Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 May 1977

Vol. 299 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Mhúscraí.

21. D'fhiafraigh

agusMr. Meaney d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon leathnú a dhéanamh ar Ghaeltacht Mhúscraí de réir mar a gheall sé.

Is le hordú de chuid an Rialtais a dhéanfaí aon leathnú ar an nGaeltacht. Tá breithniú báúil á dhéanamh ar iarratais a bhaineann le roinnt bailte fearainn i bparóiste Chill na Martra.

An nglacfadh an tAire gur tugadh geallúint do mhuintir Chill na Martra breis agus dhá bhliain ó shin go ndéanfaí é sin?

Dúirt mé le muintir Chill na Martra agus le muintir bailte agus ceanntracha eile ar imeall na Gaeltachta go minic, dá ndéanfadh siad iarracht an Ghaeilge a fheabhsú go dtí an staid go mbeadh an t-aitheantas mar Ghaeltacht tuillte acu go ndéanfainn an beart ansin. Maidir le Cill na Martra tá dul chun chinn an-mhaith déanta ann i gcuid de na bailte fearainn nach bhfuil fós ins an Ghaeltacht. Bhuail mé le toscaireacht ón áit sin bliain ó shin tar éis scrúdú a bheith déanta ag mo Roinnse ann. Bhí chuid de na bailte fearainn ann ag staid sásúil ach do mhol mé leo leanacht ar aghaidh leis an iarracht go mbeadh an chuid go léir den pharóiste réidh. Ní raibh aon mhaitheas bheith ag tarraingt cúpla baile fearainn isteach. Ón eolas is déanaí atá le fáil, tá dul chun cinn an-mhaith déanta agus níl aon amhras orm ach go mbeidh an chuid eile de pharóiste Chill na Martra mar Ghaeltacht lá éigin.

22. D'fhiafraigh

agusMr. Meaney d'Aire na Gaeltachta cé mhéad mórthionscail a bunaíodh i nGaeltacht Mhúscraí ón 1 Eanáir 1973 i leith; agus cé mhéad a dúnadh.

23. D'fhiafraigh

agusMr. Meaney d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon mhórthionscail a bhunú i nGaeltacht Mhúscraí; má tá, cén áit ina mbeidh siad; agus cén gnó ar a mbeidh siad bunaithe.

Le cead an Cheann Chomhairle tógfaidh mé Ceist a 23 agus Ceist a 22 le chéile. Glacaim gurb iad na tionscail ina mbíonn scaireanna ag Gaeltarra Éireann atá i gceist ag an Teachta agus, maidir le tionscail den saghas sin i nGaeltacht Mhúscraí, tuigim ó Ghaeltarra gur bunaíodh ceann amháin agus nár dúnadh aon cheann ó 1 Eanáir, 1973, i leith agus nach bhfuil aon cheann nua beartaithe faoi láthair ach go bhfuil forbairt le déanamh ar cheann atá ann.

An féidir leis an Aire a rá cén athrú a tháinig ar fhostaíocht na h-áite sin ó tháinig sé i gcumhacht?

Ní raibh me ag súil go gcuirfeadh an Teachta an cheist sin orm. I nGaeltacht Mhuscraí chuaigh an fhostaíocht i méad mar seo a leanas. Ag deireadh 1972 bhí 173 fostaithe ann; ag deireadh 1976 bhí 254 fostaithe.

Top
Share