den Aire Oideachais céard atá dhá dhéanamh ag an Roinn Oideachais le seomraí breise a chur ar fáil do Scoil Náisiúnta Bhun a' Chorraig, Acaill, Contae Mhaigh Eo.
Written Answers. - Scoil Náisiúnta in Acaill (Maigh Eo).
317. D'Fhiafraigh
Cheadaigh mo Roinn, le déanaí, deontas i leith scéim leathnaithe do Scoil Náisiúnta Bhun a' Chorraigh, Acaill, Contae Mhaigh Eo. Is gnó anois é don ailtire atá fostaithe ag údaráis na scoile na mionliníochta a ullmhú agus an chuid eile den obair ailtireachta a dhéanamh i gcomhairle le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí i dtreo is go mbeifear in ann ceist tairiscintí a lorg don scéim a bhreithniú in am tráth.