Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1982

Vol. 338 No. 5

Ceisteanna—Questions. Written Answers. - Reachtaíocht Chraolacháin.

39. D'Fhiafraigh

den Aire Poist agus Telegrafa an bhfuil sé ar intinn aige Bille a thabhairt faoi bhráid na Dála chun an reachtaíocht i dtaobh craolacháin a leasú, ar chaoi a chuirfeadh ar a chumas feasta a bhreithniú cé chomh dúthrachtach is atá RTÉ ag comhlíonadh a dhualgas reachtúil i leith na Gaeilge.

Níl sé i gceist agam Bille dá leithéad a thabhairt faoi bhráid na Dála.

Top
Share