Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 May 1981

Vol. 328 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Arranmore (County Donegal) New Ferry.

27.

asked the Minister for the Gaeltacht when the new Arranmore ferry, County Donegal will be in operation; and the reason for the delay.

Is féidir úsáid theoranta a bhaint as an mbád sin aon uair is mian le Comharchumann Oileán Árainn Mhór tús a chur leis an tseirbhís ach ní féidir lánúsáid a bhaint as go dtí go gcríochnófar na muiroibreacha atá á ndéanamh ag Ailt an Chorráin agus ag an Léab Garbh. Tá deontas lánchostais de bhreis ar £400,000 ceadaithe agam do na hoibreacha sin agus tá súil agam go gcríochnófar iad an bhliain seo chugainn. Thóg sé tamall pleananna agus meastacháin a ullmhú do na hoibreacha agus bhí moill le tús a chur leo mar bhíothas ag iarraidh seilbh a fháil ar phíosaí talún.

Cathain a cuireadh an t-airgead ar fáil?

Tá áthas orm gur chuir an Teachta an cheist. Cuireadh an t-airgead ar fáil ar 29 Samhain 1977.

(Cur isteach.)

Top
Share