d'Aire na Gaeltachta cad iad na scéimeanna forbartha idir mhonarchana, thionscail, scéimeanna feabhsúcháin etc. a ceadaíodh ó 5 Iúil 1977 go 30 Lúnasa 1980 agus atá críochnaithe anois sna háiteanna seo a leanas i gContae Dhún na nGall: An Clochán Liath; Anagaire, Ailt an Chorráin, Árainn Mhór agus Rann na Feirste.
Written Answers . - Scéimeanna Forbartha Chontae Dún na nGall
: Ní bhreactar síos sonraí i mo Roinnse faoi chaiteachas in áiteanna áirithe in aon chontae. Tig liom a rá, áfach, gur chaith an Roinn na suimeanna seo a leanas ar mhaithe leis na ceantair uile Ghaeltachta i gContae Dhún na nGall sa tréimhse 1 Iúil 1977 go 31 Lúnasa 1980:
|
£ |
|
|
Scéimeanna títhíochta |
652,312 |
|
Bóithre |
156,055 |
|
Uisce agus séarachas |
139,106 |
|
Muiroibreacha |
210,645 |
|
Talmhaíocht |
54,066 |
|
Forbairt chomharchumann |
123,754 |
|
Hallaí agus coláistí Gaeilge |
56,685 |
|
Cóiríocht saoire |
34,510 |
|
Saoráidí ilghnéitheacha |
41,468 |
|
An Deontas £10 |
95,570 |
|
Cúrsaí oiliúna |
12,751 |
|
Lucht íostais a choinnigh foghlaimeoirí Gaeilge |
629,196 |
|
Amharclann Ghaoth Dobhair |
6,800 |
|
2,212,918 |
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur ceadaíodh agus gur íocadh cúnamh a chuidigh le fostaíocht i 19 gcás sna háiteanna agus sa tréimhse atá i gceist — 8 ar an gClochán Liath; 1 in Anagaire; 5 in Ailt an Chorráin, 2 ar Árainn Mhór; agus 3 i Rann na Feirste.