Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Apr 1983

Vol. 341 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers . - Údarás na Gaeltachta .

4. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard é dearcadh an Rialtais ar thodhchaí Udarás na Gaeltachta.

: Is mian leis an Rialtas go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú chomh héifeachtach agus is féidir agus go n-éireoidh go maith leis.

: An gciallaíonn sé sin gur dearcadh diúltach nó nach ea atá ag an Rialtas ar pholasaithe Údaráis?

: Tá dearcadh an-deimhneach ag an Rialtas ar pholasaithe agus ar obair an Údaráis agus mar a dúirt mé sa bhfreagra tá súil agam go n-éireoidh go geal le polasaithe an Údaráis i leith forbairt na Gaeltachta.

: An bhfuil iarratas os comhair na Roinne do chumhachtaí breise d'Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire.

: Sin ceist eile.

: Baineann sé sin le todhchaí an Údaráis. Baineann todhchaí an Údaráis le cumhachtaí breise nó aon iarratas. Go dtí seo bhí an tAire ag rá nach raibh aon iarratas agus nach bhféadfadh sé cinneadh a dhéanamh air. Tá iarratas anois leat agus bheinn buíoch den Aire dá bhféadfadh sé a insint dúinn an bhfuil sé i gceist aige cinneadh a dhéanamh air sin.

: Tá iarratas le haghaidh chumhachtaí breise ann mar a bhí go deimhin níos luaithe ná seo agus ó bunaíodh é bhí an tÚdarás ag iarraidh cumhachtaí breise. Tá iarratas uathu anois. Níl aon chinneadh déanta agamsa go fóill agus ba mhaith liom a rá, ar fhaitíos go mbeadh daoine ag ceapadh go raibh rud éigin mór ag teacht anseo, is é mo thuairim, cé nach bhfuil freagra oifigiúil tugtha agam don Údarás, nach bhféadfaí cumhachtaí breise a thabhairt dóibh ar na cineáil iarratas atá istigh faoi láthair acu.

: An gcreideann an tAire go gcreideann muide é, nó go gcreidfidh pobal na Gaeltachta é nuair a deireann sé go bhfuil an-suim ag an Rialtas i ndul chun cinn Údarás na Gaeltachta, nuair atá ciorruithe 10 faoin gcéad déanta ar mheastachán Údarás na Gaeltachta don bhliain seo? An gceapann sé gur dearcadh deimhneach é sin.

: Níl a fhios agam an gcreideann an Teachta é ach tá daoine amuigh ansin a chreideann go bhfuil suim ag an Rialtas in Údarás na Gaeltachta.

5. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) an bhfuil sé i gceist aige go ndéanfaí athruithe i leith rannóg cumarsáide an Údaráis; (b) an bhfuil an cheist seo pléite aige le Bord an Údaráis; agus (c) an bhfuil an cheist pléite aige le príomh-fheidhmeannach an Údaráis.

: Is sna torthaí a bhainfidh an tÚdarás amach atá spéis agamsa agus tá cúrsaí i gcoitinne — cúrsaí cumarsáide san áireamh — pléite agam leis na comhaltaí agus leis an bpríomh-fheidhmeannach a bhfuil an cúram orthu eagar cuí a chur ar an eagraíocht.

: Tá mé cinnte go bhfuil imní ar an Aire mar atá orainn ar fad faoi roinnt droch-phoiblíochta a fuair an tÚdarás sna blianta go deireannach. Ba mhaith liom a fháil amach cé tá ag plé le cúrsaí cumarsáide an Údaráis go ginearálta?

: Sin ceist don Údarás féin agus do bhainistíocht an Údaráis agus chomh fada agus is eol dom tá an cheist sin á plé faoi láthair taobh istigh den Údarás agus nuair a bheidh ainm an té agam atá ag plé go hoifigiúil le ceist cumarsáide an Údaráis beidh mé sásta an t-eolas a thabhairt don Teach seo.

: An é atá an tAire a rá nach bhfuil aon duine deimhneach faoi láthair ag plé le cúrsaí cumarsáide san Údaráis féin.

: Chomh fada agus is eol dom tá idirbheartaíocht ar siúl faoi láthair leis an gceist seo a shocrú.

: Níl aon duine faoi láthair ag plé le cúrsaí cumarsáide?

: Chomh fada agus is eol dom tá duine nó daoine ansin ag plé leis idir an dá linn, ach níl aon duine seasmhach, socraithe, aontaithe go fóill chomh fada agus is eol dom.

: An nglacann an tAire leis go bhfuil fíor-thábhacht ag baint le poiblíocht in aon eagras Stáit, agus in eagras Stáit atá chomh tábhachtach le Údarás na Gaeltachta, nach bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh duine amháin freagrach go hiomlán as an rannóg chumarsáide. An n-aontaíonn sé go bhfuil sé scannalach nach bhfuil aon duine ann faoi láthair?

: Níor dúirt mé nach raibh aon duine. Dúirt mé an rud céanna nuair a bhuail mé comhaltaí an Údaráis go mba cheart dóibh teacht ar réiteach — agus tá daoine eile i gceist anseo; tá ceardchumann i gceist — chomh luath agus is féidir, ar na cúiseanna a ndeir an Teachta go bhfuil sé an-tábhachtach. Is gnó do Údarás na Gaeltachta a mholadh cén chaoi a gcaithfear an £6 mhilliún mar dheontas caipitil agus an £5.3 mhilliún mar airleacan atá ar fáil dóibh i mbliana.

: Cén t-am ar chuir an tAire in iúl don Údarás go raibh £1.7 milliún de chiorrú á dhéanamh ar an Mheastachán i mbliana?

: Ní thig liom dáta a thabhairt don Teachta ach, chomh fada agus is cuimhin liom, thart ar dheireadh mhí Eanáir a bhí orainn ciorrú a chur i gcion ar na Meastacháin a foilsíodh i mí na Samhna.

: Nach n-aontódh an tAire go bhfuil sé thar am, trí mhí taréis cóip na Meastachán a bheith acu, go mbeadh an t-eolas ar fáil don Aire a d'iarr mé, cén áit a sábhálfaí an £1.7 milliún?

: Tá réiteach agus gnóthaí á leagadh amach ag an bhainistíocht agus ag cumhachtaí an Údaráis faoi láthair, agus maidir le caiteachas caipitil tá a lán áiteanna ag an Údarás atá folamh faoi láthair i leith monarchana agus mar sin de agus is féidir leo freastal ar aon iarratas a thiocfas chucu le haghaidh monarchana a bhunú agus deantúisí a spreagadh agus fostaíocht a chur ar fáil. Is acu siúd atá sé an cheist sin a réiteach.

: An é atá á rá ag an Aire ná gur i gcúrsaí réamh-mhonarchana nó i gcúrsaí tógála a dhéanfar an ciorrú £1.7 milliún seo?

: Tá a fhios ag an Teachta ón a thaithí ag gabháil don Roinn, don Ghaeltacht agus don Údarás, gur ag an Údarás atá sé na ceisteanna seo a shocrú agus ní chuirfinn isteach orthu.

6. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cá bhfuil sé i gceist aige go sábhálfar £1.7 milliún i Meastachán Údarás na Gaeltachta i 1983.

: Is gnó d'Údarás na Gaeltachta a mholadh cén chaoi a gcaithfear an £6m mar dheontais chaipitil agus an £5.3m mar airleacan atá ar fáil dó i mbliana.

Top
Share