Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 16 Dec 1981

Vol. 331 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coláistí Réigiúnacha.

13. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhféachfaidh sé chuige go gcuirfear cúrsaí teicniúla trí mheán na Gaeilge ar fáil sa Choláiste Réigiúnach i nGaillimh le freastal a dhéanamh ar an líon mór daltaí Gaeltachta atá ag freastal ar an gColáiste.

14. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé mar chuspóir ag a Roinn go mbeadh sruth lán-Ghaelach sa Choláiste Réigiúnach i nGaillimh amach anseo chun freastal orthu sin ar mian leo leanacht lena gcuid oideachais trí Ghaeilge.

15.

asked the Minister for Education if it is his intention to provide technical courses through the medium of Irish at the regional technical college in Letterkenny, County Donegal, in order to facilitate the many students from Donegal who attend there.

Le cead an Chinn Comhairle, tá sé ar intinn agam ceisteanna uimhir 13, uimhir 14 agus uimhir 15 a thógaint le chéile. Ba mhór agam é cúrsaí trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa Chóláiste Réigiúnach Teicniúil i nGaillimh do na micléinn ón nGaeltacht agus do na micléinn úd ar mian leo a gcúrsaí staidéir a leanacht trí mheán na Gaeilge. Tá réimse mhór chúrsa dá teagasc sa choláiste agus braitheann sé ar léiriú a bheith ann go bhfuil éileamh ann cúrsa nó cúrsaí ar bith díobh siúd a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge chun gur féidir le húdaráis an choláiste gníomhú dá réir.

I láthair na huaire, tá cúrsa dhá bhliain i staidéar gnó ar fáil trí mheán na Gaeilge sa choláiste, cúrsa a thuilleann teastas náisiúnta ó Chomhairle Naisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais. Tá mé sásta go bhfuil fonn ar lucht an choláiste tuilleadh cúrsaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil ach an t-éileamh a bheith ann dóibh.

I would be very pleased to see technical courses provided through the medium of Irish at the Regional Technical College in Letterkenny. However, the provision of such courses depends on the demand there is for them. At present, the college provides a two-year secretarial course — cúrsa rúnaíochta — leading to the award of a National Certificate by the National Council for Educational Awards. I understand that the college would be willing to provide further courses upon a demand being shown to exist for them.

Ó m'eolas féin agus ó eolas aon duine as Dáil Cheantar na Gaillimhe thoir nó thiar, tá éileamh ann i gColáiste Réigiúnach na Gaillimhe líon níos mó cúrsaí a bheith ann trí mheán na Gaeilge. Na cúrsaí go bunúsach a bhí i gceist agam i mo cheist ná na cúrsaí teicniúla. Ba mhaith liom a fháil amach an mbeadh an tAire é féin agus an Roinn fábharach le cúrsaí teicniúla trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil sa choláiste?

Ba mhór agam na cúrsaí sin a chur ar fáil dá mbeadh an t-éileamh ann. Bheadh an Roinn fábharach chomh maith.

An bhfuil an tAire sásta mach bhfuil aon éileamh ón gcéard-choláiste nó ó udarás an Cheard-Choláiste cúrsaí i leith na Gaeilge a chur ar fáil?

Táim ag rá nach bhfuil ceist ar bith mar sin os comhair na Roinne ag an am seo.

Céard iad na cúrsaí atá i gceist ag an Aire? Dúirt sé nach bhfuil aon éileamh ann na cúrsaí a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Formhór na cúrsaí teicniúla.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil níos mó ná leath de na daoine atá ag freastal ar na coláistí a luaigh mé i nGaeltacht Thír Chonaill sásta na cúrsaí sin a bheith acu? An gcuirfidh sé na cúrsaí sin ar fáil dóibh.

Dá mbeadh an t-éileamh ann tá mé sásta go bhféadfadh údaráis na gcoláistí socrú a dhéanamh na léachtóirí a chur ar fáil.

Thagair an tAire don éileamh. Céard tá i gceist aige? An é an míniú atá aige dá mbeadh an oiread sin faoin gcéad de na scolairí ag iarraidh go gcuirfí na cúrsaí sin ar fáil go mbeadh sé sásta iad a chur ar fáil? Cén ceatadán atá i gceist aige a bheadh feiliúnach?

Bheinn sásta glacadh le cúrsaí tré mheán na Gaeilge dá mbeadh an líon iarrthóirí chomh mór is a bhféadfaí gnáth-chúrsa a chur ar siúl i gcoitinne. Caithfidh líon réasúnta a bheith ann chun cúrsaí mar sin a chur ar siúl agus a leanúint, agus b'fhearr liom gan figiúr ar bith a luadh ag an bpointe seo.

Top
Share