Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 Jun 1982

Vol. 337 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Limistéir na nGaeltachtaí.

22. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige limistéir na nGaeltachtaí a athrú.

Is le hordú de chuid an Rialtais a leasófaí na limistéir Ghaeltachta agus, dá mbeinn sásta gur cóir leasuithe a dhéanamh, mholfainn don Rialtas iad.

An n-aontaíonn an tAire go bhfuil laghdú tagtha i leith na Gaeilge sna Gaeltachtaí faoi láthair agus an n-aontaíonn sé go mba chóir na Gaeltachtaí a leathanú ionas go mbeidh daoine taobh amuigh de limistéir na nGaeltachtaí faoi láthair in ann deontais níos airde d'fháil ó thaobh cúrsaí uisce, séarachais, tithe agus eile.

Níl aon laghdú, dar liomsa, ar an chaighdeán Gaeilge atá á labhairt sna Gaeltachtaí ach tá laghdú tagtha ar an méid daoine atá sásta caint as Gaeilge an t-am ar fad. Aontaím le sin. Ach caithfidh mé a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn agam scrúdú a dhéanamh ar an rud agus go mbeidh mé ag déanamh cinneadh maidir le sin roimh dheireadh na bliana. Beidh tacaíocht ag teastáil uaimse ó urlabhraí na bpáirtithe polaitíochta eile sa Teach maidir leis na socruithe atá le déanamh agam.

(Donegal South-West): An mbreathnódh an Aire ar na Gleanntaí agus Ard an Ratha go háirithe?

Táim lán-tsásta breathnú ar aon áit——

Níl sé ar intinn ag an Aire breathnú ar áit ar bith. Dúirt sé nuair a bhí sé ag tabhairt freagra ar an gceist dá mbeadh sé sásta go mbeadh toradh air seo go mbreathnódh sé ar na cúrsaí seo. Bhfuil sé ar intinn aige breathnú ar áiteacha áirithe?

Bhí mé ag breathnú cheana féin ar dhá áit sa tír agus beidh mé ag déanamh cinneadh maidir leis an rud go luath. Bhí Airí eile ann romham agus ní raibh siad sásta ach bhí sé ar intinn acu na Gaeltachtaí a scrios ar fad. Níl sé sin ar intinn agamsa, ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta. Ach beidh go leor le rá agam maidir leis sin as seo amach.

Ní raibh mórán le rá aige nuair a bhí sé ag caint ar chúrsaí a Roinne féin, ach ó tá sé faoi anois díospóireacht a dhéanamh faoin gceist seo, tá mise sásta le do thoil, a Cheann Comhairle má tá sé futsa ligean dó é sin a dhéanamh, ach má tá sé chun freagra a thabhairt ar cheist tugadh sé freagra ar cheist.

Níl sé sin ar intinn agam ar chor ar bith. Bhí mé ag caint anseo ar feadh uair go leith ar an díospóireacht le haghaidh na cáinfháisnéise agus uair agus ceathrú uair a chloig nuair a bhí mé ag tabhairt freagra ar mo Mheastachán féin. Nach íontach an rud é nach raibh an páirtí ina bhfuil an Teachta Dukes ina bhall de sásta glacadh len a Mheastachán féin an tseachtain seo caite. Bí i láthair agus bí ag éisteacht sa Tigh nuair a bheidh mé ag caint an chéad uair eile.

(Cur isteach.)

Top
Share