Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 5 Jun 1980

Vol. 321 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Factory Closures.

12.

asked the Minister for the Gaeltacht the number and location of all factories (i) grant-aided by Gaeltarra Éireann and Údarás na Gaeltachta, which closed between August 1977 and March 1980, and (ii) which have given notice to Údarás na Gaeltachta, that they are in financial difficulties.

Glacaim agam go bhfuil monarchana a ligeadh ar cíos i gceist chomh maith le foirgnimh ar íocadh deontais ina leith. Ar an mbonn sin tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur tháinig deireadh sa tréimhse a luaitear le tionscail—miontionscail a bhformhór—sna ceantair Ghaeltachta i ngach contae acu seo a leanas:

Dún na nGall

4

Maigh Eo

4

Gaillimh

7

Ciarraí

4

Corcaigh

3

Ní miste a lua go bhfuil tionscail eile ar siúl anois i 6 cinn de na monarchana sin—3 cinn i nGaillimh agus ceann amháin i nDún na nGall, i gCiarraí agus i gCorcaigh, faoi seach.

Maidir leis an dara cuid den Cheist tá súil agam go n-aontóidh an Teachta liom nach mbeadh sé críonna eolas a fhoilsiú faoi thionscail a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu. Má tá a leithéid ann ní miste glacadh leis go ndéanfaidh an tÚdarás aon ní is féidir le teacht i gcabhair orthu.

Nach bhfuil an scéal go dona go bhfuil an oiread sin monarchan á ndúnadh?

Níor glacadh ariamh go raibh cúrsaí fostaíochta go maith nuair a bhí monarchana á ndúnadh. Ní miste dom a chur in iúl don Teachta nach amháin sna ceanntair Ghaeltachta a dúnadh monarchain ar feadh an ama seo: dúnadh iad freisin in áiteacha eile ar fud na tire. As na monarchana a dúnadh, tá sé cinn eile anois in a n-áit. Sílim nach bhfuil sin rodhona. Ní bheidh mé sásta, dar ndóigh, go dtí go mbeidh lán-fhostaíocht ann, agus chomh fada agus a bhaineann sé liomsa agus leis an Údarás, beimid ag brú chun é sin a bhaint amach.

Dúirt an tAire go bhfuil monarchana nua in ionad na monarchan a dúnadh. Cén monarcha nua atá i gCiarraí?

Ní hé go bhfuil monarcha nua ann. An rud atá i gceist agam ná gur cuireadh ceann eile in áit an cheann a dúnadh.

Cén ceann é sin.

I mBaile na nGamhan.

Níl aon mhonarcha nua ansin. Níl an t-eolas ar fad ag an Aire agus tá s ag iarraidh dalladh mullóg a chur ar an Teach.

Níl dalladh mullóg ar bith ann.

Top
Share