d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar eolas aige go bhfuil lagmhisneach ar bhaill agus ar fhoireann Udarás na Gaeltachta i ngeall ar an droch-íde a tugadh dóibh le gairid agus an inseodh sé céard atá leagtha amach aige le croí agus misneach a thabhairt dóibh dul i mbun oibre arís ar mhaithe le muintir na Gaeltachta.
Written Answers. - Foireann Údarás na Gaeltachta.
42. D'fhiafraigh
Ní ghlacaimse leis go bhfuil lagmhisneach ar chomhaltaí ná ar fhoireann Údarás na Gaeltachta. Tuigim, áfach, na deacrachtaí a bhíonn le sárú acu agus táim sásta cuidiú leo ar gach uile bhealach is féidir liom i dtreo go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú mar eagraíocht lánéifeachtach ar mhaithe leis an nGaeltacht agus lena muintir.