Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 13 Dec 1979

Vol. 317 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Roads.

1.

asked the Minister for the Gaeltacht if she will arrange to include Gaeltacht roads which have been taken over by county councils under the Local Improvements Scheme in tarring projects financed by Roinn na Gaeltachta.

Ní dóigh liom gur ceart go mbeifi ag súil le deontais Stáit faoi dhá scéim don bhóthar céanna ná gur cóir socruithe chun na críche sin a dhéanamh.

An bhfuil sé i gceist ag an Aire an córas deisithe bóithre ar fad a thabhairt faoi réim Údarás na Gaeltachta as seo amach?

Níl socrú cinnte déanta fós faoi sin. Le toradh na dtoghchán agus le bunú an Udaráis i Mi Eanáir beimid in ann na socruithe sin a dhéanamh. Níl aon rud deimhnithe faoi fós.

An mbeadh an tAire fábharach feidhmeanna an Údaráis a leathnú?

Bhéinn, cinnte, ach caithfimid fanacht bliain nó dhó go bhfeicimid cén chaoi a n-éireoidh leis an Údarás. Má bhaineann siad úsáid as na cumhachtaí atá acu faoi láthair, cinnte. Má chuireann siad eolas chugam go bhfuil cumhachtaí breise uathu beidh mé sásta breathú air go fábharach.

I am not sure if the Minister is aware that there is a great anomaly in the matter referred to in the question. It may not obtain in all Gaeltacht areas, it may be in only one or two, but I should like the Minister to inquire into it. I will give an explanation. People could have paid hundreds if not thousands of pounds to have their roads taken over under local improvement schemes and now find they are prohibited by Roinn na Gaeltachta from having those roads tarred. As a result of recent legislation roads leading to just one house can be tarred at no cost to the householder. That is a grave anomaly and I should like the Minister to investigate it with a view to putting things right.

Má thugann an Teachta liosta dom ar na scéimeanna atá in a Dháil-cheantar fhéin, beidh mé sásta breathnú air agus féachaint an féidir linn an cheist a fheabhsú.

Go raibh maith agat.

Top
Share