Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Jul 1983

Vol. 344 No. 9

Written Answers. - County Donegal Factories.

438.

asked the Minister for the Gaeltacht the location of advance factories planned for County Donegal; and when he expects the building of each individual factory to commence.

Tuigim go bhfuil beartaithe ag Údarás na Gaeltachta cnuasach de cheithre mhonarcha 200 méadar cearnach an ceann a thógáil ar an bhFál Carrach agus go bhfuiltear ag súil go gcuirfear tús leis an obair thógála roimh dheireadh na bliana seo.

439.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will give details of the location of factories in County Donegal not occupied at present; and if he has any plans to have them reopened.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil foirgnimh folamh faoi láthair sna ceantair Ghaeltachta seo a leanas: Gleann Domhain; Fánaid; Gort an Choirce; Gaoth Dobhair; Dobhar Uachtarach; Árainn Mhór; Baile na Móna.

Bíonn gach dícheall á dhéanamh ag an Údarás i gcónaí chun tionscail a fháil do na foirgnimh sin agus, dá chomhartha sin, tá tograí aimsithe do dhá cheann acu agus tá togra á phlé do chuid de cheann eile.

440.

asked the Minister for the Gaeltacht the position in relation to Údarás na Gaeltachta grant aided factories (details supplied) in County Donegal; and if he will make a statement on the matter.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go raibh fadhbanna áirithe ag an tionscal sin agus go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh lena réitheach.

Top
Share