Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Dec 1984

Vol. 354 No. 11

Comhchoiste don Ghaeilge: Tairiscint.

Tairgim:

(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 7 gcomhalta de Dháil Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheap Seanad Éireann as a gcruthófar an Comhchoiste don Ghaeilge.

(2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh

(a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus

(b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne,

agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b).

(3) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Eireann, a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.

(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin.

(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist.

(6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fianaise a ghlacadh go poiblí agus miontuairiscí fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.

(7) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.

(8) Gur 4 chomhalta den Chomhchoiste is Córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Top
Share