Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 13 Dec 1979

Vol. 317 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Grants.

2.

asked the Minister for the Gaeltacht the total number of children who qualified for the £10 deontas in (a) 1973, (b) 1978, and if she will give a breakdown of the numbers who qualified in each Gaeltacht area in the State for these two years.

Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Seo a leanas an t-eolas:

Lion na ndaltai a thuill an Deontas £10

Contae

An scoilbhliain 1972-73

An scoilbhliain 1977-78

Dún na nGall

2,599

2,463

Maigh Eo

444

342

Gaillimh

3,145

2,718

Ciarrai

986

903

Corcaigh

365

384

Port Lairge

141

131

An Mhi

90

66

An tIomlán

7,770

7,007

Has there been a reduction?

Silim go raibh i gcóir dhá bhliain idir 1973 agus 1978, ach sna blianta eile bhí ardú.

That would indicate there has been a major reduction for 1977 and 1978.

Ní aontaim go raibh laghdú oll-mhór, mar a deireann an Teachta, ach mar a dúirt mé, i 1973 agus 1978 bhí laghdú. Idir 1974 and 1977 bhi ardú agus laghdú gach dara bhliain beagnach.

An féidir leis an Aire a rá cén glan-laghdú a bhi ann idir 1976 agus 1978?

Cén fáth?

Brathann sé ar líofacht chainnte na ndaltai. Muna bhfuil Gaeilge sa mbaile ag a n-athair agus a máthair ní féidir bheith ag súil go mbeadh sé ag na páistí sa scoil nó in aon áit eile. B'fhéidir nach bhfuil daoine chomh dúthrachtach ó thaobh labhairt na Gaeilge agus a bhídis. Níl fhios agam.

Does the Minister not see an inconsistency? People who had votes in the Údarás elections yesterday are being denied this for their children?

Ní cheapaim go bhfuil sé sin fíor. Ní dóigh liom go mbeadh sé ceart go bhfaigheadh daltaí scoile deontais i dtaobh labhairt na Gaeilge mura bhfuil líofacht chainte Ghaeilge acu. Ó thaobh na ceiste go raibh daoine ag vótáil go mb'fhéidir nach raibh Gaeilge acu sa mbaile, tá sé sin fior cinnte—tá sé sin im Dháil-cheantar féin chomh maith le chuile Dháil-cheantar eile, agus is rud é gur féidir leis an Údarás nua scrúdú a dhéanamh air.

Bhí feidhmeanna ag Gaeltarra Éireann agus níor éirigh leo dúthracht na ndaoine i leith an Ghaeilge a chur chun cinn, agus ní móide go n-éireoidh aon cheo níos fearr leis an Údarás.

Sin ceist eile, ach ba mhaith liom a rá nár toghadh baill Ghaeltarra Éireann go daonlathach, agus sin an bun-difríocht atá idir baill an Údaráis agus baill Ghaeltarra—toghadh seachtar de bhaill an Údaráis agus beidh difríocht idir a ndearcadh ar dul chun cinn mhuintir na Gaeltachta agus muintir na tire.

An bhfuil an tAire ag rá anois nach raibh an oiread sin dúthrachta ag Bord Ghaeltarra Éireann go nuige seo agus go bhfuil dóigh aici go mbeidh ag an Údarás nua?

Nílim ag rá sin in aon chor.

3.

asked the Minister for the Gaeltacht if she will outline the policy of her Department to assist members of the public to avail of any grants and assistance available from her Department and the procedures used towards this end.

Is é beartas mo Roinne daoine a spreagadh chun na coinníollacha a ghabhann le cúnamh ón Roinn a chomhlíonadh i gcaoi go dtuillfidh siad an cúnamh agus glactar le gach deis chun é sin a dhéanamh.

Top
Share