asked the Minister for the Gaeltacht if her attention has been drawn to the critical employment situation of a firm (details supplied) in County Donegal.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Donegal Firm.
13.
Tá a fhios agam go bhfuil fadhbanna fostaíochta ag an gcomhlacht sin—mar atá ag go leor comhlachtaí eile atá i ngnó den chineál céanna—ó tharla nach bhfuil margadh maith faoi láthair do na hearraí a dhéantar. Mura dtiocfaidh feabhas ar na díolacháin go luath is oth liom a rá gur in olcas a rachaidh na fadhbanna.
Ní miste a lua go raibh deis agam féin bualadh le hionadaithe na n-oibrithe ar an 28 Bealtaine agus go dtuigeann siad an scéal.
Cé mhéid duine atá fostaíthe san mhonarcha sin?
Céad agus a sé.
Cé mhéid lá sa tseachtain atá siad ag obair?
Dó nó trí.