Is cuimhin liom go ndúirt mise anseo ar Mheastachán na Gaeltachta cúpla bliain ó shin agus mé i ngleic leis an Teachta Kelly go nglacaimse go daingean gurb í tábhacht na Gaeilge ná go ndéanfadh sé níos fearr mar Éireannaigh muid dá mbeadh sí againn go léir. Mura raibh an tuairim sin agam, ní bheadh an tsuim atá agam sa Ghaeilge agus ag iarraidh é sin a chruthú is é an chéad rud ba cheart dom a dhéanamh ná comhghairdeas a dhéanamh leat féin de bhrí go raibh sé de mhisneach agat an Chathaoir a ghlacadh agus Gaeilge ar siúl agus comhghairdeas a dhéanamh leis an Teachta Carey gur tháinig sé isteach. Duine eile cosúil liom féin nach bhfuil Gaeilge aige ón gcliabhán ach go raibh air í a fhoghlaim agus go raibh sé de mhisneach agus de shuim aige freisin óráid a thabhairt is ea an tAire Stáit an Teachta Birmingham. Ba mhaith liom freisin chomhghairdeas a dhéanamh leis an gCeann Comhairle. D'admhaigh sé nach raibh dóthain Gaeilge aige, cheap sé, chun dualgaisí an phoist sin a chomhlíonadh ach feictear domsa ar a laghad go bhfuil sé fábhrach don Ghaeilge agus, tar éis dhá bhlian go leith, go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge aige anois ná mar a bhí agus é ag tosnú. Sin é an rud atá i gceist.
An rud is mó agus sinne anseo ag cur síos ar an nGaeltacht ná go bhfuilimid ag cur síos, measaim féin, ar an nGaeilge. Ní bheadh suim dá laghad agamsa sa Ghaeltacht marach go bhfuil an Ghaelilge ann, agus de bhrí gurb í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge teastaíonn uaim go bhfanfadh sí mar atá, go mbeadh sí ann i gcónaí.
Rinne an tAire tagairt don Roinn Oideachais agus an tionscal. De réir mar a fheictear domsa is é sin an áit ina bhfuil an locht. Níl a fhios agam an bhfuil sé ann d'aon ghnó ach caithfidh mé féin a rá pé Gaeilge atá agam gur fhoghlaim mé féin í i gcoinne thoil na scoile. Nuair a bhí mise ar scoil bhain na ceachtanna le slí maireachtála nach raibh aon scil agamsa iontu. Bhímís i gcónaí ag léamh agus ag fáil scéalta faoi iascaireacht agus sléibhte agus ag obair le caoirigh agus beithígh agus, faoi mar a dúirt mé, ní raibh scil dá laghad againne. Ní fhacamar an fharraige, ní fhacamar portach ar bith ach shílfeá, muna raibh tú in ann móin a bhaint, nach bhfaighfeá scrúdú ar bith. Sin an chaoi ina raibh sé. Níl mé ag cur milleáin ar éinne faoi leith mar gheall air sin, ach sílim go raibh botún uafásach ann gur tugadh le tuiscint nach raibh cead agat Gaeilge a labhairt, muna raibh tú sásta cloí le slí bheatha nár bhain leat féin.
Rud eile, maidir leis an nGaeilge ar scoil, shílfeá gur bhain sé le rudaí nár thug aon tsásamh do dhuine, nach raibh cead acu gáire a dhéanamh i nGaeilge. An fhilíocht, bhain sí le rudaí a bhí duairc agus gruama a chuirfeadh an páiste ag gol in ionad ag gáire agus ní maith an rud é sin agus tú ag iarraidh rud éigin a dhéanamh ar son teanga ar bith.
Rud eile a bhain leis, agus sin an fáth go bhfuil mé féin ag iarraidh daoine a mhealladh chun tabhairt faoin Ghaeilge, is cuma cé mhéid a bhíonn acu, agus mise ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim agus mé i gcomhluadar daoine ón nGaeltacht agus daoine nach iad, bhí mé i gcónaí den tuairim nach raibh na daoine sin sásta ceadúnas labhartha a thabhairt dom mar nach raibh mé ach ag iarriadh í a fhoghlaim agus bhídís ag caitheamh anuas ar mo chanúint, ag caitheamh anuas ar easpa coraí cainte agus rudaí mar sin agus á rá gur canúint na cathrach a bhí agam.
Chuirfeadh sin éadóchas ar dhaoine agus shílfeá gurb é a bhí i gceist ag na "purists" seo nach raibh cead ag duine í a labhairt ach, níos mó ná sin, ní raibh siad sásta saghas "L" plate a thabhairt duit. Munar eírigh leat a bheith chomh paiteanta i labhairt na Gaeilge ó thuas ní raibh fáilte romhat. Sin é an tuairim a bhí ag mo comráidí nach raibh sásta tabhairt faoi Ghaeilge a fhoghlaim. Anois sna scoileanna sin níos déanaí, chuir an Stát an dualgas ar an gcóras oideachais Gaeilge a chur á múineadh sna scoileanna ach ag an uair sin ní raibh taithí ag na múinteoirí agus thug siad faoi Ghaeilge a mhúineadh sa chaoi céanna agus a mhúin siad Gréigis nó Laidin agus ó mhaidin go hoíche bhí tú ag éisteacht leis an modh coinníollach, an gineadach uatha agus an gineadach iolra, agus ní raibh mise in ann fiú amháin an struchtúr gramadaí a thuiscint mar ní raibh aon tsuim agam inti. Agus murach go raibh sé de ádh orm go raibh múinteoir taistil i bhFionghlas, a thiocfadh ann istoíche agus a cheannódh as a phóca féin oráistí agus milseáin agus go rabhamar sásta tabhairt faoi Ghaeilge a labhairt ina chomhluadar, ní bheadh suim agamsa sa Gheilge nó pé Gaeilge atá agam ní bheadh sé ann mar, ag éirí as sin, thuig mé go raibh fáilte romham i gcomhluadar daoine a bhí ag labhairt Gaeilge agus nach raibh i gceist ach go ndéanfainn iarracht mo chuid tuairimí a thabhairt don duine eile pé slí gur éirigh liom é a dhéanamh. Níos déanaí nuair a chuaigh mé chun na Gaeltachta thuig mé é sin freisin agus ní raibh muintir na Gaeltachta ag cur ceisteanna orm faoin tuiseal ginideach nó an modh coinníollach, díreach mar a tharlaíonn sé inniu.
Tá daoine ann agus aithne agamsa orthu agus, a chathaoirligh, aithne agatsa orthu agus téann siad go dtí an Fhrainc nó go dtí an Ghearmáin. Tá Teachtaí Dála agus mise ina gcomhluadar agus mé san Fhrainc agus san Iodáil agus sa Ghearmáin agus níl ach b'fhéidir scór focal acu sa teanga sin ach tá siad sásta iarracht a dhéanamh faoin teanga sin a labhairt. Níl siad sásta tabhairt faoin nGaeilge cé go bhfuil na céadta focal acu ach tuiscint i bhfad níos fearr acu ar an nGaeilge. Aithním féin go dtéann sé sin ar ais go dtí an dearcadh a bhí ann nuair a bhí siad ar scoil nó mí-thuiscint atá orthu maidir le labhairt na Gaeilge. Mar a dúirt mise níos luaithe, ní bheadh aon suim agamsa sa Ghaeltacht murach go bhfuil an Ghaeilge ann mar mhodhcainte, meán cumarsáide agus níos tábháchtaí ná sin caithfimid smaoineamh, maidir leis an nGaeilge, go bhfuil an teanga sin níos ársa ná an Béarla. Is san teanga sin atá fealsúnacht na ndaoine go léir a chuaih romhamsa. Sin é an saibhreas is mó atá san teanga agus uair ar bith, tarlaíonn sé go minic, agus dul amú ormsa agus mise ag iarraidh mo bhreith a thabhairt ar rud ar bith, deinim iarracht dul ar ais san nGaeilge agus comhairle á fháil ón teanga sin, os na seanfhocail. Is ann a théinn níos luaithe ná mar a rachainn go dtí an Béarla nó teanga ar bith eile. Caithfimid smaoineamh air go bhfuil an teanga sin ann leis na céadta, leis na mílte bliain. Tharla sé gur imigh an t-aicme ard, gur cuireadh an ruaig orthu san agus gur imíodar agus nach raibh fágtha sa tír seo ach ná daoine bochta agus an teanga acu agus mar sin d'imigh an faisean ann agus is rud an-thábhachtach é an faisean. Ar an bpointe sin agus mé chun tagairt bheag a dhéanamh do scoláireachtaí ag dul chun na Gaeltachta, measaim féin go ndearna Gay Byrne níos mó ar son scoláirí a chur chun na Gaeltachta mar gur luaigh sé dhá uair i mo héisteacht fhéin le déanaí go ndeachaigh beirt ghasúr leis féin go dtí an Ghaeltacht anuraidh nó arú anuraidh agus é ag rá cé chomh sásta is a bhí sé leis an gcaoi ar éirigh leo sásamh a bhaint as an saol agus Gaeilge a fhoghlaim.
Ní maith liomsa bheith ag cur síos ar airgead a thugaimid do mná tí na Gaeltachta. Dhá bhliain ó shin nó trí bliana ó shin bhí iníon liom féin sa Ghaeltacht agus chuir sé an-díomá orm nuair a chuaigh mé ag tabhairt cuairt uirthi agus chonaic mé í istigh le suas le scór cailiní eile sa teach céanna, í féin le Béarlóirí eile agus céard a dhéanfaidís ach Béarla a labhairt? Tá sé an-deacair agus táimid ag obair in aghaidh na Gaeilge agus na Gaeltachta muna mbíonn ann ach cé mhéid airgid a thabharfaimid do na mná tí. Buntáiste amháin leis na scéimeanna sin nuair a bhí mise ag freastal orthu, ná nach mbíodh sna tithe ach b'fhéidir triúr nó ceathrar agus bhí fear an tí agus bean an tí sásta labhairt linn i nGaeilge. Ní raibh siad chomh gnóthach i rudaí eile. Smaoinigh ar bhean an tí sa Ghaeltacht agus í ag iarraidh béilí agus rudaí a ullmhú ar son scór cailíní nó buachaillí. Ní bheadh aon am aici Gaeilge a labhairt leo. Céard a tharlaíonn ná go gcuireann sí a clann féin go dtí iarthar na Gaillimhe, Maigh Eo nó áiteanna éigin eile ionas go mbeidh deis aici leabaí agus rudaí a chur ar fáil do na cuairteoirí. Ní bhíonn comhluadar an tí fiú amháin ag na daoine óga, agus is cailliúint mhór é sin. Bheinnse sásta a mholadh don Aire go dtabharfadh sé níos mó airgid do bhean an tí ar bith a bhéas sásta níos lú gasúir a ghlacadh, go mbeadh céimeanna ann agus bean an tí ar bith nach raibh ag glacadh ach le beirt, thabharfainn níos mó airgid di mar bheadh sí sásta rud éigin níos tábhachtaí ná béili nó leaba a thabhairt do na scoláirí sin; bheadh sí sásta an Ghaeilge a thabhairt dóibh.
Rinne mé tagairt ansin do Gay Byrne agus faisean. Fág an tír nó bí sa faisean. Sin rud, is trua liom nár bhain le labhairt na Gaeilge sa tír seo. Rud tábhachtach é, agus dúirt an Teachta Faulkner go raibh sé sásta lucht an press a fheiceáil anseo agus iad ag éisteacht. Tá sé sin an-tábhachtach. Tharla sé sna blianta atá caite nach mbíodh mórán le feiceáil sna páipéirí ag éirí as aon díospóireacht a bhí anseo trí Ghaeilge. Is maith liom go bhfuil an press anseo anois agus tá súil agam go mbeidh siad sásta a chur in iúl go raibh Teachtaí Dála anseo ag labhairt i nGaeilge maidir le cúrsaí a bhain leis an nGaeilge.
Rinne an tAire tagairt do thionchar na teilifíse. Measaim fhéin go mba cheart dó bheith ag smaoineamh ar airgead a chur ar fáil agus teilifís na Gaeltachta a chur ar fáil freisin. Mar a dúirt an Teachta Faulkner, sin dochar an-mhór na laethanta seo — an telly agus an Béarla istigh i lár an teaghlaigh. Tuigimid cé chomh maith agus a d'éirigh le Raidió na Gaeltachta agus molaim go mór Raidió na Gaeltachta. Molaim lucht "Féach" agus cláracha eile atá ar theilifís ach níl a ndóthain ann. B'fhearr liomsa airgead a chaitheamh ar theilifís na Gaeltachta a chur ar fáil ná rud ar bith eile. Tá mé cinnte go mbeadh an-tsuim ag lucht na cathrach agus daoine eile i dteilifís na Gaeltachta dá mbeadh sé ann, díreach mar atá suim acu i Raidió na Gaeltachta.
Caithfimid smaoineamh ar an raidió agus an teilifís atá ann. Muna mbeadh suim agat i gcúrsaí Afraic Theas nó An Lebanon nó Lár Mheiriceá, shílfeá nach raibh rud ar bith eile ag tarlú sa tír. Gach maidin agus mise ag éisteacht leis an raidió is rudaí a bhaineas le tíortha eile atá i gceist. Tá nuacht ag baint leis an Aetóip nó áit ar bith eile. Measaim fhéin go bhfuil muintir na hÉireann ag éirí as bheith ag éisteacht leis an raidió agus go bhfuil siad ag éirí éadóchasach faoin telly mar go mbíonn an oiread sin tagairt do rudaí nach mbaineann go díreach linn féin.
Nuair a bhí mise ag múineadh tháinig mé isteach i scoil — tá mé ag teacht ar ais ar an dochar atá ann — agus ní raibh saghas eagla ar mhúinteoirí cur síos ar rudaí seachas rudaí eile agus iad ag iarraidh Gaeilge a mhúineadh. Chuaigh mé féin isteach mar gur thuig mé nach mbeadh lucht na Roinne ina aghaidh. Bhí mé féin sásta labhairt leis na gasúirí, agus mé ag iarraidh "cosnochtaithe", míniú an fhocail abair a chur in iúl, in ionad cur síos ar bhean ón Ghaeltacht agus í ag siúl cosnochtaithe ar na bóithre sa Ghaeltacht, rinne mé tagairt do Sandy Shaw ar ardán agus í ag amhránaíocht agus í cosnochtaithe, mar gur thuig na daoine óga ag an uair sin go mbíodh Sandy Shaw ag amhránaíocht agus í cosnochtaithe. Ní raibh aon leisce orm labhairt leis na lads nó leis na cailíní sa scoil faoi chips a cheannach i nGaeilge, faoi cónai i flat i nGaeilge, faoi cur síos ar Dickie Rock nó ar Johnny Giles ar an uair sin i nGaeilge, bheith ar cur síos ar sacar nó ar rud ar bith a raibh suim ag an ngasúr ann. Sin é an deis is fearr chun suim na ngasúr a mhúscailt. Ní dhéanfaidh tú go deo é agus tú ag iarraidh a mhúineadh dóibh cén chaoi a n-oibríonn an túirnín lín, rud nach bhfaca siad riamh cheana. Tá seans níos fearr agat é a dhéanamh trí rud a bhfuil baint acu leis.
Bhíodh "Fiche Ceist" agus rudaí mar sin ar siúl agus chonaic mé go raibh i bhfad i bhfad níos mó suime ag na gasúir bheith ag éisteacht liomsa ag plé leis na rudaí sin agus go raibh Gaeilge á fhoghlaim acu seachas iad a bheith istigh le múinteoir eile a bhíodh i gcónaí ag cur síos ar an modh coinníollach nó briathra neamhrialta. Tá daoine ag freastal ar an ollscoil agus ní thuigeann siad i gceart briathra neamhrialta. Cén fáth go mbimís i gcónaí ag tosnú leis an rud deacair? Shílfeá nach raibh i gceist againn ach lagmhisneach a chur ar na gasúirí. Leithscéal a bhí ann an uair sin, b'fhéidir, nár thuig na múinteoirí a mhalairt ach tuigeann siad anois é. Ba cheart dúinne é sin a chur in iúl dóibh, gur cuma linne cén t-ábhar a bhíonn ann an fhad is a bhíonn siadsan ag iarraidh deis a thabhairt do na gasúir Gaeilge a labhairt agus suim a bheith acu sa Ghaeilge.
Ní féidir liom suí síos gan clamhsán éigin a dhéanamh agus tá mé saghas consistent sa mhéad seo. Dúirt mé ó chianaibh gurb é buntáiste a bhí ag baint leis an nGaeilge ná go ndéanfadh sé níos fearr mar dhaoine muid.
Anuraidh agus arú anuraidh agus níos buailte ná sin chuir sé fearg agus díomá ormsa agus mé ag éisteacht le daoine ag cur síos ar dheacrachtaí, ar thrioblóidí agus, b'fhéidir ar pheacaí Údarás na Gaeltachta. Bhí sé ráite anseo ag daoine — agus shíl mé nach raibh siad ag déanamh maitheasa don Ghaeltacht ná do rud ar bith sa tír seo — i gcónaí nach raibh peacaí sa tír seo ach sa Ghaeltacht, nach raibh peacaí in údarás ar bith ach in Údarás na Gaeltachta. Tá peacaí i ngach áit a mbíonn daoine. Ach b'fhéidir gur thug Údarás na Gaeltachta agus daoine a bhain leis cúis casaoide do na daoine sin, agus fiú amháin le déanaí. Ag an uair sin séard a bhí i gceist shilfeá ná an taobh seo ag tabhairt faoin taobh sin. Ach anois tá an scéal níos measa mar tá daoine atá istigh sa taobh sin ag tabhairt faoin Ghaeltacht. Ní dhéanfaidh sé sin maitheas don Ghaeltacht ná do Údarás na Gaeltachta ná do "chúis na Gaeilge" mar a thugaimid air.
Anois ta muid ag éisteacht le duine nó daoine a rá nó mise ag léamh sa pháipéar, go mbaineann, b'fhéidir, an post is tábhachtaí maidir le Údarás na Gaeltachta le cúrsaí polaitíochta amháin nó go raibh saghas tuisceana ann dá mbeadh duine áirithe sásta votaí a bhailiú do pháirtí ar bith go bhfaigheadh sé mar chúiteamh an post tábhachtach sin. Ní maith an rud é sin agus déanann sé an-dochar. Sin é an fáth go mbíonn daoine ag rá go bhfuil sé in am, b'fhéidir, gan a thuilleadh airgid a thabhairt do lucht na Gaeltachta mar go bhfuil an saghas caimiléireachta seo in ainm a bheith ann.
Níl a fhios agam nuair a bheidh an tAire ag freagairt an bhfuil sé chun tabhairt faoi sin. Is féidir leis an Aire é féin a chosaint faoi rudaí a dúradh faoi é féin agus faoin Taoiseach ach bhí sé saghas intuigthe go raibh an post sin le fáil nó ar fáil do dhuine mar chúiteamh polaitíochta. Ní maith an rud é sin agus ní hé an sampla go mba mhaith liomsa a bheith ag tabhairt. Bheadh sin le rá agam ba chuma cén Rialtas a bheadh ann mar ní éireoidh linn fhad agus bhéas an dearcadh sin ag na daoine agus, níos tábhachtaí ná sin, nuair a bhéas cruthúnas acu go bhfuil sé sin i gceist.
Tuigim go bhfuil mo chara Tomás Mac Giolla le teacht isteach. B'fhéidir go bhfuil daoine eile ag teacht isteach. Tuigim nach dtiocfaidh an tAire isteach go dtí 3.30 agus beidh mé féin réidh le mo chuid smaointe taobh istigh de dhá nó trí nóiméad agus tá súil agam go mbeidh dóthain ama ag an Teachta Mac Giolla ina dhiaidh sin.
Ní gá domsa a rá go bhfuil slí maireachtála agus caighdeán áirithe tuillte ag muintir na Gaeltachta. Tá sé sin intuigthe. Ní féidir linn a bheith ag iarraidh nó a bheith ag súil go mbeadh muintir na Gaeltachta sásta le haon ísliú sa chaighdeán maireachtála. Caithfimid a bheith aireach, b'fhéidir go raibh an oiread sin le fáil maidir le tithíocht, go raibh daoine ann agus gur oibrigh siad é sin ar a son féin seachas ar son na Gaeilge. Tá a fhios agam féin in áiteanna sa Ghaeltacht, de bhrí go raibh na deontais sin ar fáil, gur thóg daoine tithe ann ionas go mbeadh buntáiste acu féin nár bhain le leathnú ar bith den teanga nó rudaí a bhain leis an nGaeltacht. Is dóigh go mba cheart dúinn a bheith cúramach maidir le rud ar bith a bhíonn ar fáil.
Mar fhocal scoir, ní ceart go dtiocfadh tionscal ar bith sa Ghaeltacht muna mbeadh muidne sásta go bhfuil an Ghaeilge ag na daoine a bhéas i bhfeighil an tionscail sin. Is féidir a fheiceáil go bhfuil Gaeilge sna monarchana, maith go leor, go bhfuil Gaeilge ag b'fhéidir rúnaí ón áit, ach tarlaíonn sé go han-mhinic, nach mbíonn an oiread sin Gaeilge ag na daoine go mbíonn na postanna móra acu. Nílímid ag tabhairt an dea-shampla do lucht na háite má fheiceann siad é sin go mór mhór nuair is eol dúinn go bhfuil fuíollach daoine sa Ghaeltacht anois agus na cailíochtaí acu dul i mbun rud ar bith, is cuma cén áit, sa Ghaeltacht, sa chathair nó ar an Mór-roinn é agus má tá tionscail ag teacht isteach agus muna bhfuilimid in ann a thaispeáint go bhfuil Gaeilge ag an té ina mbun sin agus é ag teacht isteach, ba cheart moill a chur air go dtí go mbeadh duine ón áit nó duine go mbeadh ar a chumas a chuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge.
Is féidir liom a rá nach raibh mé dian ar an Aire sa chaoi a tharlaíonn anseo go minic agus muid ag caitheamh anuas. D'fhéadfainn a lán eile a rá ach táim den tuairim céanna a bhí agam sula tháinig mé isteach sa Teach, ó tháinig mé isteach. Ba mhaith an rud é dá dtuigfimís go léir céard tá taobh thiar den Ghaeilge, go dtuigfimís go léir an saibhreas atá ann, a bhaineann le rudaí seachas aitheantas mar Éireannaigh. D'fhéadfaimís aitheantas mar Éireannaigh a fháil dá gcaithimís éadaí faoi leith, dá gcaithimís an seamróg i gcónaí. An fhealsúnacht a thagann chugainn ó na hÉireannaigh go léir a chuaigh romhainn — ins an Ghaeilge amháin atá sé sin le fáil, i gcaoi nach bhfuil sé le fáil in áit ar bith eile agus tá mise lán cinnte dá dtuigimís i gceart é, is cuma má táimid in ár suí ar an taobh eile nó ar an taobh seo, bheimís níos fearr mar Éireannaigh. Go raibh maith agat.