Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 20 Nov 1979

Vol. 316 No. 12

Written Answers. - Oifigigh sa Ghaeltacht.

461. D'fhiafraigh

Aire na Gaeltachta (i) cé mhéad oifigeach a aistreofar go Bearna, agus grád gach oifigigh; agus (ii) cathain a dhéanfear an t-aistriú.

(1) Is go dtí na Forbacha i nGaeltacht na Gaillimhe atá foireann de chuid mo Roinne-se le haistriú—20 oifigeach ó Bhaile Átha Cliath sna grád seo a leanas:—

Príomhoifigeach Cúnta

1

Ardoifigeach Feidhmiúcháin

2

Oifigeach Feidhmiúcháin

3

Oifigeach Foirne

2

Oifigeach Cléireachais

2

Cúntóir Cléireachais

10

Chomh maith leis an bhfoireann sin beidh a gceanncheathrú san oifig nua sna Forbacha ag 8 n-oifigeach eile atá lonnaithe i nGaillimh cheana.

(2) Meastar go mbeidh an t-aistriú curtha i bhfeidhm faoi thús an tsamhraidh seo chugainn.

Top
Share