Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 Dec 1981

Vol. 331 No. 12

Written Answers. - Imeachtaí Boird agus Údaráis na Gaeilge.

103. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige go gcuirfeadh Bord na Gaeilge tuarascáil ar a n-imeachtaí ar fáil do Údarás na Gaeltachta.

Bíonn dlúth-theagmháil idir Bord na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta agus cuireann siad cibé eolas is gá ar fáil dá chéile.

104. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé chomh luath agus a bhunófar fochoiste chun gach gné d'imeachtaí Údarás na Gaeltachta a scrúdú agus chun tuarascáil a thabhairt do na baill faoi mar a gheall páirtí Fhine Gael i rith an toghcháin.

Fágfar faoi chomhaltaí an Údaráis socruithe a dhéanamh chun eolas cuí a fháil ón eagraíocht faoi aon ghné dá gcuid imeachtaí.

Top
Share