Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Apr 1983

Vol. 341 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers . - Burtonport Harbour, Donegal .

19.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will make a statement regarding the extension to Burtonport Harbour, County Donegal.

: Níl aon phlean á scrúdú maidir leis an gcé sin a leathnú agus níl airgead ar fáil i mo Roinnse i mbliana chun aon sciar de chostas dreidireachta a sheasamh.

: Ní chuireann sé sin iontas ar bith orm ach cuirfidh mé ceist ar an Aire an mbeidh an freagra céanna le fáil agamsa taréis trí seachtainí má tá mé ábalta an cheist chéanna a chur síos.

: Ag an bpointe seo is é an difríocht atá idir mé féin agus an Teachta go mbeidh fo-thoghachán ann agus an raibh an Teachta ag geallúint airgid——

(Cur isteach.)

: Cuirfidh mé focheist eile ar an Aire. An bhfuil airgead ar fáil chun an cé a ghlanadh?

: Tuigim na deacrachtaí atá ag baint leis an gcé sin. Táim ag breathnú air ach níl mé cinnte an féidir é a dhéanamh. Má chuireann an Teachta ceist faoi sin——

(Cur isteach.)

: Sin an méid. Ceist 20.

Top
Share