Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 26 Jan 1984

Vol. 347 No. 5

Written Answers. - Deontais do Chontae na Gaillimhe.

202. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid san iomlán a cuireadh ar fáil i bhfoirm deontais do bhóithre áise agus do bhóithre portaigh i nGaeltacht Chonamara i ngach ceann de na blianta seo a leanas (a) 1980, (b) 1981, (c) 1982, (d) 1983; agus cé mhéad airgid atá i gceist a chur ar fáil i 1984.

Níl bóithre roghnaithe fós don bhliain 1984. Seo a leanas caiteachas mo Roinne-se ar bhóithre áise agus portaigh i nGaeltacht na Gaillimhe sna blianta eile:

Bliain

An caiteachas

£

1980

129,374

1981

215,326

1982

83,638

1983

4,908

203. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas a chur ar fáil do dheisiú céibhe i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha).

Níil sé beartaithe ag an bpointe seo deontas a chur ar fáil chun an ché sin a dheisiú.

204. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an chúis gur diúltaíodh iarratas ar dheontas tithíochta do dhuine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe.

Ní fhéadfaí deontas a cheadú sa chás sin toisc nach rabhthas sásta go raibh na coinníollacha reachtúla comhlíonta, go háirithe gurbh í an Ghaeilge gnáththeanga an teaghlaigh.

205. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas a chur ar fáil do dheisiú bóthair (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe.

Breithneoidh mé an cás sin nuair a bheidh an soláthar airgid do bhóithre i mbliana á dháileadh agam.

Top
Share