Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Apr 1983

Vol. 341 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers . - Taisteal Scoile .

18. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta costais taistil scoile a chur ar fáil do pháistí na Gaeltachta faoi mar a bhí ar siúl go dtí 1966.

: Chuaigh scéim mo Roinne as feidhm nuair a chuir an Roinn Oideachais córas taistil ar fáil do dhaltaí iar-bhunscoile sa bhliain 1967 agus fáigheann daltaí Gaeltachta buntáiste an chórais taistil sin.

Bhí cionmhaireacht le híoc riamh ag daltaí faoi scéim mo Roinne agus níl sé i gceist an scéim sin a athbheochan faoi mar a cuireadh in iúl don Teachta le déanaí.

: Tá a fhios ag an Aire go bhfuil costaisí breise le n-íoc anois ag páistí na Gaeltachta cosúil le páistí eile ar fud na tíre atá ag brath ar sheirbhís busanna scoile. An mbeadh an tAire sásta athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal i dtaobh páistí sna Gaeltachtaí nach mbeidh in ann scolaíocht a fháil anois de bharr na costaisí atá an tAire ag cur orthu?

: Is ar an Roinn Oideachais amháin atá an fhreagracht agus an cúram i dtaobh an scéim taistil a reachtáil. Mar atá a fhios ag an Teachta, cuireadh deireadh leis an seanscéim i 1967. Níl ar intinn agamsa cur isteach ar obair na scéime atá á reachtáil ag an Roinn Oideachais faoi láthair.

: An bhfuil an tAire ag rá go mbeidh na buntáistí a bhíodh ag na páistí sna Gaeltachtaí suas go dtí 1966 caillte acu de bharr na gcostas breise? Dá bhrí sin nach mbeadh sé ceart agus cóir ag an Aire breathnú go báúil ar an scéim a bhí ann cheana do phaistí na Gaeltachta?

: Dá mbeadh go leor airgid le caitheamh againn ar chuile rud b'fhéidir go ndéanfainn breathnú go báúil air seo, ach níl a leithéid againn.

: Sna freagraí a thug an tAire inniu níl ach gearradh siar ar chuile shórt. Cén uair a bheas deireadh leis? Céard tá in ann don Ghaeltacht? An leanfaidh an Rialtas leis an polasaí seo.

: Chomh fada agus atá an tAire faoin ghearradh siar airgid, an bhféadfadh sé insint dúinn an mbeidh Roinn na Gaeltachta ar bith againn.

Top
Share