Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Apr 1983

Vol. 341 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers . - Droichead Nua do Chontae na Gaillimhe .

15. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta cabhair airgid a thabhairt amach anseo chun droichead nua a thógáil ag Inis Ní, Cloch na Rón, Contae na Gaillimhe.

: Ní féidir le mo Roinnse cabhair airgid a thabhairt sa chás sin i mbliana ach féadfar é a scrúdú amach anseo.

: Ón méid atá cloiste againn is dócha nach fiú na ceisteanna seo a chur. Mar sin féin ba mhaith liom a chur in iúl don Aire nach bhfuil sé fíor nár fhiafraígh mé sa cheist an mbeadh an tAire sásta airgead a chur ar fáil i mbliana. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag iarraidh a fháil amach ó Roinn na Gaeltachta an mbeadh an Roinn sásta cabhair airgid a thabhairt nuair a thagann an job seo ar aghaidh go dtí an pointe nuair a bheidh airgead ag teastáil. Tá siad ag iarraidh a fháil amach i bprionsabal ag an bpointe seo an mbeadh an Roinn sásta cabhair airgid a thabhairt. Tá an droichead atá ann lag, tá sé ró-chaol chun an bus scoile a thabhairt go dtí an t-oileán agus caithfidh na páistí siúl. Aon rud atá le tabhairt go dtí an t-oileán caithfear é a fhágáil ag barr an bhóthair agus é a thabhairt isteach ón bpointe sin ar charr asail nó ar charr chapaill agus sa lá atá inniu ann aontóidh an tAire liom nach bhfuil sé sin sásúil chor ar bith. Tá droichead nua ag teastáil agus tá meastachán déanta ar chostas £600,000.

: Tá Meastachán na bliana seo chugainn le plé agus nuair a bheidh na moltaí tugtha os comhair na Roinne faoin droichead seo, beidh mise ag breathnú ar soláthair airgid a thabhairt dó. Ba mhaith liom a rá chomh maith, nuair atáimid ag caint faoi dhroichid, gur mise a chuir an t-airgead ar fáil le haghaidh Dhroichid Mhuicineach atá críochnaithe anois, rud nach ndearna beirt Airí na Gaeltachta romham.

: An é atá á á rá ag an Aire go bhfuil sé sásta i bprionsabal cabair airgid a thabhairt, agus an bhfuil sé ag rá anois le Comhairle Contae na Gaillimhe dul ar aghaidh len a bpleananna agus teacht ar ais an bhliain seo chugainn nuair a bheidh a bpleananna agus a meastacháin réidh chun cabhair airgid a fháil ón Aire?

: Dúirt mé go raibh mé sásta breathnú ar an moladh nuair a thagann sé os mo chomhair. Níl mé ag tabhairt gealltarais ar bith go dtí go mbeidh an moladh os mo comhair.

: Tuigeann an tAire go bhfuil an deacracht ann nach fiú do Chomhairle Chontae na Gaillimhe dul ar aghaidh leis gan scéal éigin a bheith acu ón Aire go mbeidh sé sásta cabhair airgid a thabhairt.

: Beidh na Meastacháin á bplé sar i bhfad.

: An mbeadh an tAire sásta breathnú go fábhrach ar seo agus ligint don Chomhairle Chontae dul ar aghaidh len a bpleananna.

Top
Share