Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Feb 1979

Vol. 311 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Donegal Factory Redundancy.

9.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that voluntary redundancy has been offered to the workers in a factory (details supplied) in County Donegal.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann nach bhfuil ag éirí leis an bhfochomhlacht atá acu sa mhonarcha áirithe sin. d'ainneoin na n iarrachtai atá déanta chun earraí éagsúla a tháirgeadh go héifeachtach, agus nach mbeidh dul as ach tionscal nua a bhunú sa mhonarcha. Is é atá beartaithe mar sin ná go dtiocfaidh deireadh de réir a chéile leis an obair atá ar siúl agus go ndéanfar gach dícheall chun fostaíocht eile a fháil do na daoine atá ag gabháil don obair sin. Táthar i gcomhairle leis an gceardchumann d'fhonn socruithe sásúla a dhéanamh—ar a n-áireofar íocaíochtaí iomarcaíochta más gá.

Would the Minister of State mind repeating that answer in English?

Is gnáthach, a Cheann Comhairle, go bhfreagraítear i nGaeilge ceisteanna a chuirtear síos ag Aire na Gaeltachta agus ní dóigh liom gur cheart ná gur chóir go n-iarrfadh aon Teachta Dála ar an taobh seo nó ar an taobh sin den Teach ar an Aire freagra a tugadh i nGaeilge cheana féin a thabhairt aris i mBéarla.

Could I have the ruling of the Chair on this? Surely if I put down a question I am entitled as a Deputy——

The translation is available.

Surely if I put down a question in English I am entitled to an answer in English, and the least I can expect from the Minister of State is that she give me the same civility as I always give to her.

The Chair cannot compel the Minister. There is a translation service simultaneously available.

I realise that, but I would like to know if I can get this answer in English. I put down a question in English and I am entitled to get the answer in English.

The Chair has no control over that. Níl feidhm ar bith agam.

D'freagair mé agus duirt mé gurab é atá beartaithe ná d'ainneoin na h-iarrachtaí móra atá déanta ag an Rialtas seo nó ag an Rialtas a bhi ann roimhe sin an mhonarcha a choinneáil ar oscailt agus táirgeadh a choinneáil ar bun ann gur cosúil anois nach féidir é sin a dhéanamh agus gurab é an t-aon rud amháin atá fágtha ag Gaeltarra ná an mhonarcha a dhúnadh, ach ag an am céanna go ndéanfaidh siad chuile iarracht agus go bhfuil sin á dhéanamh faoi láthair le tionscal eile den chéad scoth a chur ina áit i dtreo go mbeidh postanna ann don dream atá fostaithe ann faoi láthair.

Ag eirí as freagra an Aire, an bhfuil an tAire ábalta a insint don Tigh cé mhéid oibre atá ag dul chun bóthair?

Tá 40 fostaithe sa mhonarcha faoi láthair agus má dúntar an mhonarcha ar fad is dóigh go mbeidh an dá scór ag dul chun bealaigh.

The Minister is aware that this is the Crolly doll factory in Bunbeg. They have a world-wide manufacturing name and Crolly dolls are bought throughout the world. It seems a pity, if what the Minister has stated is correct, that Gaeltarra Éireann are winding down the manufacturing end of this factory. It is an utter disgrace and I am surprised that Gaeltarra Éireann have not diversified so far——

This is a speech, Deputy.

It is not a speech; I am asking a question. Have Gaeltarra Éireann not tried to diversify from Crolly dolls into other types of toys so that this can be a viable industry? Surely there is something wrong in Gaeltarra Éireann when the Crolly doll factory, which is known world-wide, is going to close in Bunbeg.

Ón gcéad lá, a Cheann Comhairle, a thosaigh Gaeltarra ag plé le bréagáin sna monarchána a bhí acu i gConamara agus i nDún na nGall bhí caillteanas ar na bréagáin sin agus sílim go bhfuil an t-eolas sin ag urlabhraí an Fhreasúra ar an nGaeltacht. Bhí caillteanas i gcónaí ar na bréagáin agus le cabhrú leis sin nó b'fhéidir é a laghdú thriail Gaeltarra tionscail eile a chur ar bhun chomh maith leis na bréagáin i gCrolly i gContae Dhún na nGall. Thriail siad déantús earraí i mbréidín a chur ar fáil. Níor éirigh leis sin ach an oiread. Bhí caillteanas ann agus anois tá an caillteanas chomh mór nach féidir leanúint níos fuide leis an obair atá ar siúl ann agus, mar adúirt mé, tá Gaeltarra ag súil go n-eireoidh leo monarcha nó tionscal eile den chéad scoth a chur ar bun a chuirfeas obair ar fáil.

Can the Minister give an undertaking to this House that the jobs in the factory at least will be protected? They just seem to be closing the factory down.

Sin é an rud a bhíonn i gceist ag Gaeltarra i gcónaí ná go gcosnófar na daoine atá ag obair san monarcha nuair a dúntar é. Ach ar ndóigh ní féidir liomsa a rá má thagann tionscal eile isteach sa mhonarcha cé mhéid duine a bhéas ag obair ann. Ní bheidh fhios againn é sin go dtí go dtiocfaidh an tionscal agus bheinn ag súil go n-eireodh leis an dream atá fostaithe ann faoi láthair postanna a fháil in aon tionscal eile a thiocfadh.

An bhfuil tú ag tabhairt geallúint mar gheall ar na——

Ní féidir liomsa geallúint den tsórt sin a thabhairt agus tá a fhios ag an Tèachta é sin freisin. Ní féidir le héinne gealltanas a thabhairt ar son tionscail nach bhfuil ann faoi láthair. Ní féidir gealltanas a thabhairt go dtógfaidh siad na daoine céanna nó an dtógfaidh siad níos mó nó níos lú.

An bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil aon tionscal eile ag Gaeltarra Éireann chun dul isteach in áit na Crolly dolls.

Tá mé ag rá go bhfuil Gaeltarra ar thóir tionscail den chéad scoth le cur isteach ann agus níl an tionscal atá ann dúnta fós.

Top
Share