Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 13 Nov 1984

Vol. 353 No. 9

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

653.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will state in the case of a company (details supplied); (1) the total grants paid to the company by Údarás na Gaeltachta; (2) the total of any grants refunded arising out of the winding up of the company and the appointment of liquidators on 4 August 1982; (3) the loss sustained by Údarás na Gaeltachta as a result of this liquidation, as at 31 October 1984; (4) if Údarás na Gaeltachta has been given an up-to-date financial statement by the joint liquidators of the company.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nár thug sé cúnamh airgid don chuideachta áirithe a sonraíodh agus nach raibh íocaíocht ag dul dó uaidh.

654.

asked the Minister for the Gaeltacht arising out of his reply to Parliamentary Question No. 518 of 31 October 1984, the number of subsidiary companies operating under the Companies Act whose losses were cleared by Údarás na Gaeltachta and the total amount of Exchequer funds involved; the reason he is obliged to meet the losses of any subsidiary company of Údarás na Gaeltachta when he and the Údarás are both covered under the Companies Act in relation to limited liability.

Is de dheasca chaillteanais trádála a bhíonn fadhbanna airgeadais ag fochuideachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta de ghnáth. Faoi mar a mhínigh mé san fhreagra a luaitear, mura féidir na fadhbanna a réiteach trí na gnáthbhealaí tráchtála, tig leis an Údarás scaireanna breise a cheannach mar chabhair chun dliteanais inghlactha a ghlanadh. Nó b'fhéidir nach mbeadh ag teastáil ach caipiteal oibre breise. Is amhlaidh a thagtar ar chinneadh i ngach cás ar leith tar éis na gnéithe uile a bhreithniú. Mar shampla, d'fhéadfaí gnó a tharrtháil agus fostaíocht thábhachtach a choinneáil sa tslí sin. Ba dheacair teacht anuas ar fhigiúirí cruinne den chineál atá á lorg ag an Teachta. Ar ndóigh, bíonn eolas ar fáil faoin infheistíocht a dhíscrítear tar éis d'fhochuideachta éirí as trádáil.

655.

asked the Minister for the Gaeltacht arising out of his reply to Parliamentary Question No. 520 of 31 October 1984 whether or not the grant of £536,421 to GT Carpets Ltd., has been written off; if so, if he will confirm that the total write-off amounted to £4,461,947; and whether or not £170,000 formation capital of GT Carpets Ltd., has been written off.

Maidir leis na deontais a íocadh le Cairpéidí GT Teo tuigim ó Údarás na Gaeltachta nach bhfuarthas aon chuid díobh ar ais agus gur beag seans go mbeidh airgead fágtha le fáil ar ais ina leith.

Bhain an infheistíocht sa chuideachta, atá díscríofa in iomlán, le gnáthscaireanna agus scaireanna tosaíochta araon.

Top
Share