Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Oct 1979

Vol. 316 No. 4

Na Rialacháin um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta, 1979, ina nDréacht: Tairiscint (Atógáil). - Údarás na Gaeltachta Elections Draft Regulations: Motion (Resumed).

Atógadh an díospóireacht ar an dtairiscint seo a leanas:
Go gceadaíonn Dáil Éireann na Rialacháin seo a leanas ina ndréacht:
Na Rialacháin um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta, 1979,
ar leagadh cóip díobh ina ndréacht faoi bhráid Dháil Éireann an 16 Deireadh Fómhair, 1979.
—(Aire na Gaeltachta.)
Debate resumed on the following motion:
That Dáil Éireann approves the following Regulations in draft:
Údarás na Gaeltachta Elections Regulations, 1979.
a copy of which Regulations in draft was laid before Dáil Éireann on 16 October 1979.
—(Aire na Gaeltachta.)

Nuair a bhí an Teachta Kelly ag tabhairt an óráid faoi na rialacháin atá ag teacht ós ár gcomhair, luaigh sé Bille an Údaráis fhéin, agus mar is gnách leis, bhí sé ag caitheamh anuas is ag caitheamh drochmheasa ar an mBille agus ar céard atá i gceist leis an Údarás fhéin. Tá rud amháin ann agus ba cheart go dtuigfeadh an Teachta é, go bhfuil an tÚdarás le bheith ann anois, bíodh sé olc nó maith. Tá Údarás ann agus tá solúbthacht san Acht le deis a thabhairt do bhaill an Údaráis na cumhachtaí breise a luaigh sé a lorg nuair a thogróidh siad é agus na cumhachtaí breise a luaigh sé a fháil ón Rialtas.

Cén fáth nach dtugtar dóibh láithreach iad?

Níor chuir mise isteach ar an Teachta nuair a bhi sé ag caint agus dá bhrí sin ba cheart go mbeadh an cead sin agamsa freagra a thabhairt air gan é bheith ag cur isteach orm. Mhínigh mé go raibh solúbthacht san Acht go bhfuil an deis ag baill an Údaráis cibé cumhachtaí breise a shíleann siad a theastaíonn uathu a fháil de réir a chéile. Ba cheart go mbeadh náire ar an Teachta Kelly labhairt faoi ar an gcaoi sin sa Teach seo. Bhí Aire ansin thall ar feadh ceithre bliana go leith agus cuireadh ceist i ndiaidh ceiste air, mí i ndiaidh míosa, faoin Údarás agus cén uair a bheadh sé ann, agus gheall sé go dtabharfadh sé isteach Údarás agus ní raibh misneach aige é a dhéanamh ná ní raibh misneach ag an pháirtí a mbaineann an Teachta leis Údarás a thabhairt isteach. Bhí sé lá amháin dá thabhairt isteach; bhí sé ag iarraidh chuile dhuine a shásamh agus i ndeireadh na bogadaí níor éirigh leis tada a thabhairt os comhair an Tí seo. Ní raibh sé de mhisneach aige Údarás a thabhairt isteach.

Bheadh náire air bréag-Údarás mar seo a thabhairt isteach.

Ní raibh misneach aige tada a dhéanamh ach ag iarraidh chuile dhream a shásamh agus i ndeireadh an lae níor éirigh leis tada a dhéanamh ach geallúintí, geallúintí. Sin an méid a rinne sé.

Tá an tÚdarás ar aon dul leis an Industrial Development Consortium.

Ach loic sé ar mhuintir na Gaeltachta, níor thug sé isteach an tÚdarás. Beidh Údarás ann anois ar a mbeidh deis ag muintir na Gaeltachta daoine a thoghadh, mórsheisear a thoghadh, rud nár thárla ariamh. Beidh gnothaí uile Ghaeltarra Éireann, an comhlacht Stáit sin a bhí ann á dtabhairt faoina gcúram agus á n-oibriú acu. Is iad a chaithfidh an chuid is mó den airgid a thugtar do Ghaeltarra agus don Roinn—£20 milliún tugtha imbliana ag an Rialtas seo, an tsuim airgid is mó a tugadh riamh, beidh sé sin acu le cur ag obair ar mhaithe le muintir na Gaeltachta. Níor tharla sé le haon chomhlacht Stáit eile go bhfuair na daoine deis baill an bhoird a bheas ann a thoghadh go daonlathach agus tá mé cinnte go bhfuil muintir na Gaeltachta buíoch den Rialtas seo gur thug siad isteach an tÚdarás. Tá glactha go fonnmhar ag muintir na Gaeltachta leis. Tuigeann siad go bhfuil údarás acu don chéad uair.

Tá an Teachta Kelly ag cur síos ar chumhachtaí an Aire. Tá sé soiléir ón méid atá le rá aige go bhfuil droch-mhuinín aige as an pháirtí a mbaineann sé leis. Tá sé ag rá go soiléir nach mbeidh sé ariamh ar an taobh seo den Teach feasta. An é sin atá a rá aige, nach mbeidh Rialtas ar bith eile anseo choíche ach Fianna Fáil? Tá mé buíoch dó go dtuigeann sé féin é sin agus go bhfuil a fhios aige cén dearcadh atá ag muintir na hÉireann ar Fhine Gael agus ar an Chomhrialtas agus ar an chaimiléireacht a bhí ar siúl acu maidir leis an Údarás seo.

Cibé Aire a bhéas i gcumhacht, beidh buan-tromlach aige ar an Údárás seo, agus is rí-mhaith atá a fhios sin ag an Aire.

Tá sé rí-shoiléir go dtuigeann an Teachta Kelly go mbeidh sé in a shuí thall ansin fada go leor agus nach bhfeicfidh sé ná a cháirde an taobh seo den Teach ar feadh na blianta fada. Sin an rud atá á rá aige.

Is cuma cén tAire a bhéas ann. Beidh buan-tromlach aige ar an Údarás. Ná cuireadh an tAire síos nó bheith ag cur i gcéill faoin daonfhlathas.

Maidir leis na rialacháin, níl sé i gceist agamsa mionfhreagra a thabhairt ar an Teachta faoi na pointí a luaigh sé. Tá na rialacháin seo ar fad nach mór tógtha ó na rialacháin atá ann maidir leis na toghcháin áitiúla agus ritheann siad ar fad leis an nós agus leis an deis atá ann cheana leis na toghcháin sin a chur i bhfeidhm. Thóg sé tamall fada ar oifigigh mo Roinne agus oifigigh na Roinne Comhshaoil na rialacháin seo a chur le chéile.

Nach cás speisialta í an Ghaeltacht ar go leor bealaí?

Tá na rialacháin bunaithe ar na rialacháin dona toghcháin áitiúla, agus is ionann——

Ní hionann.

Tá mise ag rá gurb ionann agus tá mise sásta go leor leis an obair atá déanta ag oifigigh mo Roinne agus iad ag fáil neart comhoibriú ón Roinn Comhshaoil na rialacháin seo a chur le chéile agus tá mé cinnte go bhfeilfidh siad i gcomhair na dtoghchán a bhéas ann go luath le cúnamh Dé.

Ar léigh an tAire fhéin na rialacháin seo sular thug sé isteach sa Teach seo iad?

Tuige nach léifínn. Chaithfinn iad a léamh?

Ní dóigh liom gur léigh.

Chaithfinn iad a léamh agus tá mise sásta leo. Tá mé buíoch d'oifigigh na Roinne Comhshaoil agus oifigigh mo Roinne fhéin a chaith oiread ama agus dúthrachta leis na rialacha seo a réiteach agus a chur le chéile. Ní rud ro-fhurasta é sin a dhéanamh agus tá job maith déanta acu. Tá mise sásta leo agus dá bhrí sin tá mé ag iarraidh ar an Teach go nglacfaí leo.

Cuireadh an cheist.

Question put.
Rinneadh an Dáil vótáil. The Dáil divided: Tá, 48: Níl. 16.

Ahern, Kit.Aylward, Liam.Barrett, Sylvester.Briscoe, Ben.Browne, Seán.Burke, Raphael P.Calianan, John.Cogan, Barry.Colley, George.Collins, Gerard.Cowen, Bernard.Daly, Brendan.Farrell, Joe.Filgate, Eddie.Fitzgerald, Gene.Fitzpatrick, Tom. (Dublin South-Central).Gallagher, Dennis.Geoghegan-Quinn, Máire.Gibbons, Jim.Haughey, Charles J.Hussey, Thomas.Keegan, Seán.Kenneally, William.Killilea, Mark.

Lawlor, Liam.Lemass, Eileen.Lenihan, Brian.Leonard, Jimmy.Leonard, Tom.Leyden, Terry.Lynch, Jack.McCreevy, Charlie.McEllistrim, Thomas.MacSharry, ray.Meaney, Tom.Molloy, Robert.Morley, P.J.Murphy, Ciarán P.O'Connor, Timothy C.O'Donoghue, Martin.O'Hanlon, Rory.O'Leary, John.O'Malley, Desmond.Smith, Michael.Walsh, Joe.Walsh, Seán.Wilson, John P.Woods, Michael J.

Níl

Cluskey, Frank.Collins, Edward.Corish, Brendan.Cosgrave, Liam.Creed, Donal.Desmond, Barry.Enright, Thomas W.Fitzpatrick, Tom. (Cavan-Monaghan).

Horgan, John.Kelly, John.L'Estrange, Gerry.Lipper, Mick.Quinn, Ruairi.Ryan, John J.Spring, Dan.Tully, James.

Tellers: Tá, Deputies Woods agus Briscoe; Níl, Deputies L'Estrange agus B. Desmond.
Fáisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis an gceist.
Question declared carried.

We seem to be very short with our party meeting. I do not see Deputy de Valera here.

Order, please.

Top
Share