den Aire Cosanta an dtabharfadh sé eolas cruinn don Dáil ar gach cúrsa san Arm agus san FCA atá ar fáil i nGaeilge.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúrsaí Trí Ghaeilge San Arm.
Tá aonad faoi leith san Arm — An Chéad Cathlán, Dún Uí Mhaoilíosa, Gaillimh — a labhraíonn Ghaeilge i gcoitinne. Déantar gnó agus cúrsaí traenála an aonaid sin trí Ghaeilge de ghnáth.
Maidir leis an bhFórsa Cosanta Áitiúil, tá complachtaí coisithe faoi leith i gCeannasaíochtaí an Oirthir agus an larthair ina ndéantar cúrsaí traenála trí Ghaeilge. Chomh maith leis sin úsáidtear Gaeilge i gcúrsaí ardú céime do shaighdiúirí singil má bhíonn go leor éilimh orthu.
Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire an bfhuil a fhios aige go raibh cúrsa á chur ar fáil i mBeairic Uí Ghríofa anseo i mBaile Atha Cliath le gairid ar son daoine a chuir cúrsa ar fáil do bhaill an FCA agus go bhfuair siad ordú gan an cúrsa sin a chur ar fáil i nGaeilge?
Bíonn cúrsaí Gaeilge ar fáil sa 25ú Cathlán Coise, Complachtaí K agus B, i mBeairic Uí Ghríofa.