Mar a dúirt mé inné ins an díospóireacht seo, ní haon rún é go bhfuil tionscal na hiascaireachta san am i láthair i ngéarchéim agus má dhéanaimíd scrudú ar an tionscal seo sílim gur féidir linn a fháil amach cén áit a bhfuil na deacrachtaí. Sé mo bharúil féin go bhfuil na deacrachtaí a bhaineann le tionscal na hiascaireachta san am i láthair ag teacht ón barr agus ón bhun. Mar shampla, na costais a bhaineann le hiascaireacht, tá siad ag dul in airde, luach artola, luach arachais, trealamh agus mar sin de. Ar an dtaobh eile den scéal, an luach atá na hiascairí ag fáil ar a gcuid éisc, de réir cosúlachta níl ardú ar bith air. Má tá aon rud ag tarlú tá sé ag dul in ísle gach bliain.
Cad is féidir linn a dhéanamh faoi sin? Sílim féin go dtig leis an Aire agus leis an Rialtas rud éigin a dhéanamh chun cuidiú leis na hiascairí a bhfuil a gcuid costas ag dul in airde gach bliain. Sílim go bhfuil sé in am ag an Rialtas cuimhniú ar fhor-dheontas nó subsidy a thabhairt dos na hiascairí a gcosnaíonn a gcuid ola an oiread sin dóibh. Ni shílim go bhfuil aon tír eile sa chomhargadh faoi láthair a gcosnaíonn a n-ola nios mó dóibh ná mar a chosnaíonn sé do na hiascairí anseo in Éirinn. Is dóigh go ndéarfaidh an tAire agus an Rialtas agus b'fhéidir an Comhargadh nach ceadmhach é sin a dhéanamh, ach de réir mar a thuigim féin tá tíortha sa chomhargadh faoi láthair, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Iodáil agus tá siad sin ag tabhairt fordheontas i leith na hola. Ní fheicim cén fáth nach bhfuilimidne ábalta a leithéid a dhéanamh chom maith maidir le luach an éisc. Mar a dúirt mé is beag ardú ata ag teacht air. Sílim, má scrudaimid an cheist, gur féidir linn déanamh amach cén fáth nach bhfuil ardú ag teacht air. Silim go bhfuil an t-eileamh céanna ar iasc anois agus a bhí sna blianta a chuaigh thart. B'fhéidir go bhfuil an t-éileamh nios mó. Nuair a bhí mé féin níos óige — agus is dócha go bhfuil cuimhneamh ag cuid eile agaibh air seo — ni raibh cead againn feoil a ithe Dé hAoine; caithimis iasc a ithe. Is é mar a bhí an scéal san am nach n-íosfadh éinne iasc aon lá sa seachtain ach Dé hAoine. Anois tá an scéal sin athruithe agus is féidir leat iasc a itheadh gach lá sa tseachtain. Tá an t-éileamh ar an iasc agus níl an bua á chur leis, agus cen fáth? Sílim gurb é an fáth ná an méid éisc atá ag teacht isteach ó thíortha eile — ó Chanada, ón Norbhuadh agus ón Ioslainn — go dtí tíortha an Chomhargaidh.
Sílim go bhfuil fuascailt na ceiste le fáil sa Bhruiséal go gcaithfidh an tAire Iascaireachta agus Foraoiseachta, le tacaíocht an Rialtais, dul ansin agus cinnte a dhéanamh de go mbeidh cothrom na féinne le fáil ag iascairí na tíre seo ón gComhargadh. Is é an polasaí, de réir cosúlachta, atá ag na tíortha mór le rá, An Ghéarmáin agus an Fhrainc agus na tiortha eile ná iasc saor a ligint isteach os na tíortha seo ar choinníoll go dtig leo a gcuid earraí tionsclaíochta féin a dhíol arais leo. Is é an dream atá thíos leis agus an dream ata ag fulaingt ná iascairí na hÉireann anseo atá beagnach curtha faoi chois san am i láthair.
Rinneadh tagairt anseo inné do thionscal na maicréal. Le cúpla mí tá daoine ag triall ar chuanta san tír seo — Castletownbere agus áiteachta eile—120 lorraí sa lá agus iad ag easportáil lastaí maicréal go dti tíortha na hEorpa agus sílim, nuair a dheinimid sin gur ag easportáil jobanna a bhímid. Anseo in Eirinn, do gach uile iascaire atá ag iascaireacht ar an fharraige tá duine amháin ar an talamh ag obair i dtionscail phroiseála. Má chuirimd é sin i gcomparáid le rudaí mar atá san Eoraip do gach iascaire, cur i gcás san Ísiltír, atá ar an fharraige, tá seisear ag obair ar an Mhórthír. Caithimid smaoineamh ar fhorbairt a dhéanamh i dtionscail na proiséala sa tír seo agus postanna a chur ar fáil, agus nuair a chuimhním ar cén áit a bhfuil an t-iasc le fáil, sílim gur fiú don Rialtas agus don Aire cuimhneamh ar an tionscal proiseála agus postanna a chur ar fáil in iarthar na tíre.
Ba mhaith liom chomh maith le sin tagairt a dhéanamh, má táimid ag dul ag cur tionscal próiseála ar fáil, go gcaithimid deiseanna agus áiseanna cearta a chur ar an mórthír dóibh sin, mar shampla, san am i láthair in iarthar na tíre agus go speisialta san dáilcheantar ina bhfuil mé féin, iardheisceart Thír Chonaill. Mar a dúirt an Teachta Coughlan anseo tráthnóna inné sílim go bhfuil cuid des na bóithre is measa sa tír ann, agus nuair a bhímid ag taisteal ar fud an dáilcheantair seo agus feicimid lorraithe agus trucailí móra 40 throithe ar fad ag iarraidh dul thar na bóithre, sílim sula mbíonn tionscail chearta ins an áit go gcaitfear infheistiú ceart a dhéanamh sna bóithre; agus chomh maith le sin, i gcúrsaí téileachumarsáide cuir i gcás cúrsaí teileafóin. Inniu féin bhí mise ag iarraidh dul tríd go dtí an Bhunbeg as an áit seo agus theip orm agus ní sin an chéad uair. Ach nuair a chuimhníonn tú ar na daoine atá ag plé le hiasc, ag ceannach éisc agus ag diol éisc, agus go gcaithfear an mhargaíocht a dhéanamh go gasta mar go rachadh lobhadh ar an iasc, ta sé fior-thábhachtach go mbeadh córas ceart cumarsáide teileafóin, telex agus ar uile ag na ceannaitheoiri agus na daoine ata páirteach sa tionscal sa dóigh go dtig leo teanghmáil a dhéanamh le ceannaitheorí sa Bhreatain agus tíortha eile na hEorpa.
Bhí deis agam le déanaí cuairt a thabhairt ar an chalaphort iascaireachta is mó sa tír, is é sin na Cealla Beaga. Tá áthas orm a rá go bhfuil forbairt mhór déanta ar an cheantar sin agus ar an mbaile sin le roinnt blianta anuas. Ceann de na rudaí is mó a chuir mé suim iontu nuair a bhí mé ansin ná an chuairt a thug mé ar an long-chlós sna Cealla Beaga, long-chlós a bhfuil oibrithe ag obair ann leis na blianta fada agus tradisiún breá long-thógála acu ins an am a chuaigh thart. Bhí siad ábalta báid iascaireachta a thógáil a bhí déanta de adhmad, ach tá áthas orm a rá anois go bhfuil deiseanna sa long-chlós sin agus go dtig leo na báid is nua-aimseartha a thógáil, báid déanta as crua atá os chionn 40 troigh.
Tá eagla orm, mar sin féin, go bhfuil deacrachtaí acu i láthair na huaire agus ceann des na deacrachtaí atá acu ná an iomaíocht ghéar atá siad ag fáil ó thíortha na hEorpa. Ní hé nach bhfuil na hoibrithe sna Cealla Beaga chomh maith lena macasamhail san Eoraip, ach tá buntáistí ag longchlósanna ins an Eoraip nach bhfuil ag na daoine atá i mbun an ghnó seo sna Cealla Beaga. Ceann des na rudaí is mó a chuireann isteach orthu ná go bhfuil fordheontas le fáil i dtíortha na hEorpa ag na dreamanna a bhíonn ag tógáil longa agus bád agus nach bhfuil siad le fáil sna Cealla Beaga. Bhí toscaireacht agam — níl sé chomh fada sin uilig — agus d'iarr siad orm iarraidh ar an Aire an bhféadfadh sé macasamhail den deontas sin a thabhairt do na daoine atá i mbun an ghnó seo sna Cealla Beaga.
Le cúpla seachtain tá ráflaí ag dul thart trí na Cealla Beaga i dtaobh crann tógála speisialta a bhí beartaithe a chur ar fáil, go bhfuil an crann tógála sin curtha ar athló. De réir cosúlachta tá sé déanta as iarann agus as crua. Cuireadh in iúl dom — níl a fhios agam an fíor é nó nach fíor — go bhfuil an t-ordú curtha ar ceal — an t-ordú fá choinne an t-iarann a cheann-ach don chrann tógála seo. Más fíor an ráfla sin, cuirfidh sé isteach go mór orain-ne in iar-dheisceart Thír Chonnaill. Sílim go gcuirfidh sé cosc ar an fhorbairt atá beartaithe do na Cealla Beaga agus b'fhéidir nuair a bhéas an tAire ag tabhairt freagra ar an díospóireacht seo go bhféadfaidh sé an scéal a shoiléiriú agus nach fíor na ráflaí atá ag dul thart go bhfuil polasaí i leith na gCealla Beaga ag athrú agus nach bhfuil an bhéim chéanna ar fhorbairt ansin, mar má chuirtear isteach ar fhorbairt na gCealla Beaga go ndéanfaidh sé dochar do thionscal na hiascaireachta ní amháin i dTír Chonaill ach ar fud na tíre. Aon rud a dhéanann dochar do thionscal na hiascaireachta déanfaidh sé dochar do eacnamaíocht na tíre agus go speisialta do eacnamaíocht Thír Chonaill.
An dara port ar mhaith liom tagairt ghearr a dhéanamh dó ná Ailt an Chorráin, Burtonport. Mar a dúirt mé tráthnóna inné, bhí sé de phríbhléid agam freastal ar chruinniú a bhí eagraithe ag Comharchumann Iascairí Ailt an Chorráin cúpla seachtain ó shin agus chonaic mé féin agus na Teachtaí Dála eile a bhí i láthair ansin na deacrachtaí atá sa chalafort sin. Mar shampla, tugadh geallúint dóibh bliain go leith ó shin go ndéanfaí forbairt ar Ailt an Chorráin. Dúirt an Taoiseach atá againn i láthair na huaire, an t-uasal Ó hEochaidh, nuair a bhí an fo-thoghchán i dTír Chonaill — is dócha go bhfuil cuimhne ag cuid agaibh air; tá cuimhne mhaith agam féin air — go raibh suim aige agus thug sé geallúint go gcuirfí céad troithe le cé Ailt an Chorráin agus chomh maith le sin go ndéanfaí an port a ghlanadh. Tá súil agam go mbeidh an fhorbairt sin ag tarlúint gan mhoill agus b'fhéidir arís go bhféadfadh an tAire a insint dúinn go díreach cén uair a bhfuil sé ar intinn aige an fhorbairt sin á dhéanamh. In mo pharóiste féin tá calafort eile, calafort a dhéanann freastal ar báid a bhíonn ag plé le hiascaireacht na mbradán níos mó ná aon iascaireacht eile. Le cúpla bliain táthar ag déanamh forbartha ar an Bhunbeg. Nuair a bhí Tomás Ó Domhnaill ina Aire Ghaeltachta i gcomhar leis an Aire Iascaireachta ag an am, tugadh deontas don Bhunbeg agus tá céim a dó den obair sin críochnaithe anois. Ach níl an job déanta ar fad mar tá céim a trí le déanamh agus sílim, an lá atá ann inniu, go bhfuil na hoibrithe atá ansin ag Bord na nOibreacha Poiblí ag tarraingt amach as an Bhunbeg inniu agus ag dul go dtí áit éigin eile. Tá súil agam go gairid go mbeidh siad arais ansin agus go gcuirfidh siad críoch cheart leis an obair a tosaíodh ansin cúpla bliain ó shin. Tá roinnt chalafort eile sa chontae agus ba mhaith liom iad a fheiceáil ag forbairt. Tá Baile an Easaigh, Cloughaneely, Magheroarty a dhéanann freastal ar iascaireacht bhradáin agus a dhéanann freastal chomh maith ar Oileán Tory agus ar Inis Bofinne.
Ó tharla mé ag caint ar Inis Bofinne, is é an t-aon teacht isteach taobh amuigh de liúntais leasa shóisialaigh atá ag na daoine ar an oileán sin na tionscail na hiascaireachta. Sílim gur ceann de na hoileáin é atá dearmadaithe ar fad ar chósta Thír Chonaill.
Mar shampla, níl fiú amháin solas aibhléise ar Inis Bofinne. Sílim gur tugadh geallúint bliain nó cúpla bliain ó shin go gcuirfí ineallra ar fáil a chuirfeadh cumhacht aibhléise agus solais ar fáil don oileán seo agus go dtí seo níor tharla aon rud. Tá pobal beo daoine ann. Tá siad i mbun iascaireachta agus ba mhór an trua é mura ndéanfaí fóirthint orthu ar an dóigh sin. Ní shílim go bhfuil morán oileán eile ar chósta na tíre anois a bhfuil daoine ina gcónaí orthu nach bhfuil cumhacht aibhléise acu.
Sula dtagaim go dtí deireadh mo scéil, ba mhaith liom iarratas spesialta a chur ag an Aire anseo inniu. Iarratas a bhaineann leis na daoine atá ag brath ar thionscal na mbradán. Mar atá a fhios agaibh féin, anuraidh is beag airgead a rinneadh ar na bradáin. Bhí an séasúr bradáin is measa againn is dóigh a bhí againne riamh. De thoradh sin tá cáin le híoc ag na hiascairí bradáin "the salmon levy" agus ceann de na rudaí ba mhaith liomsa a chur i láthair an Aire inniu go gcuir-feadh sé deireadh leis an cháin sin fá choinne séasúr na bliana seo. Ag an am seo nuair atá na hiascairí go dona, nuair atá siad ag fáil chomh beag sin airgead ar a gcuid tairgí, sílim gur droch rud é an cháin seo a chur ar na hiascairí agus ba mhaith liom a agairt ar an Aire agus ar an Rialtas go gcuirfí deireadh leis an cháin seo i mbliana.
Sula dtagaim go dtí deireadh, duine ar bith againn as Tír Chonaill nó as chósta thiar na hÉireann a bhfuil suim againn san iascaireacht, feicimid ó am go ham na taismí a tharlíonn ar an fharraige. Tá eolas ar leith againn in iar-dheisceart Thír Chonaill ar na tubaistí agus ar na taismí uafásacha seo. Tarlíonn siad anois is arís agus is beag a thig linn a dhéanamh mar gheall orthu. Ba mhaith liom go bhféadfaí níos mó a dhéanamh, go bhféadfaí go mbeadh comhar naisiúnta tarrthála nó rud éigin dá mhacasamhail curtha ar fáil sa dóigh nuair a bheadh long nó bád nó foireann iascaireacht i gcontúirt go bhféadfaí tarrtháil a thabhairt orthu trí na daoine atá in a bhun i láthair na huaire, an Air Corps, an Garda agus na báid fóirthinte, agus atá siad ag déanamh sár-obair. Tá siad ag déanamh a ndíchill ach silim gur chóir go mbeadh eagraíocht náisiúnta de chineál éigin agus chomh luath agus a théann an scéal amach go bhfuil long i gcontúirt nó i dtrioblóid ar an fharraige, go bhféadfaí tarrtháil a thabhairt orthu taobh istigh de uair a chloig. Go minic tarlíonn cuid de na taismí seo le linn dorchadas na hoiche. Cuid de na rudaí a thug mé féin agus daoine eile faoi ndeara nach mbíonn deis ag an Air Corps lena gcuid helicopter dul amach san oíche. B'fhéidir gurbh fhiú cuimhneamh ar helicopter a fháil do na paróistí agus áiseanna ar bord orthu gur feidir leo dul amach lá nó oiche. Nuair a bhíonn long i dtrioblóid ar an fharraige is minic a dhéanann ceathrú uaire nó níos lú an difir idir beatha a shabháil agus beatha a chailleadh.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a rá go bhfuil súil agam go n-éiroidh leis an Aire san am atá roimhe agus go mbeidh sé ábalta tarrtháil a thabhairt ar thionscal na hiascaireachta sa tír seo. Is fíor a rá nach raibh sé chomh holc riamh. Tá súil agam nuair a bhéas a ré thart go mbeidh rudaí i bhfad níos fearr ná mar atá faoi láthair.