Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Jul 1983

Vol. 344 No. 9

Written Answers. - Scoileanna Lán-Ghaelacha.

149. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cé mhéad scoil lán-Ghaelach atá á bhfeidhmiú sa tír i láthair na huaire; cén chabhair airgid a thug a Roinn do na scoileanna sin i 1982; agus cé mhéad atá ar intinn ag a Roinn a chur ar fáil dóibh i 1983.

Tá 128 bunscoileanna náisiúnta sa Ghaeltacht faoi láthair ina múintear gach ábhar, ach amháin Béarla, trí mheán na Gaeilge. Chomh maith leo san tá 30 bunscoil lán-Ghaelach ag freastal ar dhaltaí ón Ghalltacht, is é sin iomlán de 158.

Do b'é an caiteachas ag an Roinn Oideachais i leith na scoileanna seo sa bhliain 1982 ná £7,620,089.

Tá 27 scoileanna lán-Ghaelacha iarbhunoideachais ag feidhmiú sa tír i láthair na huaire. Sa bhliain 1982 d'íocadh tuairim is £3,070,000 leis na scoileanna sin, seachas na gairmscoileanna, idir thuarastail mhúinteorí agus eile. Is as cistí na gCoistí Gairmoideachais a íoctar an chabhair airgid i leith na ngairmscoileanna agus níl cuntas ar leith ar fáil dó sin.

Ní dhéantar áireamh faoi leith chun críche na Meastachán i gcóir na Seirbhísí Poiblí den mhéad a chaithfí ar na scoileanna lán-Ghaelacha sa bhlian cuí agus dá réir sin ní féidir a rá ag an am seo cén caiteachas a bheidh orthu i 1983.

Top
Share