Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 Jun 1982

Vol. 337 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bád Farantóireachta Árainn Mhór.

20. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén uair a bheidh bád farantóireachta Árainn Mhór ag dul i mbun seirbhíse.

Is féidir feidhm theoranta a bhaint as an mbád sin aon uair is mian le Comharchumann Oileán Árainn Mhór tús a chur leis an tseirbhís ach ní féidir lánúsáid a bhaint as go dtí go gcríochnófar na muiroibreacha atá á ndéanamh ag Ailt an Chorráin agus ag an Léab Garbh. Tá súil agam go gcríochnófar na hoibreacha sin i mbliana—ar chostas de bhreis ar £400,000 atá á chur ar fáil trí mo Roinnse.

Top
Share