Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Jun 1984

Vol. 352 No. 5

Written Answers. - Monarcha i gConamara.

56. D'fhiafriagh

d'Aire na Gaeltachta (a) cén líon oibrithe atá ag obair faoi láthair i monarcha (sonraí tugtha) i gConamara; (b) cén deontas a tugadh do na príomhaithe le dul i mbun gnó agus (c) an bhfuil sé i gceist a thuilleadh daoine a fhostú.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil cúigear ag obair sa mhonarcha sin agus nár tugadh deontas don chomhlachta atá i mbun gnó inti ach go mbeidh deontas i gceist má thagann feabhas ar an margadh do na táirgí i gcaoi go mbeidh forbairt ar an tionscal agus ar an bhfostaíocht.

Top
Share