

Ó thaobh na ndeontas, ní bhíonn aon aisíoc i gceist. Maidir leis na scaireanna, bíonn rud éigin ag teacht isteach. Níl cuid de na comhlachtaí seo bunaithe ach cúpla bliain agus bhí deacrachtaí eacnamaíochta ann ag brú orthu. I gcuid mhaith acu is déantús fite a bhí i gceist agus níl sé réasúnta bheith ag súil le díbhinní ó na comhlachtaí sin.

Top
Share