Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Jun 1984

Vol. 352 No. 5

Written Answers. - County Donegal Employment.

398.

asked the Minister for the Gaeltacht the number employed in Údarás na Gaeltachta assisted factories in County Donegal at the end of May 1979, 1980, 1981, 1982, 1983 and 1984.

Is do lár agus do dheireadh bliana a bhailíonn Udarás na Gaeltachta sonraí i dtaobh fostaíochta sna tionscail faoina scáth. Tuigim ón Údarás gur mar seo a leanas líon na ndaoine a bhí ag obair go lánaimseartha i lár na mblianta a luaitear i dtionscail i nDún na Gall a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann nó ó Údarás na Gaeltachta:

1979

1980

1981

1982

1983

1,652

1,722

1,617

1,656

1,768

Tuigim gurbh é 1757 an líon sin i ndeireadh na bliana 1983.

399.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will outline Údarás na Gaeltachta plans to reduce the serious unemployment situation in the Donegal Gaeltacht.

400.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will outline his plans to create employment on Arranmore Island, County Donegal.

Tógfaidh mé Ceisteanna 399 agus 400 le chéile. Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun tionscail fhiúntacha a aimsiú d'fhonn fostaíocht bhreise a chur ar fáil i nGaeltacht Dhún na nGall ar a n-áirítear Árainn Mhór.

Top
Share