Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 May 1977

Vol. 299 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scairchaipiteal Ghaeltarra Éireann.

19. D'fhriafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) cad é scairchaipiteal eisithe Ghaeltarra Éireann don bhliain 1976 agus (b) cé mhéad airgid a íocadh trí dheontais don bhliain 1976.

Tuigim gur chaith Gaeltarra Éireann £2,618,921 ar scaireanna agus £2,221,390 ar dheontais i rith na bliana 1976, sé sin, £4,840,311 san iomlán.

Más rud é gur caitheadh beagnach £1 milliún i 1966 ar chruthú 600 postanna, nach n-aontóidh an tAire go gcaithfear níos mó airgid a chur ar fáil i mbliana? Cé mhéad airgid atá sna Meastacháin i mbliana do Ghaeltarra le haghaidh scairchaipitil agus deontas?

Ba mhaith liom an t-eolas a thabhairt don Teachta ach níl sé agam. Is ceist eile í an Meastachán i mbliana. Is mar seo atá an scéal. Cruthaíodh beagnach 600 postanna, sé sin, mar a deirtear "jobs created' ach, chomh mhaith le sin, beidh na tionscail sin ag méadú agus, ó thaobh an creation de, beidh níos mó postanna sna tionscail sin nuair a bheidh siad faoi lánseol.

An nglacann an tAire go bhfuil postanna le cailliúint freisin?

Buíochas le Dia, tá an scéal sásúil go leor anois, agus tá súil agam nach gcaillfear aon phost as seo amach. Ní féidir bheith cinnte, ach bhí 600 actual jobs.

An cuimhin leis an Aire go ndúirt sé liom anseo sa Dáil, chomh fada agus a bhaineann sé le hEanáir, 1974, go dtí Meitheamh, 1976, gur chailliuint naoi bpost a bhí ann i nGaeltacht Chorcaí.

Maidir le Gaeltacht Chorcaí, an bhfuil cead agam dul ar aghaidh le ceist eile, mar tá eolas áirithe anseo agam le tabhairt don Teachta?

Nuair a bheidh an ceann seo críochnaithe.

Tá an t-eolas atá á lorg ag an Teachta i gCeisteanna a 21 agus a 22 faoi Ghaeltacht Mhúscraí.

Mar gheall ar Cheist a 19, an nglacann an tAire go bhfuil níos lú airgid curtha sna meastacháin i mbliana, fiú amháin gan inflation a chur san áireamh, ná mar a bhí ann anuraidh? Ní fheicim aon chaoi gur feidir níos mó postanna a chruthú ar níos lú airgid.

I gCeist a 20 atá ag teacht tá eolas agam le thabhairt faoi 1977.

Cad mar gheall ar cheist a 20?

Top
Share