Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Jul 1977

Vol. 300 No. 2

Ceapachain mar Airí agus Rúnaí Parlaiminte.

B'áil liom cead a chur in iúl, mar eolas don Dáil: (1) gur chuireas in iúl don Uachtarán go raibh Dáil Éireann tar éis comhaontú le mé d'ainmniú na dTeachtaí mar chomhaltaí den Rialtas agus gur cheap sé iad inné dá réir sin; (2) go bhfuilim tar éis Seoirse Ó Colla d'ainmniú an lá céanna chun bheith ina Thánaiste; (3) go bhfuilim tar éis na Ranna Stáit a shannadh an lá céanna do na comhaltaí den Rialtas mar leanas:—

An Roinn Airgeadais agus Roinn na Seirbhíse Poiblí—Seorise Ó Colla.

An Roinn Sláinte agus an Roinn Leasa Shóisialaigh—Cathal Ó hEochaidh.

An Roinn Iascaigh—Brian Ó Luineacháin.

An Roinn Iompair agus Cumhachta agus An Roinn Poist agus Telegrafa—Pádraig Ó Fachtna.

An Roinn Talmhaíochta—Séamus Mac Giobúin.

An Roinn Tionscail agus Tráchtála -Deasún Ó Máille.

An Roinn Cosanta—Roibeárd Ó Maoildhia.

An Roinn Dlí agus Cirt—Gearóid Ó Coileáin.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha— Micheál Ó Cinnéide.

An Roinn Rialtais Áitiúil—Salbhastar Bairéad.

An Roinn Saothair—Eoghan Mac Gearailt.

Roinn na Gaeltachta—Donncha Ó Gallchobhair agus

An Roinn Oideachais—Seán P. Mac Uilliam;

(4) go bhfuil an Rialtas tar éis na Teachtaí seo a leanas a cheapadh an lá céanna mar Rúnaithe Parlaiminte mar leanas:—

Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh agus an Aire Cosanta—Pádraig Ó Leathlobhair.

Rúnaí Parlaiminte an Aire Gnóthaí Eachtracha—Dáithí Mac Aindriú.

Rúnaí Parlaiminte an Aire Oideachais—Séamus Ó Tonnaí.

Rúnaí Parlaiminte an Aire Iompair agus Cumhachta agus an Aire Poist agus Telegrafa—Tomás Mac Giolla Phádraig.

Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais—Piaras de Uidheas.

Rúnaí Parlaiminte an Aire Talmhaíochta—Tomás Ó hEodhusa agus

Rúnaí Parlaiminte an Aire Tionscail agus Tráchtála—Máire Nic Eochagáin Uí Chuinn; agus

(5) gur cheap an tUachtarán an lá céanna Antoine Ó hÉadramáin mar Ard Aighne.

Top
Share