Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 May 1981

Vol. 328 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Redundancy Payments

23.

asked the Minister for the Gaeltacht if, in view of her reply to Parliamentary Question No. 314 on 11 March 1981, she will indicate the total amount of redundancy payments made in the case of the 1,117 jobs which were lost during 1980.

Ba mhaith liom a mhíniú nach mbíonn íocaíocht iomarcaíochta i gceist gach uile uair a chailltear post: mar shampla, d'fhéadfadh fostaí imeacht dá dheoin féin agus bheadh post caillte mura líonfaí an folútas. Tuigim nach mbíonn eolas cruinn ar fáil d'Údarás na Gaeltachta faoi íocaíochtaí ach amháin i gcás na bhfothionscal. Tuigim freisin gur cailleadh na poist sa bhliain 1980 sna cineálacha éagsúla tionscal mar seo a leanas: fothionscail ina raibh iomlán nó tromlach na scaireanna ag an Údarás féin, 274; comhthionscail ina raibh mionlach na scaireanna ag an Údarás, 326; tionscail nach raibh aon scaireanna ag an Údarás iontu, 517.

Cé gur cailleadh 274 phost sna fothionscail, tuigim nár tuilleadh íocaíochtaí iomarcaíochta ach i 144 chás.

An bhfuil an tAire ábalta a rá cathain a bhfuair sí an t-eolas go raibh an príomh oifigeach ag éirí as oifig in Údarás na Gaeltachta?

Níl aon bhaint ag an ceist seo leis an ádhbhar sin in aonchor.

Top
Share