Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 Dec 1981

Vol. 331 No. 12

Written Answers. - An Deontas £10.

101. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige an deontas £10 a ardú go £20 i mbliana mar a gheall páirtí Fhine Gael.

Tá an cheist sin á breithniú don scoilbhliain reatha i ndáil le meastacháin na bliana seo chugainn.

102. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta gur ar líofacht teangan a chuirtear an bhéim faoi láthair sa scrúdú don deontas £10.

Is amhlaidh a bhítear ag súil leis an líofacht nádúrtha a bhíonn ag dalta arb í an Ghaeilge gnáth-theanga a theaghlaigh.

Top
Share