Bhí tamall ann agus mé ag éisteacht leis an Teachta do pháirtí Fhine Gael agus nár chreid mé i ndáiríre go raibh cónaí ar an mbeirt againn san tír chéanna. Sílim go bhfuil sé soiléir don phobal ar fad gur cáinaisnéis í an cháinaisnéis seo atá díreach curtha os comhair na Dála agus ós comhair an phobail roinnt seachtainí ó shin a dhéanann iarracht mhacánta le cothrom na Féinne a thabhairt do chuile dhuine agus do chuile aicme sa tír seo trí chéile. Is cáinfhaisnéis í a rinne iarracht cothrom na Féinne a thabhairt dóibh sin is mó atá ina chall. Beidh méaduithe suntasacha a mbeidh éifeacht leo ó mhí Aibreáin seo chugainn le fáil acu siúd atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Beidh ardú 55 faoin gcéad le fáil acu siúd atá i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh fad-téarmacha agus ardú 50 faoin gcéad le fáil acu siúd atá i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh gearrthéarmacha. Ina measc siúd atá i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh gearrthéarmacha tá siad siúd in mo dháilcheantar-sa agus i ndáilcheantair eile in iarthar na tíre nach bhfuil acu ach feirmeacha beaga suaracha nach féidir leo slí bheatha ceart cóir a bhaint amach ar na feirmeacha sin agus atá i dteideal agus atá ag fáil le blianta fada anuas íocaíocht leasa shóisialaigh ar a dtugann siad féin an dole.
Tharla rud anuraidh go raibh ar go leor acu seo cur isteach ar an ardú. Creidimse i ndáiríre nár thuig go leor dóibh siúd a tháinig amach le fiosrú a dhéanamh ar an slí bheatha a bhí le fáil nó ar an teacht isteach a bhí le fáil ag na feirmeoirí beaga seo, cás na bhfeirmeoirí beaga seo. Ní raibh tuiscint cheart acu b'fhéidir ar an slí bheatha a bhí le fáil acu seo san mbaile. I mbliana tá áthas ormsa go raibh mise mar bhall den Rialtas a shocraigh nach mbeadh orthu cur isteach ar an ardú an bhliain seo ach go bhféadfaidís an t-árdú a fháil san am chéanna le chuile dhuine eile.
Anuas ar na híocaíochtaí sin tá ardú fresisn socraithe do mháithreacha ar fud na tíre do liúntais leanaí atá le fáil acu agus tá sé sóiléir gur ardú é seo a théann go mór i gcion ar mháithreacha na tíre gur airgead é dóibh féin le caitheamh ar mhaithe leo fhéin nó ar mhaithe lena gclann. I gcáinaisneis na bliana seo caite tháinig athrú réadúil ar chúrsaí cáin ioncaim na tíre seo do dhaoine pósta. Bhí costas an-mhór £227 milliúin in aon bhliain amháin ag baint leis an athrú réadúil sin a dhéanamh. Is fiú a rá nach bhfuil aon mhéadú i gcáin dhíreach sa cháinaisnéis seo agus go bhfuil faoiseamh eile san mbreis socraithe do lucht PAYE, mar a thugtar orthu, arís i mbliana.
Bhí an Teachta Deasy agus go leor do na Teachtaí a labhair roimhe sin freisin ag caint ar an gcaoi a caitear airgead a chuirtear ar fáil do na ranna Stáit éagsúla ina gcuid Meastacháin féin agus b'fhéidir nár mhiste a lua ag an am seo go gcreidimse agus ar ndóigh to gcreidimid ar fad atá i gceannas aon Roinn Stáit gur ar mhaithe leis an bpobal trí chéile a chaitear an t-airgead a chuir siad ar fáil ina Meastacháin féin.
Tá an-áthas ormsa gur éirigh leis an Rialtas breis is £23.5 milliún a chur ar fáil domsa do Roinn na Gaeltachta i mbliana agus mar atá a fhios againn ar fad caitear é sin ar mhaithe leis an nGaeltacht agus ar mhaithe leis an Ghaeilge agus creidimse gur ar leas an phobail agus ar leas na tíre a chaitear é freisin. Cuirtear an t-airgead sin ar fáil ar bhealaí éagsúla agus caitheann eagrais éagsúla é atá faoi chúram mo Roinnse, cuir i gcás an tÚdarás, Bord na Gaeilge agus roinnt eagras eile freisin. Ach ba mhaith liom ar dtús ceist amháin a lua, ceist atá mar bhun pholasaí ag Fianna Fáil ó tháinig siad i Rialtas den chéad uair sa tír seo. Sin é an polasaí díláraithe atá ag Rialtas Fhianna Fáil. Aontaíonn chuile dhuine pé acu ar anseo i mBaile Átha Cliath atá cónaí orthu nó thíos faoin tír gur céim mhór ar aghaidh é dílárú at bith ó Bhaile Átha Claith síos faoin tír agus mar sin ba chúis riméid domsa gur tharla sé le linn mo chuid ama féin mar Aire na Gaeltachta gur díláráraíodh páirt do Roinn na Gaeltachta ní h-amháin go dtí iarthar na hÉireann ach go dtí mo Dháilcheantar féin. I mí an Mheithimh anuraidh aistríodh aonad feidmiúcháin de chuid na Roinne ó Bhaile Átha Cliath go dtí oifig bhreá nua a tógadh d'aon ghnó le sin sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara. Is amach as an oifig sin a théann íocaíochtaí uile na Roinne. Is ansin freisin a dhéantar an obair oifige a bhaineann le deontaisí tithíochta, deontaisí labhairt na Gaeilge, nó an deontas £10 mar a thugtar air, agus deontaisí freisin do mhná tí a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge.
'Séard atá ar intinn agam ná go mbeidh scéimeanna uile na Roinne á reachtáil, nó an beartas athshocraithe á chur i bhfeidhm, tríd an oifig sin agus nach mbeidh fágtha i mBaile Átha Cliath féin ach an chuid den Roinn ar a dtabharfar an Aireacht, is é sin an chuid den Roinn a bheadh ag cabhrú go príomha leis an Aire chun beartas a chruthú agus a fheabhsú. Tá sé beartaithe agamsa an obair seo a leanas a aistriú siar i dteannta leis an obair atá ar siúl cheana féin sna Forbacha, is é sin scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht agus seirbhísí ilghnéitheacha sóisialacha agus cultúrtha, agus beidh mé ag súil leis go rachfar ar aghaidh leis an aistriú i rith samhradh na bliana seo.
Rud eile a thárla ó ceapadh mar Aire Gaeltachta mise ná gur tháinig eagraíocht ar an saol san Ghaeltacht ar a dtugtar Údarás na Gaeltachta. Le blianta fada bhí eagraíocht sa Ghaeltacht le cuidiú le forbairt tionsclaíochta sa Ghaeltacht ar ar tugadh Gaeltarra Éireann. Ba chéim ar aghaidh íontach gur tugadh seans agus deis do phobal na Gaeltachta ionadaithe dá gcuid fhéin a rugadh agus a tógadh san nGaeltacht agus a bhí ag obair san nGaeltacht a thoghadh ar Údarás daonlathach, agus sílim go bhfuil sé fíor-thábhachtach go dtuigfeadh daoine, nuair a tháinig Rialtas Fhianna Fáil i gcumhacht bhí ceithre bliana go leith de Chomhrialtas feicthe sa tír seo. Bhí ceithre bliana go leith caite ag an Aire Ghaeltachta a bhí ann ag an am ag caint ar an Udarás a bheadh ar fáil, ag rá go gcuirfeadh sé féin ar fáil é, go raibh an Bille réidh aige le cur os comhair an Rialtais agus os comhair na Dála. Ní maith le aon duine a bheith ag caitheamh anuas ar Airí Ghaeltachta nó aon Aire Rialtais eile ach tá sé chomh maith go dtuigfeadh an pobal an fhírinne agus go mbeadh a fhios acu nach raibh Bille dá leithéid réidh le cur os comhair na Dála faoin scéim a bhí le fáil sa Roinn féin nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht. Ní raibh sé i gceist go dtoghfadh pobal na Gaeltachta aon ionadaí ar an Údarás nua seo go daonlathach. Bhí sé i gceist go gceapfadh an tAire agus an Rialtas na hionadaithe seo, ionadaithe na Gaeltachta ar an Údarás. Níor ghlac Fianna Fáil leis agus ní chreidim go nglacfadh pobal na Gaeltachta le Údarás den chineál sin.
Tá an tÚdarás ann anois breis is bliain agus creidimse go bhfuil siad ag gluiseacht ar aghaidh chomh tapaidh agus is féidir leo ar mhaithe le cúrsaí geilleagair na Gaeltachta, agus ar mhaithe le dul chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta agus gnéithe eile freisin. Bhí sé deacair ar ionadaithe dul i dtaithí ar an gcineál oibre a bhí ar siúl ag eagras Stáit den chineál sin. Thóg sé roinnt míosa i dtosach do na hionadaithe tosaigh, na baill ainmnithe agus an fhoireann istigh san eagraíocht dul i dtaithí a chéile, mar a déarfá. Thóg sé tamall le fáil amach cá raibh said ag dul agus le cinntiú gur i gcomhoibriú lena chéile a bheidís ar fad ar mhaithe leis an nGaeltacht.
Bhí tionchar, mar atá fhios ag chuile dhuine, ag an gcúlú domhanda ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre anuraidh, ar chúrsaí forbairt tionscail sa Ghaeltacht mar a bhí san chuid eile den tír. D'ainneoin sin, d'ainneoin na gconstaicí iomadúla a bhíonn le sárú le tionscail oiriúnacha a mhealladh go dtí an Ghaeltacht, cheadaigh an tÚdarás cúnamh airgid do 21 mhórthogra agus 76 mhionthograí tionsceaíochta i rith na bliana seo caite. Meastar go gcuirfidh na tograí sin breis agus 1,200 post nua ar fáil do mhuintir na Gaeltachta amach anseo. Beidh os cionn £17 milliún le fáil ag an Údarás i mbliana agus caithfear roinnt den airgead sin ag tógáil réamh-mhonarchana anseo agus ansud ar fud na Gaeltachta agus, mar atá a fhios agaibh ar fad, i gceantair cosúil leis an nGaeltacht, atá níos faide ó na hionaid mhóra, na cathracha móra tionscail na tire, bíonn sé níos deacra ar an Údarás tionsclóirí a mhealladh le cur fúthu, tionscail a bhúnú agus fostaíocht a chur ar fáil sna ceantracha sin.
Mar sin, sílimse gur rud an-tábhachtach réamh-mhonarchana a chur ar fáil, mar cuidíonn sé tionsclóirí a mhealladh nuair a fheiceann siad go bhfuil foirgneamh, ar a laghad, curtha ar fáil agus go mbíonn lán tacaíocht le fáil acu, ní héamháin nuair a thagann siad chun tionscail a bhunú san Ghaeltacht ach go mbíonn an cineál sin tacaíochta le fáil acu i gconaí.
Mar sin, tá an dualgas atá ar an Údarás i leith forbairt tionsclaíochta fíor-thábhachtach, agus tá sé tábhachtach go dtuigfeadh daoine—b'fhéidir go bhfuil beagán mí-thuiscint ag roinnt de na Gaeltachtaí ar fud na tíre — gur féidir le duine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht tionsclóir atá ar imeall na Gaeltachta nó b'fhéidir atá cortha faoi sa Ghaeltacht féin aige, páirt a ghlacadh i bhfostaíocht sa Ghaeltacht. Tá dualgas ar an Údarás oifigigh forbartha a bheith acu i gceantair na Gaeltachta, agus tá oifigigh forbartha ar fáil sna Gaeltachtaí ar fad. Sílim go bhfuil mí-thuiscint in áiteanna éagsúla faoi sin agus ba mhaith liom an mí-thuiscint sin a ghlanadh as aigne an phobail. Ba mhaith liom a mhíniú nach mar sin an scéal.
Tá dualgas mór eile ag an Údarás freisin. Tá sé sin leagtha síos in alt 8 den Acht um Údarás na Gaelatchta, 1979:
Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomhmheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann.
Tá fo-choiste ar leith ceaptha ag an Údarás le pleananna chun na críche sin a ullmhú. Mar thoradh ar obair an fho-choiste go dtí seo tá cabhair tugtha d'ógchlubanna agus ar fud na Gaeltachta agus tá cabhair tugtha do mhianraí ar fud na Gaeltachta. Tá cúnamh tugtha do ghníomhaíochtaí sóisialta, cultúrtha agus caitheamh aimsire agus tá caidreamh bunaithe le Bord na Gaeilge agus leis an Roinn Oideachais. Tá dualgas orainn uile muintir na Gaeltachta a spreagadh i dtreo go mbeidh fonn orthu cloí leis an nGaeilge agus í a chur chun cinn "mar phríomh-mheán cumarsáide" mar a luaitear san Acht: baineann sé sin go háirithe leis na ceantair beaga nó pócaí beaga sna Ghaeltachtaí oifigúla nach bhfuil mórán Gaeilge á labhairt iontu faoi láthair.
Chuir an tÚdarás béim ar leith ar na scéimeanna oiliúna d'ábhar bainisteoirí i rith na bliana mar bhí call mór ann, má bhíomar le Gaeilge a chur i réim ar urlár na monarchana féin, go mbeadh bainisteoirí cáilithe le fáil a mbeadh Gaeilge ar a dtoil acu. Tá sé soiléir i gceanntracha sa Ghaeltacht nach raibh traidisiún tionsclaíochta iontu go dtí blianta beaga anuas agus nach bhféadfá teacht ar na scileanna bainistíochta a bheadh riachtanach i dtionscail den tsórt seo. Mar sin, shocraigh an tÚdarás iad féin go gcaithfidís cuidiú le muintir na Gaeltachta na scileanna seo bheith ar a dtoil acu.
Tá líon na mbainisteoirí anois a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ag dul i méid i gcónaí sna tionscail éagsúla, agus fáiltíonn muid ar fad roimh an dul chun cinn sin.
Tá comórtas ann ar a dtugtar An Comórtas Forbartha Pobal chun féin-mhuinín a chothú sna comhluadair áitiúla Ghaeltachta, ionas go mbeadh fonn orthu an cumas agus an mianach atá iontu a léiriú agus a gcion féin a dhéanamh ar mhaithe leis na ceantair ina bhuil siad ina gcónaí. Shocraigh an tÚdarás ar chomórtas nua a bhunú a mhairfidh ar feadh cúig bliana agus bhí áthas orm bheith i láthair ag ócáid a d'eagraigh an tÚdarás cúpla mí ó shin chun tacaíocht lucht gnó agus tráchtála na tíre le airgead a fháil uathu don chomórtas seo. Tá áthas orm go bhfuil ag éirí thar cinn leis an bhfeachtas sin agus go bhfiul cuid mhaith comhlachtaí tar éis pátrúnacht a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den chomórtas.
Is é ceann, sílim, de na scéimeanna is tábhachtaí atá á reachtáil ag an Roinn ná scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Is é tá faoi cheist anseo ná go n-íocann mo Roinn airgead díreach leis na mná tí ar fud na Gaeltachta a choinníonn scoláirí as taobh amuigh de na Gaeltachtaí gur mian leo an Ghaeilge a fhoghlaim ar feadh míosa nó b'fhéidir dhá mhí sa samhradh. Tá an deontas sin méaduithe i mbliana go dtí dá phunt in aghaidh an lae, £14 sa tseachtain, ar son chuile dhalta a bhíonn ag chur faoi i dteach Ghaeltachta i rith cúrsaí Gaeilge. Ar ndóigh, ní bheadh éinne ag súil gur leor an t-árdú sin do na daltaí. Ní ón Roinn amháin a fhaigheann siad an t-airgead seo. Faigheann siad freisin é ón bpríomh fhuinse airgid, ó na coláistí Gaeilge féin. Tá súil agam go mbeidh luach saothair maith ag na mná tí ar fud na Gaeltachta as na coláistí Gaeilge seo agus go bhfaighidh na coláistí táillí dá réir ó thuismitheoirí ar mian leo a gcuid gasúr a chur chun na Gaeltachta.
Tháinig 18,500 dalta chun na Gaeltachta anuraidh agus tá mé cinnte go mbeidh líon i bhfad níos mó ann i mbliana. Má bhíonn socruithe éifeachtacha ann le cinntiú go mbeidh an comhoibriú atá riachtanach idir na mná tí agus na coláistí, tá mé cinnte gur chun leasú don Ghaeltacht agus don Ghaeilge a rachaidh na cúrsaí sin. Is íontach an deis a thugann sé do fhoghlaimeoirí Gaeilge a thabhairt isteach ar bhlas agus ar líofacht nádúrtha na Gaeltachta agus na Gaeilge trí chaidreamh le cainteoirí dúchais ina dtithe cónaithe féin. Ach tá easnamh bunúsach amháin sa scéim — tá sé ráite go minic agus go minic le blianta anuas — gur beag a dhéanann formhór Údaráis na gcoláistí seo le iar-chúram a chur ar fáil do na daltaí seo. Caitheann siad mí nó b'fhéidir dhá mhí san Ghaeltacht ina gcónaí agus ag labhairt le muintir na Gaeltachta. Agus bíonn a bheag nó a mhór den Ghaeilge agus de líofacht nádúrtha na háite acu agus iad ag dul abhaile. Téann siad abhaile agus b'fhéidir nach bhfeictear san Ghaeltacht arís iad go ceann bliana. Ba cheart go mbeadh sceim iomlán iar-chúram ar fáil do na daltaí sin sa chaoi go mbeidh siad in ann teacht le chéile ina muintir beaga anseo agus ansúd ar fud na tíre ó am go chéile i rith na bliana agus go mbeidís in ann an Ghaeilge atá foghlamtha acu i rith an tsamhraidh a chleachtadh ina measc féin go taithneamhach. Tá an cheist sin chomh tábhachtach sin go bhfuil mé féin ag plé bealaí ina bhféadfaí cur go mór leis na gníomhaíochtaí iar-chúraim atá ar fáil ag coláiste amháin nó b'fhéidir dhá choláiste faoi láthair.
Tá cúnamh á thabhairt do dhá nuachtán sheachtainiúla, Inniu agus Amárach. Athláinseáladh Amárach i mí Mheán Fómhair seo caite agus chuir lucht na Gaeilge, iad siúd taobh istigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh de, fáilte roimh an nuachtán. Tá cúnamh á chur ar fáil freisin do na tréimhseacháin Ghaeilge An tUltach, Comhar, Feasta agus go leor eile Cuirim fáilte freisin roimh iris nua ar a bhfuil an teideal aisteach sin b'fhéidir “Mahogany Gaspipe”, mar is iris í sin a fhoilsítear gach dara mí agus is ar dhéagóirí na tíre atá sí dírithe agus mar sin nil amhras orm ach gur cabhair mhór í do dhaoine óga agus gur iris í a b'fhéidir cur léi agus feabhas a dhéanamh uirthi amach anseo.
Caitear go leor airgid — airgead a chuirtear ar fáil trí an gcáinaisnéis agus trí mheastacháin na Roinne ar rudaí a chuireann feabhas ar shaol na ndaoine sna Gaeltachtaí ar fad. Is é atá i gceist ann ná na scéimeanna feabhsúcháin éagsúla a bhíos á reachtáil ag an Roinn. Sin na bóithre áise, na bóithre portaigh, scéimeanna uisce agus séarachais a thuilleann deontais. Tá deontais fhorlíontacha freisin le fáil faoi na muirir iasachta, más scéimeanna réigiúnacha iad, suas le £150 in aghaidh gach teach más grúpscéimeanna iad. Bíonn deontais ar fáil do mhuiroibreacha ar fud na Gaeltachta le cuidiú le muintir na Gaeltachta a bhaineaann úsáid as céanna agus a bhíonn ag iascaireacht le slí bheatha a bhaint amach; deontais le hallaí agus ionaid spóirt a chur ar fáil sna Gaeltachtaí, rudaí atá fior-thábhachtach ní amháin do na daoine óga a bhfuil áis den sórt sin riachtanach agus ag teastáil uathu ach freisin do phobal na Gaeltachta féin i dtreo go mbeidh lár ionad acu i gceartlár a gceantair nó a ndúiche féin go mbeidh siad in ann teacht le chéile ar ócáidí thaitneamhacha agus caidreamh a dhéanamh lena chéile.
Anois, aon duine a dhéanas taisteal ar fud na Gaeltachta feiceann sé go bhfuil na tithe is áille sa tír seo ar fáil ag muintir na Gaeltachta féin. Déanadh méaduithe móra ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht san bhliain 1977 ar na deontais atá ar fáil do thithe na Gaeltachta. Agus tá sé tábhachtach, sílim, go dtuigfeadh daoine, nuair a bhíonn deontas á chur ar fáil nach dtugtar aon aird ar an teacht isteach a bhíonn ag an iarratasóir, ar an bpá a bhíonn aige, agus nach dtugtar aon aird ach oiread ar mhéad an tí. Mar atá a fhios againn, tá deontas 50 faoin gcéad níos airde dóibh siúd atá ina gcónaí ar oileán Ghaeltachta amach ón gcósta. Tá £1 milliún ar fáil i mbliana chun na deontais títhíochta a íoc, beagnach trí oiread na ndeontas íocadh i 1976, agus ní féidir a shéanadh ach gur chun leas an phobail agus na tíre agus na Gaeltachta atá an t-airgead sin ag dul. Ní airgead curtha amú é.
Os ag caint ar na deontais tithe atá mé, ní dóigh liom go bhfuil Teachta sa Teach seo, atá ann faoi láthair nó a bhí ann, a bhfuil páirt dá dháilcheantar ina Ghaeltacht — mé féin áirithe ina measc — nár tháinig chuig Aire na Gaeltachta ag am amháin nó ag am eile ag caitheamh anuas ar an mbealach nach bhféadfadh duine as an Ghaeltacht deontas tithíochta a fháil mura raibh sé ina chónaí sa Ghaeltacht agus ina cheantar féin fhad is a bhí an teach dá thógáil. Bhí daoine ag caitheamh anuas, agus mé féin ina measc, orthu siúd a phós cailín nó buachaill ó taobh amuigh den Ghaeltacht nach raibh Gaeilge ar a dtoil acu agus nach bhféadfadh deontas tí a fháil dá bharr sin. Shocraigh mise nuair a tháinig mé isteach mar Aire na Gaeltachta go gcaithfimís athrú éigin a dhéanamh ar an scéim deontais a bhí ann ag an am. Thosnaíomar ar an athrú sin i lár na bliana. Thugamar isteach scéim chun cuidiú le muintir na Gaeltachta, dóibh siúd atá ag togáil tithe sa Ghaeltacht, deontas ar dtús a fháil ón Roinn Chomhshaoil, agus ansin deontas £800 sa bhreis ó Roinn na Gaeltachta. Iarracht bheag atá ansin le teallaigh a chuaigh ar aghaidh le tithe a thógáil nuair nach raibh siad, b'fhéidir, ina gcónaí sa Ghaeltacht, nó le cuidiú leo sinn nach raibh an Ghaeilge acu mar theanga theallaigh. Tugann sin deis dúinn iad siúd a spreagadh an Ghaeilge a labhairt níos minicí agus í a chur i réim ina gcuid tithe agus i measc na bpáistí. Níl anseo ach tús beag, níl ann ach athrú beag, ach ar a laghad táimid ag dul sa treo cheart; táimid ag cuidiú le daoine agus ag spreagadh daoine agus ag míniú do dhaoine go bhfuilimid sásta na deontais a íoc.
I gcáinaisnéis na bliana 1980 chuir an tAire Airgeadais ag an am £100,000 speisialta ar fáil domsa le caitheamh ar mhaithe le dul chun cinn na Gaeilge. Shocraíomar ag an am gurb é an bealach a bfhearr an t-airgead sin a chaitheamh ná ar chúrsa tarraingteach Gaeilge a bheadh ar mheáin chumarsáide na tíre, an radió agus an teilifís. D'iarr mé ar Údarás RTE ag an am a bheith ag cinntiú gur i bfhómhar na bliana 1980 a chuirfí amach an cúrsa sin. Bhí sé i gceist freisin, ar ndóigh, go dtabharfaí daoine le chéile anseo is ansúd ar fud na tíre sa chaoi go bhféadfaidís an cúrsa seo a chleachtadh ina mheasc. Bhí díomá ormsa nár éirigh le RTE é sin a chur ar siúl i bhfómhar anuraidh nó san earrach i mbliana. Ach mar a deirtear, is fearr go deireanach ná go bráth, ach beidh an cúrsa sin ag tosnú i bhfómhar na bliana seo, ach beidh an réamhchúrsa ag tosnú Lá le Pádraig. Níl amhras ar bith orm nó go bhféadfaidh an cúrsa atá beartaithe aghaidh an phobail a tharraingt ar an Ghaeilge, go mór mhór iad siúd atá bodhar ar a dteanga féin, agus nach airgead curtha amú a bheidh san £100,000 seo. Tá áthas orm a rá gur chuir an tAire Airgeadais an £100,000 seo ar fáil mar bhreis ar an airgead atá ar fáil i gCiste na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta arís i mbliana. Creidim go bhféadfaidh an cúrsa seo tús a chur le feachtas úr nua ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge.
Tá eagrais éagsúla sa tír seo ag cuidiú le dul chun cinn na Gaeilge le blianta fada anuas. Tá a lán acu, mar Chomhdáil Náisiúnta na Gaeilge, Gael Linn, Conradh na Gaeilge, eagrais éagsúla den tsórt sin, agus cuireadh bord reachtúil ar bun i 1978, Bord na Gaeilge. Tá sé leagtha síos san Acht sin an Ghaeilge agus úsáid na Gaeilge mar theanga beo, mar ghnáth theanga cumarsáide a chur chun cinn. Is eol dúinn uile chomh deacair is atá sé beartas faoi leith aon teanga a chur chun cinn, a thabhairt chun foirfeachta agus a fheidhmiú. Bíonn sé riachtanach staidéar a dhéanamh agus smaoineamh a dhéanamh le na bealaí is féiliúnaí le úsáid na teanga a scaipeadh níos forleithne i measc an phobail. Tuigeann Bord na Gaeilge an cúram ollmhór atá curtha orthu agus baineann an dualgas sin—ní hionann agus an gnáthforas Stáit a mbíonn, cuir i gcás, réimse teoranta oibre leagtha amach dó— le mórchuspóir tábhachtach náisiúnta atá chomh fairsing agus chomh hiltaobhach le saol an phobail. Baineann sé le ceann de na príomh-aidhmeanna a bhí ag polasaí Fhianna Fháil agus a bhí ag an gcéad ceannaire a bhí ag an páirtí sin nuair a chuireadh ar bun an páirtí na blianta fada ó shin. Ní mór mar sin don bhord chun a chúram a chomhlíonadh, comhghuaillíocht fheidhmiúil a bhaint amach on gcóras Stáit uile ar a bhfuil Ranna Rialtais ar fad, na eagraisí Stáit agus ó iliomad dreamanna eile, ina measc na heagraisí Gaeilge, muintir na Gaeltachta féin, na heaglaisí, na comhlachtaí gnó, na ceardchumainn, na heagraisí fheirmeoireachta, na hinstitiúidí oideachais, lucht siamsaíochta agus drámaíochta, foilsitheoirí agus go leor daoine eile a sholáthraíonn seirbhísí éagsúla sa tír. Is féidir a rá mar sin go bhfuil sé de dhualgas orthu freastal ar an bpobal ar fad chomh fada agus is féidir leo sin a dhéanamh.
D'aithnigh siad ag an tús an tábhacht a bhain leis an Roinn Oideachais sa mhéid go mbeadh sé beagnach do-dhéan ta úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa tír go hiomlán mura mbeadh lán-chomhoibriú agus lán-tacaíocht ar fáil leis an Roinn Oideachais agus sa gcaoi go mbeadh bun-inniúlacht sa teanga bainte amach ag daltaí na scoile sula bhfágaidís an scoil. Tá comhchoiste bunaithe acu idir iad féin agus an Roinn len é sin a dhéanamh agus leis an gcineál sin forbairt teanga a dhéanamh sna scoileanna ar dtús pé acu sa bhun scoil no sna hinstitiúidí ard oideachais, atá sé sin le cur ar fail. Labhair mé tamall ó shin faoi chuid amháin den obair sin a bhfuil tacaíocht a fháil acu ón Údarás in a thaobh agus sin forbairt na naíonraí Gaeilge atá á gcur ar fáil i gceantracha taobh istigh agus taobh amuigh den na Gaeltachtaí ar fud na tíre. Tá an-mhéadú tagaithe ar líon na naíonraí sin le bliain anuas nó b'fhéidir le sé mhí anuas agus cuirtear chuile chomhairle agus chuile sheirbhís taca ar fáil dóibh siúd a bhíos i bhfeighil na naíonraí seo. Tá lámh-leabhar treoracha ar fáil, caiséad ceoil agus rannta agus chomh maith le sin tá fístéip de naíonraí i mbun oibre mar sórt eiseamláir do na naíonraí eile.
Tá scéim deontas le haghaidh trealamh agus gléasra á cur ar fáil agus leathnaíodh an ghluaiseacht ar fud na Gaeltachta mar a dúirt mé i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta féin. Ní bheidh an tairbhe ceart le fáil as na naíonraí sin go dtí go mbeidh an dul chun cinn sin á dhéanamh sna mbunscoileanna, i scoileanna an dara leibhéal, sna coláistí oideachais, sna hollscoileanna agus in aon institiúid oideachais eile den tríú leibhéal. Tá naíonra den chineál sin anois bunaithe i mo pharóiste féin sa Rinn Mhór i gCathair na Gaillimhe. Feicim féin na páistí atá ag freastal ar sin. Níl Gaeilge ag formhór a dtuismitheoirí, b'fhéidir go bhfuil go leor acu a raibh suim acu á baint as ach nach raibh sí ar a dtoil acu, nach raibh in ann í a labhairt. Ach teastaíonn uathu an deis seo nó an seans seo a thabhairt dá chuid páistí an teanga a bheith acu, agus trína gcuid páistí b'fhéidir cleachtadh a dhéanamh ar an nGaeilge iad féin.
Tá fíor thábhacht ag baint leis na múinteoirí san ghluaiseacht mór seo ar fad. Tá eagraíocht ann ar a dtugtar Comhar na Múinteoirí Gaeilge, sin eagraíocht a chuireann seirbhísí taca gairmiúla ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge ar chuile leibhéal den chóras oideachais. Déanann an teagras cúram ar leith do mhúinteoirí sa Ghaeltacht agus do mhúinteoirí freisin atá ag múineadh i scoileanna lán-Ghaelacha taobh amuigh den Gaeltacht féin. Bíonn an-tionchar ag scoil lán-Ghaelach ar a timpeallacht. Tugann an bord cúnamh dá bhrí sin don eagras a bunaíodh tamall de bhlianta ó shin le tacaíocht a thabhairt do na scoileanna Gaeilge seo ar a dtugtar Gaelscoileanna. Cuireann an eagraíocht sin cabhair agus comhairle ar fáil freisin do dhaoine ar mian leo scoil lán-Ghaelach nó sruth Gaeilge, b'fhéidir scoil atá ann cheana, a bhúnú ina gceantar féin.
Tá coistí Gaeilge freisin ag feidhmiú i go leor de na scoileanna agus tá sé mar aidhm acu na modhanna is fearr a aimsiú leis an nGaeilge a chur á úsáid go nádúrtha mar theanga chaidrimh in institiúidí oideachais de chineálacha éagsúla atá ar fáil agus freisin len í a chur ar fáil san timpeallacht thart orthu féin. Tá coistí ag gníomhú i dtrí choláistí ollscoile, i gcoláistí oideachais agus i 16 de iarbhunscoileanna ar fud na tíre.
Tá sé de dhualgas speisialta ar an mbord cuidiú le teaghlaigh agus le daoine ar fud na tíre a chleachtaíonn an Ghaeilge oiread agus is féidir mar gnáth-theanga. Tá gá ag daoine den tsórt sin, creidim, le bunáiseanna den saghas a bhíonn ar fáil ag daoine a mbíonn teanga eile acu agus déanann an bord chuile dhícheall chun a chinntiú go mbíonn agus go mbeidh na bunáiseanna céanna seo ag muintir na tíre seo a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a fhoghlaim.
Táthar ag leanúint den obair i gceanntracha éagsúla a roghnaíodh i gcaitheamh na bliana seo caite agus i gcaitheamh na bliana roimhe sin chun iarracht faoi leith a dhéanamh leis an teanga a chur chun chinn iontu, sin ceantracha a fhaigheann cabhair ón bpobal áitiúil féin agus ó na heargraíochtaí éagsúla atá ag feidhmiú iontu idir eagraíochtaí náisiúnta agus eagraíochtaí Gaeilge. B'fhéidir nár mhiste a lua na ceantracha sin go gairid. Tá ceann amháin acu i gCaisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo, ceann eile acu i Dúiche Ide i gContae Luimnigh ar a raibh mé ann roinnt míosa ó shin, An Daingean i gContae Chiarraí, Cois Móire sna Déise, Contae Phort Láirge, agus Dúiche Chrónáin i gceantar Ráth Cúil agus Chluain Dolcáin i gContae Bhaile Atha Cliath. Tá comhluadar Gaelach bunaithe thart ar Scoil Lorcáin i mBaile na Manach i gContae Bhaile Átha Cliath. Tá cuid de na ceantair sin mar a bheimís ag súil leis, i bhfad níos gníomhaí ná cuid eile acu, ach is scéim an-spéisiúil í an scéim seo agus ba cheart lán-tacaíocht, a thabhairt do na hiarrachtaí atá ar siúl sna ceantracha éagsúla.
Tá fíor thábhacht ag baint le litríocht na Gaeilge sna hiarrachtaí atá ar siúl chun an teanga agus an cultúr dúchais a chur chun cinn. Mar chomhartha air sin, cuireann an Stát cabhair mhór ar fáil ar mhaithe le foilseacháin Ghaeilge, irisí, nuachtáin, leabhair, ach creidimse nach raibh na foilseacháin sin á léamh chomh forleathan agus a b'fhéidir leo agus ceann de na deacrachtaí a bhí ann i gcónaí nach raibh siad á bhfógairt i gceart, nach raibh siad á ndáileadh chomh maith agus a d'féadfaí iad a ndáleadh agus nach raibh na háiseanna ann len iad a dhíol. Shocraiodh dá bhrí sin seirbhís dáiliúcháin a chur ar fáil do leabhair agus do thréimhseacháin Ghaeilge agus tugtar Áisíneacht Dáiliúcháin Leabhar air. Chuaigh sé sin i mbun oibre tamall roimh an Nollaig. Dá bharr sin tá mise ag súil agus tá an Bord ag súil freisin go mbeidh leabhair Ghaeilge agus irisí Gaeilge le fáil go flúirseach, go héasca agus go forleathan ag an bpobal i siopaí ar fud na tíre.
Ní fhéadfaimís bheith ag caint ar chur chun cinn na teangan sa tír mura luaimís na rialtais áitiúla. Sé atá i gceist ansin ná na comhairlí chontae, na bardais chathrach, na coistí ghairmoideachais, na coistí talmhaíochta agus mar sin de atá le fáil i chuile chontae sa tír. Tá ag éirí go maith leis na hiarrachtaí atá ar siúl leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna ceantracha seo. Is é atá á lorg ná bealaí a bhféadfaí an Ghaeilge nó oiread áirithe de ag braith ar chúrsaí an cháis mar a déarfá, a chur in úsáid de réir a chéile sna gnóthaí oifigiúla agus i ngnóthaí poiblí na nÚdarás sin agus i saol sóisialta na ndaoine a bhaineann leis an réimse sin freisin. Is obair réasúnta nua atá anseo. D'fhéadfadh tionchar tábhachtach a bheith leis agus is fiú, mar sin, tacaíocht láidir a thabhairt dó. Tá iarrachtaí ar siúl freisin i réimsí eile Rialtais níos mó Gaeilge a úsáid — anseo sa Dáil, sa Seanad, sna Ranna Rialtais éagsúla, sa saol tráchtála, sna ceardchumainn, i gCumann Lúthchleas Gael agus in eagraíochtaí móra eile mar sin. Ó tá mé ag caint ar an Dáil d'fhéadfaí i bhfad níos mó a dhéanamh sa Teach seo. Mar formhór na dTeachtaí atá sa Teach seo tá Gaeilge, b'fhéidir fíor-bheagán, ag cuid acu, tá roinnt mhaith ag cuid eile, ach tá ranganna Gaeilge ar fáil anois. Bíonn siad ar fáil chuile Luain agus Dé Céadaoin sílim, agus tá freastal réasúnta maith ar na ranganna sin. Ní mise ná Roinn na Gaeltachta a chuir na rar ganna sin ar fáil ach Gaeleagras na Seirbhísí Poiblí agus mar sin ní féidir a rá go bhfuil baint ag páirtí amháin polaitíochta leo níos mó ná ag páirtí eile, ach creidim gur féidir linn ar fad, is cuma cén taobh den Teach ar a bhfuilimíd ag suí, an méid atá againn a labhairt. B'fhéidir nach féidir le cuid againn Gaeilge a labhairt go minic, ach chomh minic agus is féidir linn é a labhairt.
Mar atá ráite anseo agam go minic, agus má ag caint go poiblí, is i gcomhair agus le comhoibriú na n-insitiúidí uilig ar fud na tíre a athshlánófar an teanga, agus bheadh súil ann go mbeadh an comhoibriú sin le fáil go fial agus go flaithiúil i gcónaí. Tá áiteanna ar leith ar ndóigh ag na heagraisí Gaeilge san obair atá ar siúl ag Bord na Gaeilge, agus tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh comhoibriú iomlán eatarthu i gcónaí. Tá sé seo ráite go minic agam freisin, dá bhféadfaí na hiarrachtaí sin uilig a tharraingt le chéile agus aon mhór-iarracht a bheith ann, dá mbeimís uilig ag obair le chéile agus i gcomhar lena chéile, d'féadfaimís, tá mé cinnte, dul chun cinn suntasach a dhéanamh i leith na teanga. Tá caidreamh ar siúl agam agus ag Bord na Gaeilge le fada le Radio Teilifís Éireann chun cur leis an méid Gaeilge atá le cloisteáil agus le feiceáil ar an raidió agus ar an teilifís. Ní dóigh liom go dtuigeann cuid dóibh siúd istigh ins an eagraíocht in RTE a mbíonn cláracha a bhfuil tarraingt mhór ag an bpobal orthu, cláracha a mbíonn ar fáil, b'fhéidir, chuile lá, ag daoine mór le rá a bhfuil ainmneacha móra san eagraíocht sin acu, ní dóigh liom go dtuigeann siad an tionchar mór atá acu ar an bpobal, agus dá n-úsáididís abairt amháin Gaeilge chuile lá ar a gclár mar thús, bheadh tionchar fíor-thábhachtach aige sin ar phobal na hÉireann i gcoitinne. Sílim gur fiú dóibh cuimhneamh air sin agus smaoineamh air sin. Dá ndeanfaidís é sin agus dá mbainfidís úsáid as, déarfaimid, abairt amháin mar thús bheadh a rian sin le feiceáil agus creidimse go bhfaighidís tacaíocht iomlán an phobail dá ndéanfaidís é sin.