Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Jun 1984

Vol. 352 No. 5

Written Answers. - Réamh-Mhonarcha i gContae na Gaillimhe.

43. D'fhiafraigh

dAire na Gaeltachta (a) céard go díreach atá ar siúl sa réamh-mhonarcha i gCill Chiaráin faoi láthair; (b) cé na socruithe a deineadh leo siúd atá ag obair ann; (c) cén t-airgead atá á íoc mar chíos le hÚdarás na Gaeltachta; (d) ar tugadh léas dóibh siúd atá ina bhun agus, má tugadh, cé na téarmaí a leagadh síos dóibh.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil tionscal á lorg don fhoirgneamh sin agus, idir an dá linn, go bhfuil sé ligthe go sealadach ar cíos ainmniúil le Comharchumann Chonamara Thiar atá á úsáid mar stór le haghaidh earraí a bhíonn ar díol acu agus a fhostaíonn cibé daoine a bhíonn i mbun na seirbhíse sin. Tá dearbhú tugtha ag an gcomharchumann go ngéillfidh siad seilbh ar fhógra seachtaine agus, dá réir sin, beidh an foirgneamh ar fáil d'aon tionscnamh a aimseofar dó.

Top
Share