Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 May 1977

Vol. 299 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarcha i nGaeltacht Chonamara.

12. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an eol dó go bhfuil deacrachtaí ag monarcha (ainm luaite) i nGaeltacht Chonamara agus go bhfuil baol ann go gcuirfear seachtain trí lá oibre ar bun; agus céard tá beartaithe ag a Roinn agus ag Gaeltarra Éireann chun deimhniú nach dtarlóidh a leithéid.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go raibh deacrachtaí sealadacha ag an tionscal sin roinnt seachtain ó shin ach gur sáraíodh iad agus nach bhfuil seachtain oibre trí lá i gceist anois.

Tá a fhios ag an Aire, is cosúil, go raibh deacrachtaí ann, agus an n-aontódh sé gur de bharr na ceiste seo a tháinig deireadh an-scioptha leis na deacrachtaí seo?

An t-eolas atá agam, mar adúirt mé, ná go raibh deacrachtaí ann, gur sáraíodh iad agus níl seachtain trí lá i gceist anois.

Ní hí sin an cheist a chuair mé ar an Aire ar chor ar bith. An n-aontódh sé gur de bharr na ceiste seo a tháinig deireadh leis na deacrachtaí a bhí ag an monarcain?

Bhí deacrachtaí margaíochta ann agus réitíodh iad.

Cén uair a tháinig deireadh leis na deacrachtaí nó cén uair a sáraíodh iad?

Ní thuigim ceist an Teachta.

When were the difficulties solved? An bhfuil an t-eolas sin ag an Aire?

Is é an t-eolas atá agamsa ná gur cuireadh na deacrachtaí ar réiteach agus go bhfuil gach rud faoi lántseol arís.

Theastaigh uaim a fháil amach an raibh deacrachtaí ann agus an raibh baol ann go gcuirfí seachtain trí lá oibre ar bun. D'fhiafraigh mé freisin ag deireadh na ceiste céard a bhí beartaithe ag an Roinn agus ag Gaeltarra Éireann chun deimhniú nach dtárlóidh a leithéid. Is cosúil go raibh beart éigin idir Ghaeltarra Éireann agus an Roinn agus an monarcha le go dtiocfadh deireadh leis na deacrachtaí, agus sílim go mba cheart go mbeadh an t-eolas ag an Aire cén uair a tháinig deireadh leis na deacrachtaí nó a sáraíodh iad.

Tá mé sásta go bhfuil an monarcha ag dul ar aghaidh go maith arís.

An é an cás nach dtugann Gaeltarra Éireann an t-eolas don Aire?

Caithfidh mé fiosrú a dhéanamh arís, mar níl ach an t-eolas a bhí ag teastáil so cheist curtha ar fáil agam agus níl aon eolas breise agam.

An dtabharfaidh an tAire deimhniú anois nach gcaillfidh aon duine de na hoibrithe atá fostaithe sa mhonarcha seo a phost?

Tá súil agam nach gcaillfidh aon duine a phost. Mar adúirt mé, níl, i gceist anois seachtain oibre trí lá. Cuireadh na deacrachtaí a bhí ann cúpla seachtain ó shin ar réiteach, agus tá mé ag súil go bhfuil gach rud i gceart anois.

An bhfuil an tAire ag rá gur admhaigh Gaeltarra Éireann go raibh deacrachtaí ann ach nár thug siad aon eolas don Aire faoi cén saghas deacrachtaí bhí ann?

Dúirt mé gur deacrachtaí sealadacha margaíochta a bhí ann.

Níl aon dainséar ann go n-éireoidh na deacrachtaí céanna arís?

Dúirt mé gur sáraíodh na deacrachtaí.

Gidh gur cuireadh an cheist.

Tá mé ag dul ar aghaidh go ceist eile.

Top
Share