Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 Dec 1981

Vol. 331 No. 12

Written Answers. - An Deontas Títhíochta.

99. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige an deontas tithíochta a ardú £1,000 mar a gheall páirtí Fhine Gael i rith an toghcháin.

100. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén t-am a n-árdófar an deontas tithíochta go £6,000 dóibh siúd atá ag ceannach tí don chéad uair mar a gheall páirtí Fhine Gael.

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceisteanna 99 agus 100 le chéile. Tá méadú ar an deontas tógála faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) á bhreithniú i ndáil le meastacháin na bliana seo chugainn agus is gnó don Aire Comhshaoil aon íocaíocht de bhreis ar an deontas faoi na hAchtanna sin.

Top
Share