Tairgim:
Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó ná £205,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1980, le haghaidh deontais-i-gcabhair don Udarás um Ard Oideachas, d'Institiúidí agus Seirbhísí áirithe Ardoideachais agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Atha Cliath.