Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Jun 1983

Vol. 343 No. 4

Written Answers. - Todhchaí na gComharchumann.

618. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) an fíor go bhfuil coiste eile eadar-Ranna Stáit le bunú chun todhchaí na gComharchumann a phlé; (b) cé na téarmaí tagartha a bheas ag an gCoiste seo; (c) cé na baill a bheas ar an gCoiste; (d) cén fáth a bhfuil coiste eile le bunú agus gan tuarascáil an chéad choiste foilsithe go fóill.

Tar éis dom soláthar airgid i bhfad níos mó ná mar a fuair said riamh roimhe sin a chur ar fáil anuraidh ar mhaithe leis na comharchumainn Ghaeltachta, is cúis mhór díomá dom nár éirigh le roinnt acu eagar sásúil a chur ar a gcuid gníomhaíochtaí féin. Is é mo thuairim, áfach, gur fiú iarracht eile a dhéanamh chun comhairle a leasa a chur ar chomharchumainn a bhfuil fadhbanna móra acu agus gur trí choiste oifigiúil, mar a bhí ag feidhmiú cúpla bliain ó shin, is fearr is féidir é sin a dhéanamh. Is é atá beartaithe agam mar sin ná coiste leis an ionadaíocht chéanna a thabhairt le chéile arís.

Top
Share