Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Jun 1983

Vol. 343 No. 6

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

672. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag an Údarás aon iarrachtaí speisialta a dhéanamh le fostaíocht i gceantar áirithe (sonraí tugtha) a ardú.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil iarrachtaí speisialta á ndéanamh cheana féin chun fostaíocht bhreise a chur ar fáil sa cheantar sin.

Top
Share