Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 Dec 1981

Vol. 331 No. 12

Written Answers. - Aonad Roinne i gConamara.

95. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén uair a aistreofar aonad eile de chuid Roinn na Gaeltachta chuig na Forbacha.

Aistreofar obair bhreise go dtí an oifig sin nuair a bheidh an fhoireann chuí curtha le chéile. Beidh cuid den fhoireann á lorg ó Ranna eile agus níl na socruithe chuige sin críochnaithe fós.

Top
Share