Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Mar 1979

Vol. 313 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foirmeacha Daonáirimh.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach an gcinnteoidh sé go ndéanfar agus go bhfoilseofar áireamh ar leith ar an méid foirmeacha daonáirimh a líonfar i nGaeilge.

Tá socrú déanta cheana féin go ndéanfar áireamh ar an méid foirmeacha daonáirimh 1979 a líonfar i nGaeilge. Foilseofar toradh an áirimh sin.

Tá mé buíoch den Aire Stáit. Ag éirí as an bhfreagra, an aontóidh sé go bhfuil an cheist seo antabhachtach agus go mb'fhéidir leis an Rialtas agus Bord na Gaeilge úsáid anmhaith a bhaint as an bhfiosrúchán sin?

Tá súil againn go mb'fhéidir.

Top
Share