Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 14 Nov 1985

Vol. 361 No. 10

Written Answers. - Irish Hotels Group.

27.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will state in regard to the Irish hotels group consisting of Derrynane, Reenroe, Carraroe, Dún an Óir, Glenbay hotel and Glencolmcille holiday village the total of all grants paid by the State to the group as a whole; the amount of share capital invested in all the hotels; the cumulative profit or loss of all the hotels as at 31 December 1984; the number of hotels sold in the group; and the total amount realised for the sale of the hotels and the net loss arising out of such sales.

(1) Tá an t-eolas is déanaí atá foilsithe faoi infheistíocht Údarás na Gaeltachta in óstáin ina bhful scaireanna aige faoi láthair — i.e. Sonas Teo. (Óstán Dhún an Óir), Ostlanna Gaeltearmann Teo. (Óstán Dhoire Fhionáin), Teachíní Chonamara Teo. (Óstán na Ceathrú Rua) agus Óstáin na hÉireann Teo. (Óstán na Sceilige) — le fáil i Sceideal 1 a ghabhann le Tuarascáil agus Cuntais an Údaráis do 1984. Suim £2,130,630 a bhí infheistithe i scaireanna ag 31 Nollaig 1984. Tá scaireanna an Údaráis dar luach £91,945 i gcomhlacht arbh leis Óstán Ghleann Bhé agus Teachíní Saoire Ghleann Cholm Cille agus scaireanna Ghaeltarra Éireann dar luach £61,375 in Óstán Rinn Tua Teo. díscríofa. D'íoc mo Roinnse suim £197,273 mar dheontais fhorlíontacha anuas ar dheontais ó Bhord Fáilte Éireann i leith na n-óstán atá luaite ag an Teachta agus aisíocadh suim £10,000 as na deontais a íocadh i gcás Óstán Ghleann Bhé agus Teachainí Saoire Ghleann Cholm Cille. (2) Is cuideachtaí príobháideacha iad na hóstáin ina bhfuil scaireanna ag an Údarás agus ní gnách a dtorthaí trádála a fhoilsiú. (3) Tá Óstán Dhoire Fhionáin á dhíol ar bhonn léasála/ceannacháin thar thréimhse 11 bhliana le daoine príobháideacha agus tuigim ón Údarás nach mbeidh caillteanas ann ar an bpraghas díolacháin.

Top
Share