Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 23 Oct 1979

Vol. 316 No. 3

Na Rialacháin um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta, 1979 ina nDréacht: Tairiscint. - Údarás na Gaeltachta Elections Draft Regulations: Motion.

Tairgim:

Go gceadaíonn Dáil Éireann na Rialacháin seo a leanas ina ndréacht:

Na Rialacháin um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta, 1979,

ar leagadh cóip díobh ina ndréacht faoi bhráid Dháil Éireann an 16 Deireadh Fómhair, 1979.

I move:

That Dáil Éireann approves the following Regulations in draft:

Údarás na Gaeltachta Elections Regulations, 1979,

a copy of which Regulations in draft was laid before Dáil Éireann on 16th October, 1979.

Ó tharla gur gá rún mar sin a rith tá deis eile ag an Teach chun ceist na dtoghchán d'Údarás na Gaeltachta a phlé faoi mar a mhínigh mé nuair a bhí an Bille um Údarás na Gaeltachta os comhair na Dála. Is amhlaidh is mian liom brostú ar aghaidh anois leis na socruithe agus an chéad toghchán a chur ar siúl i mí na Nollag. Go dtí go mbeidh an rún seo rite, áfach,—agus ceann eile dá leithéid rite ag an Seanad—agus na Rialacháin féin déanta agam, ní thig liom lá a cheapadh don toghchán.

Is cuimhin le Teachtaí go mbeidh na limistéir oifigiúla Ghaeltachta roinnte i dtrí thoghlach:

—Gaeltacht Dhún na nGall a thoghfaidh beirt,

—Gaeltacht na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí a thoghfaidh triúr, agus —Gaeltacht Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge a thoghfaidh beirt.

Ach na comhaltaí sin—seachtar acu —a bheith tofa beidh seisear eile le ceapadh agus lá le hainmniú chun an tÚdarás a bhunú agus Gaeltarra Éireann a dhíscaoileadh. Ar an tuiscint go mbeidh an toghchán ann i mí na Nollag is é an cuspóir atá agamsa ná an tÚdarás a bhunú ar 1 Eanáir 1980.

Maidir leis na dréacht-Rialacháin atá faoi bhráid na Dála anois is amhlaidh atá siad bunaithe cuid mhór ar na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla. Is cuimhin le Teachtaí gur ritheadh an tAcht um Údarás na Gaeltachta i nGaeilge agus i mBéarla agus tá beartaithe agam na Rialacháin seo a dhéanamh sa dá theanga chomh maith. Tabharfar faoi deara, áfach, gur i nGaeilge amháin a bheidh na foirmeacha sa Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin—páipéar ainmniúcháin, páipéar ballóide agus cárta vótaíochta. Feicfear freisin nach bhfuil i gceist ainm aon pháirtí polaitíochta a thaispeáint ar an bpáipéar ainmniúcháin ná ar an bpáipéar ballóide. Is amhlaidh a mheastar gurbh fhearr gan cúrsaí polaitíochta a tharraingt isteach i ngnóthaí an Údaráis. Tá dúil agamsa go nglacfaidh pobal na Gaeltachta go fonnmhar leis an deis a bheidh acu go luath anois chun ionadaithe cumasacha a thoghadh ar an Údarás.

Is ar Rúnaithe na gComhairlí Contae sna contaetha Gaeltachta a bheimid ag brath chun na socruithe don toghchán a dhéanamh ar an láthair agus is iad atá le bheith mar chinn chomhairimh agus leas-chinn chomhairimh. Bhí cruinniú agam leo agus tá na réamhullmhúcháin ag dul ar aghaidh cheana féin ar bhonn neamhfhoirmiúil. Is mór agam a gcomhoibriú agus is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl dóibh go poiblí.

Beidh na costais údaraithe a bhainfidh leis an toghchán le seasamh ag mo Roinnse agus, chun na críche sin, beidh Meastachán Forlíontach le tabhairt isteach sa Dáil agam.

Ba chóir dom a mhíniú go ndearnadh roinnt mionleasuithe sa dréacht de na Rialacháin a cuireadh timpeall ar dtús agus gurb é an dréacht a leagadh faoi bhráid na Dála ar an 16 Deireadh Fómhair atá le ceadú anois.

Ó tharla go bhfuil Acht um Údarás na Gaeltachta againn anois agus go bhfuil Údarás na Gaeltacha á bhunu chun áit, Ghaeltarra Éireann a ghlacadh, cé nach morán tábhachta eile a bhéas ag an Údarás Gaeltachta taréis an rí-rá go léir le deich bliana anuas, cé nach mbeidh smacht ar bith ag an Údarás seo ar chursaí pleanála, ná cúrsaí oideachais ná cúrsaí ar bith eile seachas na cúrsaí a bhí faoi chúram Ghaeltarra Éireann—d'ainneoin sin go léir, caithfimid rialacháin a dhéanamh anois d'fhonn udarás a cheapadh, d'fhonn an seisear nó an seachtar comhalta tofa den Údaráis a thoghadh.

Ní dhéanfaidh an Teach dearmad de, go bhfuil 13 daoine ar an Údarás seo, an Cathaoirleach agus cúigear eile a ainmneofar ag an Aire agus seachtar a thoghfar ag muintir na Gaeltachta. Tá sé soiléir go leor gur féidir leis an Aire oifigeach dá Roinn féin a cheapadh mar Chathaoirleach, agus sin rud a dhéanfaidh sé, tá mé cinnte; cúigear eile a ainmniú a bheidh, mar a déarfá, dílis go leor don Aire, agus nach seasfaidh fód i gcoinne toil an Aire nó i gcoinne toil na Roinne. Cuirfimís i gcás nach dtoghfar ach duine amháin, ar an seachtar seo a thoghfar ag muintir na Gaeltachta, atá fábharach don Rialtas no don Aire, beidh tromlach ag an Aire a chuirfidh ar a chumas gnótha uile an Údaráis seo a stiúradh pé treo ar bith is mian leis féin.

Ní féidir agus ní cóir daonfhlathas a ghlaoch ar sin. Is ionann é agus dá dtoghfaí comhaltaí do Dháil Éireann agus dá gcuirfi iad isteach le 150 daoine eile nach dtoghfaí iad chor ar bith ach go n-ainmneofaí iad ag Aire éicint agus go gcuirfí isteach freisin Cathaoirleach a n-ainmneofaí ag an Aire freisin. Ní fiú trácht ar sin mar dhaonfhlathas, cé gur toghadh ag muintir na tíre seo 168 de na Teachtaí, má chuirtear iad i dteannta le lion mór daoine eile, a chiallaíonn nach gá ach fior-bheagán de na comhaltaí tofa a bheith fábharach don Rialtas, cuirimis i gcás, le go mbeadh smacht iomlán ag an Rialtas ar imeachtaí na Dála, nó, sa cás seo, imeachtaí an Údaráis.

Mar sin féin, caithfimid cur suas leis an cur i gcéill atá ar siúl i ngeall ar Údarás na Gaeltachta agus ag féachaint chuige go dtoghfar comhaltai an Údarás seo, an líon doibh a thogfar chor ar bith, ar chaoi atá ceart agus réasúnta. Má fhéachann tú ar na rialacháin sin a luaigh mé, feicfidh tú go leor smála sin a iontu, agus caithfidh mé na smála sin a lua go hoscailte agus gan aon fhiacal a chur ann.

An chéad smál ba mhaith liom a luadh, gheofar in alt 5 (5) é. Baineann an t-alt seo le staisiún nó laithreán votaíochta, agus bíonn sé de dhualgas ar an cheann comhairimh laithreán vótála a ainmniú, ach deirtear i fo-alt (5):

(5) Ní chuirfear toghchán ó bhailíocht an fhoras aon neamhchomhlíonadh a dhéanamh ar fhoráil sa Rialachán seo ná ar fhoras aon neamhfhoirmiúlacht maidir le ceantair, áiteanna nó stáisiúin vótaíochta.

Is ionann sin agus a rá nach fiú na rialacháin seo a bheith ann beag ná mór, mar níl feidhm dlí ag baint leo. Tig leis an Ceann Comhairle—tá me cinnte más duine ionraic é nach ndéanfaidh sé, ach cuir i gcás nach duine macánta é no gur duine faillioch é tuig leis—cur i gcás gan laithreán vótála a ainmniú do shráid bhaile éicint nó do bhaile fearainn éicint. Is ionann sin agus a rá go mbainfear a gcuid vótaí de na daoine amach is amach ach ainneoin sin go léir toisc fo-alt 5 ní bheidh cúis gearáin ag na daoine sin a dúnadh amach ón toghchán ar fad. Ba mhaith liom an fo-alt seo a cur i gcomhortas le halt den sean-Acht toghcháin 1923 nuair a bhí an tír a stiúradh ag daoine a bhí éagsúil seachas an dream atá i gcumhacht anois. Deirtear san alt 39 san Acht toghchán 1923:

Ní fógrófar aon toghchán do bheith gan bhrí toisc neamh-choimeád ar na rialacha atá in aon sceideal dá ngabhann leis an Acht seo toisc aon dearmad in úsáid na bhfoirmeacha atá in aon Sceideal dá ngabhann leis an Acht seo má samhlaítear den Bhinse, sin é, má samhlaítear den chúirt atá ag dul ag breithniú an scéil, má samhlaítear don Bhinse a mbeidh an cheist faoin bhráid gur treoradh an toghchán de réir na bprionsabal atá leagtha amach i gcorp an Achta seo.

Sin "saver", mar a déarfá as Béarla. Fiú amháin má déantar neamhní d'fhoráil ar bith, ní féidir an toghchán a chur as bail má samhlaítear don chúirt gur coinníodh agus gur comhlíonadh prionsabail an Achta; ach tá an "saver" sin ar lár ins na rialacháin atá dá ndéanamh ag an Aire inniu. Níl tada faoi "má samhlaítear" agus mar sin de, "má samhlaítear don chúirt" gur comhlíonadh nó gur féachadh chuig príomh-prionsabail an Achta. Tá sé sin fágtha ar lár amach is amach.

Anois an tarna smál a fhaighim fhéin ins na rialacháin sin, gheobhaidh tú in alt 21 (1) é agus (2) chomh maith. Baineann an talt seo le rialú ar bhailíocht páipéar ainmniúcháin:

Tabharfaidh an ceann comhairimh rialú ar bhailíocht páipéar ainmniúcháin laistigh d'uair a chloig taréis é a sheachadadh dó agus féadfaidh sé rialú a thabhairt go bhfuil sé neamhbhailí i gcás, agus sa chás sin amháin, ina measfaidh sé nach bhfuil sé déanta amach nó sínithe i gceart.

Céard is "déanta amach i gceart" ann? Níl treoir ar bith dúinn sna rialacháin sin faoi cad is ciall le "déanta amach i gceart". An bhfuil sé sin faoi shaor-bhreith an cheann comhairimh? Má tá, ba chóir don Aire é a lua agus é a rá go hoscailte. Muna bhfuil, ba chóir dó a rá leis an Teach céard é an chiall a bhaineann sé fhéin as na focail sin, gan an páipéar ainmniúcháin a bheith "déanta amach i gceart".

Anois, fo-alt (2) (a) den alt céanna

Nuair a bheidh rialú tugtha ag an gceann comhairimh ar bhailíocht páipéir ainmniúcháin, cuirfidh sé nóta i dtaobh a chinneadh (ar cinneadh críochnaitheach a bheidh ann)....

An dtuigeann tú, a Cheann Comhairle, is iomaí uair a rinneadh rialtas nó Aire iarracht a chúirt a dhúnadh amach ó iniúchadh cáis, ach ní féidir é a dhéanamh agus tá diúltaithe ag na cúirteanna sa tír seo arís eile le 50 nó le 70 nó le b'fhéidir 100 bliain anuas ligean don Rialtas nó don Dáil féin iad a dhúnadh amach ó iniúchadh ceist a bhaineann leis an dlí. Ní féidir é a dhéanamh. Tig leis an Aire an abairtín seo a ligean sa riocht ina bhfuil sé sna rialacháin, ach ní bhaineann bail dlí leis agus is féidir liom é sin a rá leis an Aire mar dlíodóir. Má thagann iarrthóir agus má choinnítear amach as an toghchán é toisc gur dóigh leis an gceann comhairimh nach bhfuil a pháipéar ainmniúcháin "déanta amach i gceart", cibé ciall a bhaineann leis an abairt seo, mar sin fhéin tig leis an iarrathóir dul chuig an cúirt agus éileamh ar an gcúirt an scéal a iniúchadh agus ordú a thabhairt don ceann comhairimh é a ligean isteach. Níl sé ach ag útamáil leis an Teach agus ag útamáil le daoine simplí thíos faoin nGaeltacht abairtín dá leithéid a ligean isteach in Acht tar éis an oiread uaire a bhfuil sé leagtha síos ag na cúirteanna nach mbaineann bail dlí lena leithéid d'abairtín, beag nó mór, fiú amháin más é an Dáil fhéin a leagann síos é.

Gheoghaidh tú an triú smál, a Cheann Comhairle, in alt 29 (3). Rinne an tAire fhéin tagairt don rud seo nuair a bhí an óráid bheag á thabhairt aige noimeád beag ó shin. Dúirt sé ina chuid óráide "Feictear freisin nach bhfuil i gceist ainm aon pháirtí polaitíochta a thaispeáint ar an bpaipéar ainmniúcháin ná ar an bpaipéar ballóide. Is amhlaidh a mheastar gurbh fhearr gancúrsaí polaitíochta a tharraingt isteach i ngnóthaí an Údaráis". Bhuel nach neamhurchóideach an duine é an tAire, i ndiaidh a bhfuil caite aige de bhlianta sa bpolaitíocht, má mheasann sé dairíre gur féidir an pholaitíocht a choinneáil amach as cúrsaí na Gaeltachta, nó gur féidir i a choinneáil amach trí chosc a chur ar ainm páirtí polaitíochta a chur isteach sa phaipéar ballóide. Nach amaideach an smaoineamh é sin? Gabh mo leithscéal, a Aire, ach is amaideach agus is leibideach, d'fhéadfaí a rá, an smaoineamh sin, gur féidir polaitíocht a choinneáil amach toisc amháin nach gceadaítear don iarrthóir ainm a phairtí fhéin a chur isteach ar an bpáipéar ballóide. Anois, beidh an pholaitíocht ann in ainneoin an Aire, beidh sé ann in ainneoin an domhain agus is maith agus is rí-mhaith atá a fhios sin aige agus ag an Aire Stáit atá ina suí taobh thiar de.

Beidh an pholaitíocht ann, agus tá an pholaitíocht ann cheana féin i gcúrsaí Gaeltachta, faoi mar is eol dó, agus is leibideach é bheith ag útamáil leis an Teach lena leithéid sin d'fhoráil.

Ach cad tá cearr leis an bpolaitíocht, sin ceist ar mhaith liom a chur ar an Aire. Cad tá cearr leis? An dtitfidh an domhan as a chéile má cuirtear isteach ar phaipéar ballóide gur le Fine Gael an t-iarrthóir seo nó le Fianna Fáil an t-iarrthóir siúd? An dtitfidh an spéir orainn? Agus ní hiad na páirtithe polaitíochta atá i láthair anseo sa Dáil atá i gceist agam sa chéad áit i ngeall leis an alt seo, ach cad faoi grúpaí beaga áitiúla thart faoin nGaeltacht, eagraíochtaí Gaeltachta, b'fhéidir, "cearta sibhialta Gaeltachta" agus mar sin de. B'fhéidir nach n-aontaíonn an tAire lena lán de na grúpaí sin, b'fhéidir nach n-aontóinn féin leo, ach céard é an dochar má cheadaítear dóibh ainm an ghrúpa a chur isteach ar an bpáipéar ballóide mar chabhair don vótálaí, mar chabhair don ghnáth dhuine nach bhfuil—b'fhéidir gur beag cás a mbeadh sé sin fíor—ach b'fhéidir go mbeadh daoine ann nach mbeadh sé ar solas acu sa Dáilcheantar seo nó sa Dáilcheantar siúd, go mór-mhór i Mumhain, mar nach bhfuil fágtha ach mion-Ghaeltachtaí atá scartha i bhfad as a chéile, b'fhéidir nach mbeadh fhios ag duine sna Déise cé leis, táim ag caint faoi ghrúpaí, cé leis iarrthóir as Contae Chorcaí nó cé leis iarrthoir as Contae Chiarraí go mbeadh sé ag vótáil dó. Ní fheicim féin go mbeadh mórán dochair ann dá ligfí do na hiarrthóirí ainmneacha a gcuid grúpannaí a chur isteach ar na páipéir ainmneúcháin agus ar na páipéir bhallóide chomh maith.

Anois an ceathrú smál, gheobhaidh sibh in alt 33 (1) é:

Beidh gach toghthóir a ainmneofar mar phostvótalaí ar an liosta toghthóirí do thoghlach i dteideal vótáil sa vótaíocht i dtoghchán don toghlach sin trína pháipéir bhallóide a chur leis an bpost chuig an gceann comhairimh agus ní bheidh sé i dteideal vótáil ar shlí ar bith eile sa toghchán.

Tá sin ceart go leor ach tá an ceart i leith postvótála srianta ins na rialacháin sin. Ní bhíonn cead ag duine ar bith vóta poist a thabhairt mura postvótálaí é ó thaobh toghcháin áitiúla. Anois tá mé fhéin ag ceapadh go bhfuil rialacháin ródhaingean againn in ngeall ar phostvótáil agus is iomaí uair a rinne mé fhéin gearán faoi sa Teach seo ó bhí mé i mo Theachta Dála agus roimhe sin sa Seanad, an chaoi náireach suarach a bhíonn muid ag sodar i ndiaidh na Sasanach i ngach rud dá ndéanaimid agus go mór mhór i gcúrsaí dá leithéid seo. Ar fhéach an tAire chomh fada leis an nGearmáin nó leis an bhFrainc nó leis an Iodáil chun a fháil amach cén chaoi a reachtálann siad siúd a gcúrsaí vótála ar phostvótáil. Ní bhíonn post-vóta anseo abhus ag duine ar bith nach saighdiúr é nó gárda siochána. Ach cén fath nach dtugtar post-vóta cuir i gcás don saoránach atá imithe ar a shaoire? Cén fáth ar chóir go mba ghá don saoránach a cheart vótála a iobairt toisc é a bheith ar saoire nó toisc é bheith as láthair ar ghnó éicint? Agus cén fáth nach ndearnadh rialacháin i dtoghchán Dála agus i dtoghchán áitiúla le deis a thabhairt dó a thoil fhéin a chur i gcrích sa toghchán seo ainneoin é a bheith as láthair? Anois tá deis ag an Aire anseo briseadh amach ó na seanphrionsabal agus rud nua a dhéanamh, agus tá an rud nua seo an-tábhachtach go díreach i leith na Gaeltachta, mar is é an rud is mó a bhánaigh an Ghaeltacht ná imirce agus is maith atá a fhios ag an Aire go bhfuil níos mó cainteoirí dúchais i Huddersfield, b'fhéidir, ná mar atá sa gCeathrú Rua. Tá sin cinnte. Bhuel, cén fáth nach dtugtar deis do imirceoiri ón nGaeltacht atá suite, ní as a dtoil féin ach toisc nach mbíonn jobanna ar fáil dóibh ina ndúiche fhéin, cén fáth nach dtugtar deis dóibh vóta a chaitheamh ar leas a ndúiche fhéin sa treo is go mbeadh tionchar éicint acu ar chúrsaí a gceantair fhéin, go bhfuil siad b'fhéidir ag tnúth agus ag súil le deis a fháil teacht ar ais chuige agus teach a thógáil dá bhfaighidís job. Anois níl gá ar bith, dá bhfeicim fhéin, go gcloífeadh an tAire le pátrún na dtoghchán Dála nó na dtoghchán áitiúla agus níl fáth ar bith, go bhfeicimse ar chaoi ar bith, nach dtabharfadh sé seans do na himirceoiri tionchar a bheith acu sa toghchán sin.

Anois gabhaimís rud beag níos faide anonn chuig alt 39, sin pointe an-bheag ar fad. Bíonn cur síos ar "vótaíocht roimh ré ar oileáin," ach sa mBille a bhí á phlé againn cúpla nóiméad ó shin gearradh amach ón mBille, fágadh ar lár ón mBille, oileáin ar bith a bheadh nasctha leis an Mórthír trí bhóthar nó trí dhroichead-bhóthar. Níl fhios agam cén téarma atá á úsáid sa mBille. Tá sé sin réasúnta go leor; ach bheadh sé i bhfad níos réasúnta oileáin dá leithéid, cuir i gcás, oileán Acla, a fhágáil amach ó fhoráil mar seo mar níl fáth ar bith ann go mbeadh vótáil roimh ré ar Acaill seachas vótáil cuir i gcás i Maol Raithne nó i gCaisleán a Bharraigh agus má chinn an tAire foráileamh speisialta a dhéanamh d'fhonn oileáin ata nasctha leis an Morthir a fhágáil amach ón mBille a ritheadh cúpla nóiméad ó shin cén fáth nach ndéanfadh sé amhlaidh leis na rialacháin atá dá bplé againn i láthair na huaire anseo?

Anois rud an-tabhachtach atá anseo, alt 41 (1). Ní thabharfar cead isteach i stáisiún vótaíochta d'aon duine ach amháin ... agus ansin bíonn liosta ann de na daoine a ligtear isteach sa mbothán vótála. Anois ná déanaimis dearmad ar seo. Níl muid ag trácht ar bhotháin vótaíochta i Rath Maonais, Baile Atha Cliath, ná ar bhotháin vótaíochta ar bith sa Dáil cheantar a bhfuil sé d'onóir ag John Horgan agus agam féin bheith in ár n-ionadaithe dó. Táimid ag trácht agus ag cur síos ar bhotháin vótála a bheadh uaigneach go leor, suite amach ar na carraigreacha agus ba chóir don Aire é seo a choinneáil ina intinn. Anois féachaimis cé mar a riarfar an toghchán seo i mbothán vótála. Ní thabharfar cead isteach sa stáisiún vótaíochta d'aon duine ach amháin an ceann comhairimh, an t-oifígeach ceannais, gníomhairí pearsanaíochta, toghthóirí a ligfear isteach chun vótáil, compánaigh toghthóirí a bhfuil mallachar radhairc agus mar sin orthu, comhaltaí den Gharda Síochána, teachtairí a chuirfídh an ceann comhairimh nó a chuirfear thar a cheann agus "daoine dá n-údaróidh an ceann comhairimh a bheith i láthair sa stáisiún." Bhuel, ba mhaith liom a fhiafraí den Aire cén fáth a bhfuil an saorbhreith seo tugtha don cheann comhairimh. Cé hiad na daoine go dtabharfadh sé cead a bheith i láthair dóibh? Cén líon daoine atá ar intinn ag an Aire? An bhfuil sé saor ar fad don cheann comhairimh leath an tsráidbhaile a ligean isteach, agus mura bhfuil sé saor, cá bhfuil an cosc nó an bac le feiceáil sna rialacháin sin? Tá mé ag ceapadh go bhfuil b'fhéidir seanduine, nó b'fhéidir duine a thaobhaíonn le grúpa nach bhfuil tromlach na ndaoine fábharach dó, nó b'fhéidir nach bhfuil an ceann comhairimh fábharach dó, agus go mbeadh imní ar sheanduine mar sin nó ar dhuine ar bith, pé sean nó óg é, go mbeadh imní air b'fhéidir a rogha vóta a thabhairt dá mbeadh an bothán vótála plódaithe go doras le daoine go bhfuil fhios aige go bhfuil siad ina choinne, go bhfuil fhios aige nach n-aontaíonn siad leis agus b'fhéidir go mbeidís ag iarraidh magadh faoi nó imní a chur air i ngeall ar a vóta a thabhairt. Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart an foráileamh seo a ligean isteach sna rialacháin sin agus ba mhaith liom ar an ábhar seo agus ar na hábhair eile a luaigh mé go dtarraingeodh an tAire na rialacháin seo ar ais, go ndéanfadh sé athscrúdú orthu.

Anois, rud atá beagnach dochreidte, alt 48 (2). "Más rud é an tráth a iarrfaidh duine páipéar ballóide i dtoghchán nó tar éis dó páipéar ballóide a iarraidh sula bhfágfaidh sé an stáisiún vótaíochta go ndearbhóidh oifigeach pearsanaíochta don oifigeach ceannais go gcreideann sé agus go ngabhann sé ar fhéin a chruthú i scríbhinn go ndearna an t-íarratasóir pearsanú, ordóidh an t-oifigeach ceannais do chomhalta den Gharda Síochána an t-iarratasóir a ghabháil ar chúiseamh go ndearna sé pearsanú agus déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána de réir an orduithe." Is ionann sin agus a rá go bhfuil ceart ag na gníomhairí pearsanaíochta, ag an oifigeach pearsanaíochta, go bhfuil sé saor dó duine eile a chur i mbraighdeanas.

Is féidir le duine gan cháilíocht ar bith— ní leagtar síos cáilíocht dá laghad i leith oifigigh pearsanaíochta—is féidir le duine ar bith bheith ina oifigeach pearsanaíochta más cara é le iarrthóir, gan cháilíocht ar bith eile. Má bhíonn an duine seo ina shuí ar an mbord agus go dtagann duine eile isteach gur námha dó é nó ar mhaith leis olc a chur air, tig leis a rá—cé go mbeidh sé i dtrioblóid níos deireannaí, tá mé cinnte—"creidim go ndearna an duine thall pearsanú agus tá mé toileanach é a chruthú i scribhinn níos deireannaí" agus ar an ábhar sin, níl an dara rogha ag an oifigeach ceannais seachas ordú a thabhairt do gharda an duine sin a ghabháil i ngéibheann. Tá mé cinnte nach bhfuil sé sin comhriartha leis an mBunreacht. Ba mhaith liom admháil go bhfeictear dom gurb as na rialacháin i leith toghchán áitiúla a rinneadh an foráileamh seo a chóipéail amach. Tá sé díreach mar atá foráileamh den chineál céanna sna rialacháin i leith toghcháin áitiúla 1965. Ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil sé dleathach nó bunreachtúil. Tá mé féin cinnte nach bhfuil sé bunreachtúil; agus nach bhfuil sé saor don Teach rialacháin a dhéanamh a gcuirfeadh ar chumas duine gan cháilíocht ar bith duine eile a chur faoi bhraighdeanas. Ba mhaith liom go ndéanfadh an tAire athscrúdú ar na rialacháin. Níl siad ionghlachta dúinne sa riocht ina bhfuil siad anois.

Tá na rialacháin seo an-tábhachtach agus beidh suim mhór ag muintir na Gaeltachta san abhar seo.

There is one major point on which I would like the Minister to comment and which has been the subject of rumour since the passage of the Act to which the regulations refer. It is rumoured that this particular structure is intended as a dry run, as it were, for an entirely new system of local administration based on larger units and a different type of electoral system. This rumour has been going around since the original Bill was introduced and I would be interested to know if there is any truth in it. I would also be interested to hear the Minister's colleague, the Minister for the Environment, on the same question.

I do not see as many difficulties in the regulations as does Deputy Kelly, but I would agree with him in relation to the postal vote. There was an opportunity here for the Minister and the Government to take an initiative in relation to giving people a postal vote. On the basis of exactly the same logic on which he expressed concern about the other Act, one would have thought that the Minister would have been anxious to include a postal vote for Gaeltacht people, whether living in the Gaeltacht or not. He need not have gone outside this country to give the vote to Gaeltacht people living abroad, although God knows there are enough of them. Even if he had confined it to people living in this country it would have been a very positive initiative.

I will briefly refer to a couple of points of detail. The Minister made it clear that although the Act and the regulations will be in both English and Irish the various forms will be in the Irish language. Am I not right in thinking, however, that there is no obligation on the officers concerned, under section 13 of the rules, to publish the notices about the election in the Irish language? My reading of the regulations is that it is open to the officers to publish in either language.

An innocent from abroad reading these regulations would get the most amazing idea about the kind of elections we have in Ireland. If he looked at pages 96 and 100 of the regulations he would get the impression that we were doing nothing but beating each other over the head and living up to certain stage Irish notions of what elections are like.

Article 79 of the regulations states that a person shall be guilty of an offence who, in relation to an election, directly or indirectly, makes use of or threatens to make use of any force, violence or restraint against or inflicts or causes or threatens to inflict or cause any temporal or spiritual injury or loss on or to any person. It goes on to deal with abduction, duress, fraud and the rest. I am intrigued by the phrase "spiritual injury", especially when I think about which of the three parties in this House is most likely to be the recipient of episcopal or sacerdotal thunderbolts. In that connection I suppose I must look upon article 79 of the regulations as another addition to the valuable list of regulations designed to preserve endangered species west of the Shannon.

Article 82 states:

(1) A person shall be guilty of an offence if, between the date of publication of the Notice of Election and the date on which the return is made of persons elected to be members of an tÚdarás, he acts in a disorderly manner at a lawful public meeting held in connection with an election to an tÚdarás.

It seems absurd to put in special regulations about this. If he is acting in a disorderly manner he is in breach of the peace. The idea that all these elections are to be conducted in an atmosphere of permanent mayhem is an interesting one, to put it mildly. I would be interested to know whether this is new law or whether it simply replicates existing and, perhaps, rather outdated law.

I am also interested to note that there seems to be provision for compensation for persons wrongly accused of personation. I would have thought that the maximum amount fixed is comparatively low at £100, bearing in mind other awards in court during the past few days.

The most amusing feature of the regulations is in relation to the specimen ballot paper, which intrigues me. It shows how little has changed and, in other respects, how much has changed. In 1923 we had the first specimen ballot paper in an electoral Act. We had another in 1963 and another one here. This ballot paper replicates two significant features of the draft ballot paper in the 1923 Act and the 1963 Act, in that it includes only one woman and one person who might, by some stretch of the imagination, be regarded as a Protestant. In 1923 and 1963 the woman's name was Jane Ellen Lynch and she has now become Éilis Ní Ghríofa. Cad a tharla do Jane Lynch? An féidir leis an Aire Gaeilge a chur ar "Jane Lynch"? An raibh deacrachtaí speisialta ag baint leis an ainm seo? Níl a fhios agam ar chor ar bith.

I would like to draw attention to a gentleman called Mr. William Thompson. In the 1923 Act he appears at 14 Queen Street as a silversmith; in 1963 he had moved to Dereen Park and become a farmer; and here, in healthy retirement, he is at Woodford and there is nothing about his occupation. Someone should look again at these specimen ballot papers and the next time there is an electoral Act I hope they will give us a more reasonable one which reflects more accurately the balance and realities of the population.

Tá na rialacháin seo atá os ár gcomhair bunaithe ar na rialacháin dos na toghcháin áitiúla, mar sin ní fheicim aon locht orthu. Tá fhios ag gach duine go bhfuil deifír ar an Aire dul ar aghaidh leis na toghacháin i Mí na Nollag agus go mbeidh an tÚdarás ar bun aige i Mí Eanáir, 1980. Is fada muintir na Gaeltachta ag lorg cumhachtaí chun a gcúrsaí féin d'eagrú. Beidh an cumhacht sin acu i Mí Eanáir agus tá súil againn go mbainfídh siad feidhm as chun a leasa féin.

Cuireadh an diospóireacht ar ath-ló.

Debate adjourned.
Top
Share