Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Mar 1984

Vol. 349 No. 5

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Táillí Teagaisc do Choláistí Gaeilge.

9. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cad é an méadú atá beartaithe a dhéanamh ag an Roinn Oideachais ar na táillí teagaisc do Choláistí Gaeilge do 1984 os rud é nach bhfuil aon ardú tagaithe ar na táillí céanna ó 1980.

Ní féidir aon mhéadú a dhéanamh ar na táillí teagaisc atá luaite don bhliain 1984. Déanfar an cheist faoi mhéadú sna táillí seo a bhreithniú arís nuair a bheidh Meastacháin na bliana seo chugainn á n-ullmhú.

An bhfuil a fhios ag an Aire nár tháinig aon athrú ar na taillí teagaisc seo ó 1980? An ndéanfaidh an tAire a dícheall chun ardú a thabhairt orthu os rud é gurb iad na tuismitheoirí a chaithfidh na taillí a íoc go dtí na coláistí samhraidh. An féidir lei ardú a thabhairt a bheidh i gcomparáid leis an mboilsciú?

Ba mhaith liom é a dhéanamh dá mb'fhéidir é ach ní leigheasófar an scéal seo i mbliana.

An nglacann an tAire go gcuirfidh sí isteach go mór ar imeachtaí na gcoláistí seo muna mbíonn múinteoirí sásta teacht chun múineadh iontu, agus muna bhfaigheann siad ardú nach mbeidh siad sásta cabhrú le teagasc a thabhairt do na gasúir?

Déanfaidh mé mo dhícheall, ach is oth liom nach féidir liom níos mó a rá ag an bpointe seo.

An féidir a ghlacadh go bhfuil méidín beag dóchais ins an fhreagra agus go mb'fhéidir go mbeidh an tAire ábalta, fiú amháin ardú anbheag a thabhairt i mbliana?

Ba mhaith liom dá mb'fhéidir é ach ní féidir liom níos mó a rá ag an bpointe seo.

Ar mhian leis an Aire rud éigin a dhéanamh?

Déanfaidh mé mo dhícheall.

An bhfuil an tAire sásta glacadh leis go raibh gearradh siar de 10 faoin gcéad ann ó 1982 go dtí 1983 agus go mbeidh gearradh siar i bhfad níos mó ann i mbliana in uimhreacha de na leanaí a bheidh ag freastal ar na cúrsaí samhraidh de bharr nach bhfuil an t-airgead sin á thabhairt? An bhfuil an tAire sásta leis sin?

Is oth liom nach féidir liom níos mó a rá.

Top
Share