Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 May 1977

Vol. 299 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Postanna Lánaimsire.

18. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (i) cad é líon na bpostanna nua lánaimsire a cruthaíodh i mórthionscail i rith 1976; agus (ii) cad é líon na bpostanna nua a cruthaíodh i miontionscail i rith 1976.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur tháinig méaduithe mar seo a leanas ar líon na bpost lánaimsire faoina scáth i rith na bliana 1976: 285 i dtionscail ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra agus 297 i dtionscail eile ar chabhraigh Gaeltarra leo, sin 582.

Ag glacadh an fhigiúir sin, cad ar a bhunaíonn an tAire an ráiteas a thug sé go mbeadh 1,000 ann i mbliana agus an bhliain seo chugainn?

Tá eolas faoi sin le tabhairt agam i gCeist a 20.

Os rud é nach raibh ann ach níos lú ná 600 anuraidh agus de bhrí go bhfuil níos lú airgid ann ná mar a bhí anuraidh, nach bhfuil sé deacair a chruthú go mbeidh 1,000 ann an bhliain seo chugainn?

Níl aon amhras faoi sin mar tá feabhas mór tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta agus ar líon na dtógraí atá ag teacht isteach le ceadú ag Gaeltarra Éireann.

Sin mar adeir an tAire ach ní chreidimidne é sin ar chor ar bith.

Top
Share